Todhchaí na Gaeilge sa chóras Oideachais

Bhí mórán pléite sna meáin thar an tSamhradh mar gheall ar an Ghaeilge agus an áit atá aici mar ábhar éigeantach don Ardteist, ag dul ar aghaidh. B’é tuairisc scríofa ag an National Council for Curriculum and Assessment (NCAA) a tharraing ard ar scoilt idir daltaí meánscoile a cheapann gur cheart an ábhar a choimeád mar atá, agus daltaí atá i bhfabhar fáil réidh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach. Na mílte coimhlintí a tharla ar líne; ar Facebook agus Twitter ach go háirithe, mar gheall ar an ábhar. Truflais ab ea an chuid is mó, mar a bhíonn, ach thug sé le fios go bhfuil meoin áirithe i leith na Gaeilge ag cuid mhór den tsochaí.

Aontaím leis an tuairim nach bhfuil an cúrsa Ghaeilge foirfe agus go bhfuil géarghá uasdhátú a dhéanamh ar. I bpolla déanta le níos mó ná 20,000 duine ag TheJournal.ie, dúirt 42.9% dóibh siúd a fhreagar nar chóir don Ghaeilge a bheith mar ábhar éigeantach don Ardteist, i gcomparáid le 43.8% a cheapann gur chóir. Ach sa pholla céanna, dúirt 11.8% gur cheart an t- ábhar a roinnt i ndá chuid; ábhar amháin, a mhúinfeadh an teanga agus cultúr, a mbeadh éigeantach agus ábhar eile, a mhúinfeadh litríocht agus filíocht, a mbeadh roghnach.

Cé go dtuigim an mhéid atá i gceist le scoilt an ábhair, ní aontaím leis an tuairim. Níos mó ná stór focail agus liosta rialacha ghramadaí í an Ghaeilge. Is meáin í ár dteanga ársa muid a cheangail lenár ngaolta a tháining romhainn. Nuair atáimid ag léamh dánta de chuid Seán Ó Riordáin agus Pádraig MacSuibhne, nílimid amháin ag foghlaim stuif a bhéas úsáideach ar theacht mí an Mheithimh, táimid ag léamh faoin mbunachar ar a bhfuil ár dtír is ár ndaoine cruthaithe.

Bhí caint mar gheall ar “éilíteachas” na scoileanna lán-Ghaelacha le feiceáil ar-líne thar an tSamhradh. Má roinntear an t-ábhar ina dhá chuid, laghdódh sé sin an nós go bhfuil scoilt soiléir idir daltaí a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaelach agus siúd nach fhreastalaíonn. Le fás an daonra atá le teacht sna mblianta atá romhainn, tá sé i gceist ag an rialtas 42 scoil nua a bhunú faoin mbliain 2022, méid áirithe dóibh siúd a bhéas ina Ghaelscoil. An gciallaíonn sé seo go bhfuil deis ag na daltaí sna Ghaelscoileanna leas a bhaint as staidear ar litríocht an Ghaeilge nach mbeadh ar fáil dóibh siúd i scoileanna eile? Ní roghnódh daltaí nach bhfuil Gaeilge líofa acu staidéar a dhéanamh ar an litríocht, tá an méid sin soiléir. Táimid ag iarraidh athbheochan an Ghaeilge a spreagadh fud fad na tíre , ní amháin sna Gaelscoileanna. Cruthódh scoilt san ábhar Ardteiste scoilt go bhforleathan sa tír a dhúnfadh cuid mhór den daonra amach ón oiread atá le táirgeadh ag an teanga.

Ní hé sin le rá nach bhfuil athrú ag teastáil, ní hamháin ag an gcúrsa Ghaeilge, ach ag an gcúrsa Ardteiste ina iomlán, ní chuideoidh scoilt an ábhair le seo. Tá gá leis an gcúrsa mbéalscrúdaithe a uasdhátú, ach go háirithe, chun díriú isteach ar an gcomhrá in ionad sraith pictiúirí a fhoghlaim de ghlan mheabhair. Fós, más é go bhfuil leasú as cuimse á dhéanamh ar ábhar amháin, is gá leasú a dhéanamh ar an gcóras in iomlán.

Ag labhairt ar the Hard Shoulder, clár raidió de chuid Newstalk ar an 30 Iúil i mbliana, dúirt iar-Uachtarán Ollscoil Luimnigh, Ed Walsh: “I would suggest that we give every encouragement and support to those students who want to study Irish - but for the majority who don't... we should recognise reality.” Mhol sé freisin achmhainní a aththreorú agus a dhírigh ar teangacha Eorpach, nua-aimseartha agus teangacha ar nós Mandarínis. Tá an t-Uasal Walsh den tuairim: “The language has not been restored,” rud atá amhrasach nuair a ghlactar le fiannaise réadúil.”

Tá gluaiseachtaí shóisialta i leith an Ghaeilge ag tosú mórthimpeall na tíre. Faoi stiúr ghrúpaí ar nós Siansa Gael Linn, tá obair na gcapall á dhéanamh acu chun an teanga a scaipeadh le ranganna, imeachtaí shóisialta agus céiliúratha mar gheall ar an nGaeilge. Le roinnt blianta anuas tá sár-rath i ndiaidh teacht ar imeachtaí ar nós Pop-Up Gaeltachtaí , atá le feiceáil i ngach rinn don tír. Tá an Ghaeilge ag dul faoi bhláth go shóisialta agus tá sé á labhairt in áiteanna nach mbeadh sé á labhairt roimhe seo; i dtithe tabhairne na cathrach, mar shampla. B’fhéidir nach bhfuilimid fillte ar na laethanta roimh An Ghorta Mhór ina raibh Gaeilge á labhairt go bhforleathan, i ngach áit taobh amuigh den Pháil, ach siúil thart ar Chlub Conradh na Gaeilge, nó ar Phop-Up Gaeltacht ar oíche Déardaoin agu feicfeá nach bhfuil athbhunú na teanga i ndiaidh teipeadh.

Le déanaí, nochtaigh an t-Aire Oideachas, Joe McHugh, go bhfuil sé ar intinn ag an t-Aireacht Oideachais rialacha níos boige i leith díolúnaithe ón ábhar a fháil i gcás daltaí le deacrachtaí foghlama. Chruthaigh sé seo buairt ón ngrúpa Gaeloideachas, a thacaíonn forbairt an oideachais trí mheán na Gaeilge: dúradar go bhfuil baol ann go gcruthódh “cúldoras” chun an Ghaeilge a dhéanamh neamh-éigeanntach sa todhchaí. Dar le Gaeloideachas, cuireann na haithrithe seo teachtaireacht amach a deireann nach bhfuil oideachas trí mheán na Gaeilge oiriúnach do dhaoine le deacrachtaí foghlama, rud nach bhfuil fíor go h-uilíoch. Ní hionann deachracht foghlama agus míchumas Gaeilge a fhoghlaim.

É sin ráite, faoi mar atá an scéal faoi láthair is ábhar éigeanntach í an Ghaeilge. B’fhéidir go dtagann drochmheoin i leith na Gaeilge ó laethanta scoile ár dtuistí agus ár seantuistí, inár bhuaileadh an Modh Coinníollach agus an Ginideach Iolra isteach iontu , agus ón tsochaí atá mar aidhm aige béim a leagan ar neamhúsáideacht braite na Gaeilge sa lae inniú - níl cead ag cuid mhór dúinn ár ainmneacha Ghaelacha a úsáid ar pháipéarachas bainc toisc nach aithníonn na ríomhairí Ó Í.

Ní mór dúinn Gleann na nGealt a fhágáil agus muid féin a thumadh arís inár dteanga dhúchasach. Tá todhchaí cinnte ag an nGaeilge sa chóras oideachais agus ní hamháin a bhfuil sí buan, tá sí geal. Tá an lasair á n-iompar acu siúd atá ag troid ar son na Gaeilge.