Tá borradh mór tagtha ar an méid Gaeilge atá le feiceáil sna meáin le bliana anuas.
Scannáin atá ar chinn de na scannáin is cáiliúla in Éirinn agus iad as Gaeilge. Fás mór tagtha ar an méid Gaeilge a bhfeictear sna meáin shóisialta, tionchairí a labhraíonn as Gaeilge, fógraí le feicaéil nó le cloisint as Gaeilge. Fiú an ceol a chloisimid, tá go leor ceoil nua á scríobh agus an Ghaeilge le cloisint go smior inti. Tá an aos óg ag titim i ngrá leis an nGaeilge arís agus nach orm atá gliondar croí.
Is fánach an áit nach gcloisfeá scéal faoin scannán “An Cailín Ciúin”. Is scannán iontach é seo a dhéanann cur síos ar shaol cailín óg agus í ag iarraidh dul i dtaithí ar a saol nua. Téitear idir áthas agus brón go minic sa scannán seo agus ní aon ionadh é gur toghadh do Oscar é. Is mór an onóir gur roghnaíodh aon scannán Gaelach chun dul chuig na hOscars ach nuair is scannán as Gaeilge atá ann, tugann sé ardú mór croí dom faoi todhchaí na Gaeilge.
Deirtear linn riamh is i gcónaí gur teanga marbh í an Ghaeilge agus gur cur amú ama í. Is a mhalart de mheon a bhí ag stiúrthóirí an scannáin seo afách agus d’éirigh leo grá, tuiscint agus suim a léiriú sa teanga sa scannáin seo. Cuirtear an Ghaeilge os comhar súile an domhain sa scannán seo, ag taispeáint an áilleacht agus beocht atá inár dteanga álainn. Tugann sé aitheantas idirnáisiúnta don teanga agus mar sin caitear léi mar a chaitear le haon teanga Eorpach eile.
Ní Éireannaigh amháin atá an scannán seo feichte acu agus mar seo, cuirtear an Ghaeilge ar an leibhéil céanna le haon teanga eile. Ní drochtheanga nó duthlán atá inti a thuile, ach bealach álainn cumarsáide a oireann go hiomlán don scannán seo. Ní hé “An Cailín Ciúin” an t-aon scannán as Gaeilge atá críochnaithe le déanaí, scannáin eile mar shampla “Arracht” agus “Black 47”. Tugann na scannáin seo aitheantas don teanga, spreagtar suim sa teanga arís agus cuirtear i gcuimhne do mhuintir na hÉireann go bhfuil níos mó bainteach leis an nGaeilge ná an tuiseal ginideach agus sean-aiste ardteiste.
Tá an cine daonna gafa leis na meáin shóisialta inniu, agus cé go bhfuil go leor mí-bhuntáistí bainteach leo, ó thaobh na Gaeilge de is iomaí buntáiste atá ann. Le déanaí tá mé tar éis go leor tionchairí a labhraíonn as Gaeilge a fheiceáil, más é sin ar mo chuntas Instagram, Tiktok nó Twitter. Baineann na tionchairí seo úsáid as an nGaeilge mar a úsáidfaí aon teanga eile – bítear á gcaint. Ní chuirtear béim ollmhór ar an ngramadach nó stór focal nó scrúdaithe . Tá sé simplí, éasca, álainn agus éifeachtach. Nach álainn an rud é d’fhón póca a oscailt agus an Ghaeilge a chloisint láithreach. Arís is beocht agus labhairt na teanga atá ag teastáil ón nGaeilge agus is bealach iontach seo chun é sin a bhaint amach.
Is iomaí páiste agus deagóra a dhéanann aithris ar na tionchairí seo a fheicimid ar líne. Nuair a fheiceann an t-aos óg tionchaire deas ag labhairt as Gaeilge, iad a baint sult agus sásamh as an teanga, seans go mbrisfear an meon nach bhfuil sa Ghaeilge ach ábhar scoile, agus go mbeidh sé faiseanta í a labhairt arís. Is uasal an teanga atá inti agus is iomaí uair a scriosann scoileanna agus drochmhúinteoirí an suim atá ag daltaí sa teanga. Má fheictear daoine uaillmhianacha, spreagúil á n-úsáid go muiníneach spreagfaidh sé daoine chun amhlaidh a dhéanamh agus spreagfar an teanga. Mar a fheicimse féin é, tá leas mór le baint as na meáin chun an Ghaeilge a spreagadh agus athbheochú.
Deirtear go mbíonn sé níos éasca an Béarla a fhoghlaim mar theanga iasachta toisc go bhfuil go leor foinsí ar fáil as Béarla, ceol ach go háirithe. Bhíodh easpa ceoil nua-aimseartha as Gaeilge ann. Cinnte is iomaí amhrán tradisiúnta atá ar fáil as Gaeilge ach is minic nach mbíonn aon suim ag an aos óg sna hamhráin seo go laethúil. Is le déanaí atá athrú tagtha ar an scéal seo áfach, le bannaí agus grupaí ceoil ag tosnú ag baint úsáid as an nGaeilge ina gcuid amhráin. Ainm amháin a thagann chun cinn ach go háirithe ná an banna “Kneecap”. Is grúpa ceoil iad a bhíonn ag rapáil, le cuid mhaith dá liricí scríofa as Gaeilge. Is é seo an saghas ceoil atá díreach oiriúnach chun an Ghaeilge a spreagadh. Canadh faoi chúrsaí conspóideacha, alcól, drugaí agus polaitíocht mar sin de; oireann sé do bhlas ceoil an aois óige. Arís sna hamhráin seo, níl aon bhrú nó streachailt ag baint leis an nGaeilge. Úsáidtear í agus an Béarla le chéile, agus is deas son. Más ag scríobh, canadh nó mar sin de as Gaeilge, ceaptar go minic gur gá don rud iomlán a bheith foirfe agus go hiomlán as Gaeilge. Is botún mór é seo agus is minic a bhíonn drogall ar daoine páirt a ghlacadh sa Ghaeilge toisc go bhfuil eagla ortha a beith mícheart. Ní bhíonn saoi gan locht agus is trí na botúin a foghlaimímid. Téann amhráin “Kneecap” i gcoinne an fhoirfeacht seo agus cuirtear an Ghaeilge ar fáil don sochaí i mbealach suimiúil. Ní chuirtear béim ollmhór ar an nGaeilge, tá sí ann, beo, álainn agus cén fáth nach mbeadh?
Má tá rud amháin le foghlaim ó úsáid na Gaeilge sna meáin, is é sin go mbeidh an Ghaeilge beo sa sochaí má labhraítear í. Maireann sí beo ionainn. Ní gá caitheamh léi mar chonstac ollmhór nó mar phian sa tóin. Is teanga álainn í agus caithfimid í a úsáid, go laethúil agus ag gach deis a thugtar dúinn. Ní gá a bheith gafa le cruinneas agus grammadach foirfe i gcónaí. Tosaigh le focal anseo agus ansiúd agus beidh leat. Mar a deirtear i nGaeilge “bailíonn brobh beart”; níl a fhios agat cé a bheidh ag éisteacht le do chuid cainte nó cé acu a spreagfaidh tú focal beag cainte a rá. Tá deis iontach againn anois an Ghaeilge a fhorbairt agus spreagadh leis na meáin shóisialta. Tá an-obair déanta go dtí seo agus go leor oibre os ár gcomhair amach mar sin oscail bhur nguthán agus tapaigí an deis chun an Ghaeilge a spreagadh!