Le comóradh bliana roinnt clár teilifíse ag tarlú faoin am seo, caitheann Síofra Ní Shluaghadháin súil ar todhchaí na teilifíse i réimse an t-idirlíonCad é a rinne tú oíche Aoine/Sathairn/Domhnaigh seo thart? Is ceist é seo a thagann suas go minic maidin Luain. Ar feadh na mblianta fada, bhí freagra measartha coitianta ar; “Bhí muid ag amharc ar an teilifís.” Idir drámaí, sobal drámaí, spóirt agus fiú an nuacht, tá an bosca sa chúinne mar pháirt lárnach de shaol laethúil na nÉireannach. Ach, an bhfuil sé seo ag athrú?Tá cuimhne ag gach duine ar cláranna éagsúla, teilifís atá anois íocónach. Is deacair le creidiúint go bhfuil comóradh fiche bliana i ndán i mbliana don tsraith dodhearmada Friends, dráma grinn suímh atá anois mar mhúnla don seánra sin. Tar éis taifeadadh de deich sraith do NBC, tá sé fós á chraoladh inniu, deich mbliana tar éis a chríoch.Níos deacra fós le creidiúint ná sin, áfach, ná go bhfuil scaifte eile de chomóradh dá leithid ag teacht anuas gan mhoill; Desperate Housewives (10 mbliana), deireadh le Sex and the City (10 mbliana) agus The Sopranos (15 bliana). Anseo in Éirinn, tá an sobal dráma Fair City ag ceiliúradh chomh 25 bliana ar an aer i mbliana.Ach, sin ráite, is deacair le samhladh go mbeidh a leithid de chomóradh i gceann 10, 15 nó 20 bliain faoi choinne cláranna teilifíse an lae inniu. Gan dabht, tá nádúr an teilifís ag athrú. Tá an ráta de dhaoine a amharcann ar cláranna sceidealta ag ísliú bliain i ndiaidh bliana. Ina áit, tá úsáid de sheirbhísí cosúil le Netflix agus Sky+ ag ardú. Tugann a leithid de na seirbhísí seo an rogha do dhaoine amharc ar cláranna cibé am is mion leo, agus tá éileamh ar na seirbhísí seo ag méadú sa chaoi go bhfuil cláranna anois a dhéanamh agus a chraoladh go heisiach trí na meáin seo. Sampla de seo is ea é an tsraith dhrámaíochta Orange is the New Black. Craoladh a chéad dá shraith den chlár seo (lonnaithe i bpríosúin na mbán sna Stáit Aontaithe) go heisiach ar Netflix, agus fillfidh sé ar an meán sin go luath i 2015.Cad é faoin lá atá inniu ann? An mbeidh a leithid ann den radharc traidisiúnta de chlann os comhair na teilifíse, ag argóint faoin rogha cláir? Nó an mbeidh sé mar atá ag tarlú cheana féin; daoine ag amharc ar cláranna ar an idirlín, duine ar dhuine. An bhfeicfidh muid díospóireacht faoi ábhar The Late Late Show maidin Dé Luain a thuilleadh? Ní féidir linn tada a dhéanamh, ach fanacht.Gluais:Scaifte- crowdEisiach- exclusive