Is gasúr Uladh mé,Cé gurb as Cill Mhantáin dom.Is mise an “Fake Faduda”,Cad é mar atá tú?
Cha raibh mé riamh i mBéal Feirste,Cha raibh mé riamh i Gaoth Dobhair.Tá blas na ndaoine Uladh agam,Agus tá sé ait go leor.Ní bhíonn sé agam i rith an lae,Agus mé ar mo chiall.Ach má tá alcól i mo chorp,Ní fheicfidh tú a leithéid riamh.Is cuma má tá beoir nó fíon i gceist,Tá siad go léir mar an gcéanna.Faighim pian i mo ghíosán;Agus bíonn mo Ghaelic trí chéile.Cuirim R’s ar fud na háite,Ní féidir liom ‘seachtain’ nó ‘hocht’ a rá,Ach tá mo Ghaelic fíorcheolmhar,Agus bíonn sé sothuigthe, de ghnáth.So má tá Gaelic Uladh uait,Má tá sí de dhíth.Ní gá duit cleachtadh a dhéanamh,Déan dearmad ar na leabhair gramadaí.Fan glan ar an leabharlann,Fan amach ón ollscoil fosta,Má tá blas Uladh uait,Dáiríre, níl sé ró-chasta,Níl i gceist ach alcól,Rud atá fíorchabhrach liom.Boidéal vodca Tesco a ól,‘Is gheofar na torthaí láithreach bonn.Mar sin, ná bígí buartha,Beidh cúpla deoch againn,Beidh muid go léir mar Ultacha,‘Is déarfaimid “Sláinte!” Ar aghaidh linn!