Cad é an ról a bheidh ag an nGaeilge, an chéad teanga oifigiúil de chuid stát na hÉireann, sa Dáil nua seo agus sa rialtas nua?
Ar an 29Ú de mhí na Samhna 2024, toghadh 174 Teachtaí Dála. Beidh na Teachtaí Dála seo freagrach agus i gceannas ar an tír seo. Ach cad é an ról a bheidh ag an nGaeilge, an chéad teanga oifigiúil de chuid stát na hÉireann, sa Dáil nua seo agus sa rialtas nua?
Ar an gcéad dul síos, is fiú breathnú ar na staitisticí. De réir Tuairisc.ie, tá Gaeilge ag 40 den 174 Teachtaí Dála a toghadh san olltoghchán. Is ardú beag é seo ón 35 a toghadh san olltoghchán deireanach. San olltoghchán is déanaí, is ag Fianna Fáil atá an líon is mó cainteoirí Gaeilge, le 18 as 48 Teachtaí Dála. Maidir le Sinn Féin, tá Gaeilge ag 12 den 39 Teachtaí Dála, nó 31%. Tá cúigear le Gaeilge i measc na dTeachtaí Dála Fhine Gael agus tá Gaeilge ag Teachta Dála amháin a toghadh ar son Pháirtí an Lucht Oibre agus Aontú faoi seach. Níl Gaeilge ag aon duine ó na Daonlathaithe Sóisialta ná ón gComhaontas Glas agus tá Gaeilge ag triúr de na Teachtaí Dála Neamhspleácha a toghadh.
Léiríodh i dtaighde a foilsíodh ar Tuairisc.ie anuraidh gur i nGaeilge a bhí thart ar 0.7% den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann.
Cé go bhfuil Gaeilge ag 40 Teachtaí Dála, ní fhéadfaí a rá go bhfuil an teanga mar chroílár den Dháil. Tá fianaise soiléir ann gur tearc an spás a thugtar di. Léiríodh i dtaighde a foilsíodh ar Tuairisc.ie anuraidh gur i nGaeilge a bhí thart ar 0.7% den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann. Chomh maith leis seo, is fiú a lua go raibh triúr Aire Stáit difriúla i gceannas ar an nGaeilge le linn thréimhse cúig bliana. Léiríonn na sonraí seo an easpa béime atá curtha ar an nGaeilge sa rialtas agus sa Dáil go dtí seo.
Sa chéad chruinniú den 34ú Dáil, toghadh an Ceann Comhairle (an Teachta Dála atá freagrach as reáchtáil na Dála). Mar chuid den phost seo, úsáideann an Ceann Comhairle Gaeilge go minic chun torthaí vótála a fhógairt agus díospóireachtaí a chathaoirleacht. Toghadh Verona Murphy mar Cheann Comhairle, in ainneoin nach bhfuil Gaeilge líofa aici. Tá sé seo an-difriúil ó scéal na Dála deireanaí agus is fiú a lua go ndúirt an Ceann Comhairle deireanach, Seán Ó Fearghaíl, agus Catherine Connolly, an Leas-Cheann Comhairle deireanach, go mba cheart go mbeadh Gaeilge ag an gCeann Comhairle agus an Leas Ceann Comhairle.
I measc na n-iarrthóirí a chuir isteach ar an bpost, bhí Verona Murphy, Aengus Ó Snodaigh, Seán Ó Fearghaíl, agus John McGuinness. Cé go bhfuil Gaeilge ag Ó Snodaigh agus ag Ó Fearghaíl, toghadh Murphy, duine nach bhfuil Gaeilge líofa aici. Léiríonn sé seo an easpa measa a chuirtear ar an nGaeilge sa Dáil. Ar an taobh dearfach den scéal, dúirt Murphy go dtuigeann sí an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge sa ról atá aici agus gur mhaith léi a cuid Gaeilge a fheabhsú. Beidh tionchar mór ag Murphy ar úsáid na Gaeilge agus ar thábhacht na gceisteanna teanga sa chéad Dáil eile.
Tá sé tábhachtach a lua go bhfuil go leor Teachtaí Dála nuathofa dóchasach faoi agus tiomanta don Ghaeilge.
Pé scéal é, an gcomhlíonfaidh na Teachtaí Dála tofa agus na páirtithe go léir a gcuid gealltanais maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa chéad Dáil eile? Ní fios fós agus níl an eagraíocht Conradh na Gaeilge muiníneach go gcomhlíonfaidh siad iad. I measc na gceisteanna is tábhachtaí maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, tá aird tarraingthe ag roinnt Teachtaí Dála ar an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus dul chun cinn na Gaeilge i gcoitinne. Ach, beidh le feiceáil céard a thiocfaidh as na gealltanais seo mar is fiú smaoineamh ar an méid a dúirt an tIar-Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív ‘Tá cuid mhór den chóras stáit go ginearálta beag beann ar an nGaeilge.’
É sin ráite, tá sé tábhachtach a lua go bhfuil go leor Teachtaí Dála nuathofa dóchasach faoi agus tiomanta don Ghaeilge. Cuir i gcás, léirigh Fionntán Ó Súilleabháin, an Teachta Dála Shinn Féin nua as?Cill Mhantáin-Loch Garman, a chuid tacaíochta ar son na teanga. Tharraing Teachta Dála nua eile Naoise Ó Cearúil aird ar roinnt fadhbanna a shamhlaíonn sé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta cosúil leis an líon gaelcholáistí sa tír seo.
Ar an iomlán, is léir go bhfuil neart le déanamh fós maidir le dul chun cinn na Gaeilge taobh istigh den Dháil í féin agus sa tír ar fad. Cé go bhfuil tuairimí difriúla ann maidir leis an méid a dhéanfaidh an chéad rialtas eile, ba cheart dúinn ár misneach a choinneáil. Ar deireadh thiar thall, mar a deir an seanfhocal ‘Is Maith an Scéalaí an Aimsir.’