Tír gan teanga, tír gan anam: Léirmheas ar an scannán Kneecap (2024)

Image Credit: Kneecap (2024) by Sony Picture Classics

Le tagairtí d’úsáid drugaí, ghnéas agus thóin DJ Próvaí, is cinnte nach gnáthscannánéireannach é an scannán Kneecap (2024)

Le tagairtí d’úsáid drugaí, ghnéas agus thóin DJ Próvaí, is cinnte nach gnáthscannán éireannach é an scannán Kneecap (2024). “Teanga a thógann scéalta, scéalta a thógann náisiún, seo ár scéal” a deir Mo Chara (ball den bhanna ceoil) ag deireadh an scannáin, agus is scéal tábhachtach le léargas as cuimse ar shaol i mBéal Feirste é an scéal seo. Stiúrtha ag Rich Peppiat, insítear scéal leathfhicseanúil an bhanna ceoil hip-hop Kneecap trí mheán na gaeilge agus an bhéarla sa scannán seo.

“Ceasefire babies” an t-ainm a thugann Mo Chara ar a ghlúin sa scannán seo. Is i ndiaidh na dTrioblóidí in iarthar Bhéal Feirste a rugadh Naoise Ó Cairealláin, nó Móglaí Bap, agus Liam Óg, nó Mo Chara; áit a bhfuil clú agus cáil uirthi mar áit phoblachtach. Ba é Michael Fassbender a rinne páirt athar poblachtaigh Móglaí Bap, agus ní haon ionadh gur thug sé léiriú ar fheabhas. Ach, ba iad Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí a sheas amach dom mar gheall gurbh iad féin a rinne a gcuid páirteanna ina ainneoin nach aisteoirí iad.

Chomh maith leis an aisteoireacht, is fiú go mór é ardmoladh a thabhairt don léiriúchán fíorchruthaitheach atá le feiceáil sa scannán freisin. Úsáideadh beochan bríomhar agus spraíúil tríd an scannán ar fad, ach is dóigh liom gurbh é an radharc stop-motion an radharc is suntasaí. Sa radharc seo, rinneadh beochan stop-motion den triúr gaeilgeoirí agus iad ar na ribí ar drugaí ag déanamh a ndíchill labhairt leis an radio-plugger. Rinneadh an beochan ar bhealach úrnua agus osréalach; rud a chuir go mór le hatmaisféar an radhairc.

Ina theannta seo, caithfear tráchtaireacht a dhéanamh ar an gceamaradóireacht agus eagarthóireacht an-cliste freisin. Rinneadh eagarthóireacht na seatanna ceamara ar bhealach an-spleodrach agus tapa, rud a ghluasaigh an scannán ar aghaidh go tapa. Lena chois seo, is díol suntais é an reacaireacht sa scannán. Ba é Mo Chara a rinne an reacaireacht, stíl reacaireachta rógaire cosúil leis an gceann i scannáin amhail Human Traffic (1999) agus Trainspotting (1996).

bhí sé iontach deas a fheiceáil go bhfuil scannán nua, éireannach ann a léiríonn go bhfuil áit ag an gaeilge i gcathracha nó áiteanna uirbeacha, cosúil le Béal Feirste.

Mar sin féin, is é difríocht soléir idir an stíl reacaireachta Kneecap agus scannáin eile amhail Human Traffic agus Trainspotting ná úsáid na gaeilge ar ndóigh. Scannán dátheangach suite i mBéal Feirste is ea é an scannán seo. Is fiú é a lua nach iomaí scannán atá ann ar an gcaoi sin. Mar gheall air seo, bhí sé iontach deas a fheiceáil go bhfuil scannán nua, éireannach ann a léiríonn go bhfuil áit ag an gaeilge i gcathracha nó áiteanna uirbeacha, cosúil le Béal Feirste.

É sin ráite, dá mbéadh orm gearán amháin a dhéanamh faoin scannán, ba bhreá liom dá bhforbrófaí an caractar Caitlin, an gníomhaí teanga agus bean DJ Próvaí. Caithfear a rá go ndearna Fionnuala Ní Fhlatharta sárjab ina ról mar ghníomhaí polaitiúil a bhí ar tóir cearta teanga ar son na gaeilge. Ach, ba shuimiúla liom dá bhforbrófaí an snáithe scéal a bhain leis an gcur chuige difriúil a bhí aici i leith dul chun cinn na Gaeilge, i gcomparáid le cur chuige Kneecap cuir i gcás.

Agus amhrán sean-nós á sheinm, deir an reacaire Mo Chara 'Every word spoken is a bullet, I reckon everyone’s fired enough bullets now.' Is léargas iontach é an líne seo ar mheon an bhanna ceoil i leith na gaeilge.

Pé scéal é, is fiú é labhairt faoi theachtaireacht an scannáin. Is léir ó gach radharc sa scannán seo go ndearnadh slám oibre chun an scannán seo a chruthú agus is é mo bharúil gur cruthaíodh é chun ceilliúradh a dhéanamh ar chultúr na nGael. Sílimse go bhfuil sé seo soléir ag deireadh an scannáin cuir i gcas. Agus amhrán sean-nós á sheinm, deir an reacaire Mo Chara “Every word spoken is a bullet, I reckon everyone’s fired enough bullets now.” Is léargas iontach é an líne seo ar mheon an bhanna ceoil i leith na gaeilge. Léiríonn sé nach síleann siad gur rud foréigneach nó radacach í an ghaeilge. Ach, a mhalairt ar fad atá fíor mar gheall gur rud lárnach d’fhéiniúlacht agus d’oidhreacht gaeilgeoirí iad an ghaeilge agus cultúr na nGael i ndáiríre.

Ar an iomlán, is scannán den scoth agus lán le haicsean, greann agus léargas ar shaol i mBéal Feirste agus chultúr na nGael é an scannán Kneecap. Le gradam buaite ag Fleadh Scannáin na Gaillimhe 2024, is dócha gurb é an rud is draíochtúla den scannán ná an meascán d’éirim agus d’amaidí, nó fiú de léargas agus spraoi. Ar aon nós, mura bhfuil sé feicthe agat cheanna féin, molaim go mór do chuile duine féachaint ar scéal agus scannán Kneecap.