"Síleann muid go léir nach bhfuil sé de cheart againn an Ghaeilge a labhairt muna bhfuil sé go líofa againn, muna bhfuilimid sáite i bPobal Gaelach".
Le déanaí, tá feachtas teanga faoi lán sheoil ag an gCumann Gaelach in UCD. Teastaíonn ón gCumann Gaelach an Ghaeilge a spreagadh i measc na scoláirí ar fad. An aidhm atá acu ná go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil go laethúil ar fud an champais. Bhí ceist curtha ag an gCumann ar léachtóirí UCD focal nó dhó den ghaeilge a úsáid agus iad ag múineadh. Sa tslí seo, is féidir normalú a dhéanamh ar an teanga.
An tslí is fearr chun normalú a dhéanamh ar an teanga ná chun a bheidh báite sa teanga. Má tá focal nó dhó den Ghaeilge caite isteach sna ranganna gan ruaille buaille, beidh seans níos fearr go rachaidh na scoláirí i dtaithí ar an teanga. Táimid ag brath ar daoine óga na tíre seo chun an teanga a choinneáil beo. Chun é seo a chinntiú, is gá dúinn suim daoine óga na tíre seo a mhúscailt sa Ghaeilge. Tá gá leis an nGaeilge a thógáil amach óna ranganna agus é a chloisteáil thar timpeall na háite chun meon na scoláirí a athrú. Tá meon ann nach mbíonn an Ghaeilge a úsáid ag duine ar bith taobh amuigh den sheomra ranga. Is é fírinne an scéil ná go mbíonn sé a úsáid go laethúil ag roinnt mhaith daoine. Le himeacht na blianta tá i bhfad níos mó deiseanna fostaíochta le fáil sa Ghaeilge, ní hamháin sa mhúinteoireacht. Má raibh an tuiscint seo ag daoine óga na tíre seo, seans an mhaith go mbeidh níos mó suime acu sa teanga.
Is léachtóir le Fealsúnacht an Oideachais í Áine Mahon i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ón mbliain 2015, tá sí mar ollamh cúnta i Scoil an Oideachais agus bíonn Fealsúnacht na Litríochta a mhúineadh aici chomh maith le Fealsúnacht an Oideachais. Tá an Ghaeilge an-tábhachtach di agus sa bhliain 2019 bhí dioplóma faighte aici sa Ghaeilge Fheidhmeach. Tá an feachtas ón gCumann Gaelach a chur chun cinn aici sna ranganna ionas go rachaidh na mic léinn i dtaithí ar an teanga. Seo cad atá le rá aici faoin bhfeachtas agus an Ghaeilge.
Cad a cheapann tú faoin bhfeachtas seo atá faoi bhun ag an gCumann Gaelach?
Is mór agam an feachtas seo. Is smaoineamh iontach é. Nach álainn an rud é dá mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil go forleathan ar champas. Ceapaim uaireanta nach mbíonn an spreagadh ann do léachtóirí rudaí mar seo a dhéanamh. Ag caint dom féin, bhí ríméad an domhain orm nuair a fuair mé an ríomhphost sin agus thug sé an spreagadh agus an smaoineamh dom é a dhéanamh. Ní raibh an smaoineamh agam é a dhéanamh cheana féin. Thug sé muinín dom é a dhéanamh.
Ó thaobh do thaithí féin leis an nGaeilge, cén fáth gur bheartaigh tú dioplóma a dhéanamh sa teanga?
Bhuel, bhí dúil i gcónaí agam sa Ghaeilge agus mé ag freastal ar scoil. Ar chúis amháin nó ar chúis eile nuair a fhreastal mé ar an ollscoil lean mé orm leis an mBéarla agus leis an bhFealsúnacht. Bhí an Ghaeilge saghas mar ‘road not taken’ agam ach is múinteoir Gaeilge í mo mháthair agus mo dheartháir agus tá an-suim agam sa Ghaeilge. Tá sé i gcónaí liom, tá sé i gcónaí mórthimpeall orm. Breathnaím ar TG4 agus éistim le Raidió na Gaeltachta. An spreagadh is mó a fuair mé ná i 2017 bhí tionól Gaeilge eagraithe ag Bord na Gaeilge i UCD. Bhí sé ar feabhas. Seachtain amháin a bhí i gceist leis i mí Iúil. Bhí léachtaí agus ranganna Gaeilge ann. Bheartaigh mé freastal ar an tionól agus bhain mé an méid sin taitneamh agus tairbhe as. Níl aon rud eile le rá ach gur thit mé i ngrá leis an nGaeilge. Bhí mé mar pháiste beag an tseachtain sin agus rinne mé cinneadh láithreach filleadh ar an nGaeilge. Mí Mheán Fómhair ina dhiaidh sin rinne mé cinneadh láithreach freastal ar an dioplóma. Nuair a tháinig mé amach óna ranganna, tháinig mé amach ag canadh. Bhí mé i ngrá leis an teanga.
Dár leat, an bhfuil meon diúltach ag daoine óga na tíre seo faoin nGaeilge?
Is ceist dheacair í sin. Is dócha go bhfuil ag cuid acu. Is teanga dhúshlánach í an Ghaeilge gan dabht. Tá grá ann freisin. Tá grá ag daoine óga don teanga. Is rud iontach é chun buaileadh le daoine óga atá tar éis staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge anseo in UCD, agus an grá sin atá acu a fheiceáil. Tá deacrachtaí ann ach tá an grá ann freisin.
Conas gur féidir linn an meon dochta seo atá ag daoine faoin nGaeilge a shárú?
Ceapaim féin go bhfuil an-chuid bagáiste ag baint leis an nGaeilge. Síleann muid go léir nach bhfuil sé de cheart againn an Ghaeilge a labhairt muna bhfuil sé go líofa againn, muna bhfuilimid sáite i bPobal Gaelach. Ach ceapaim go bhfuil sé mar dhualgas againn an bagáiste sin a chroch suas agus an muinín sin a chruthú ionann féin. Níl mé cinnte cén sórt freagra atá ar an gceist sin ach chun triail a bhaint as an nGaeilge agus fáil réidh leis an mbagáiste sin go léir. Má tá mise, mar léachtóir ag seasamh suas agus ag rá “níl an Ghaeilge go foirfe agam, níl sé go líofa agam ach tá grá agam di agus táim chun triail a bhaint as”. Is gá leis an leochaileacht sin a chur ar taobh amháin agus léim isteach.
Le léachtóir mar Áine Mahon atá ag chur an Ghaeilge chun cinn, seans an-mhaith go mbeidh an-rath ag baint leis an bhfeachtas seo.