Seachtain na Gaeilge & Feachtas Comharthaíochta Aontas na Mac Léinn

I rith Seachtain na Gaeilge, chuir Aontas na Mac Léinn UCD tús le feachtas chun comharthaíocht dhá-theangach a chuir timpeall campas ha n-ollscoile. Tuairiscíonn Shane MacDomhnaill faoin bhfeachtas seo.

Cad is Seachtain na Gaeilge ann? De réir snag.ie, is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain. Is modh léiriúcháin í an féile chun ár gcultúr a chuir in airde ós comhair an domhain ach, níos tábhachtaí fós, ós comhair muid féin. Ró-mhinic in Éireann a léirítear dímheas d’ár gcultúr féin. Tugann Seachtain na Gaeilge deis dúinn an ómós cuí a léiriú don teanga agus don chultúr.

Ritheadh Seachtain na Gaeilge UCD idir an 1ú-7ú Márta. Cuireadh iliomad imeacht ar siúl chun an seachtain a líonadh le siamsaíocht Ghaelach. Tráthanna gceist, oíche scannáin, díospóireachtaí, agus ciorcal cainte le muintir Choláiste na Tríonóide, fiú a bhí ar siúil. Is léír go raibh deacrachtaí faoi leith caithe i dtreo Aontas na Mac Léinn agus i dtreo An Chumann Gaelach agus iad ag déanamh obair na gcapall chun an seachtain seo a chuir ar siúil. Is léir go mbraitheann preab-Ghaeltachtaí agus a leithead linn - imeachtaí a cuirfeadh go mór leis an bhféile dá mbeadh siad ceadaithe.

Deir an seanfhocail gur beatha teanga í a labhairt agus ní leor cúpla seachtain in aghaidh na bliana chun ard cuí a tharraingt ar an nGaeilge.

Agus tús curtha le Seachtain na Gaeilge, sheol Aontas na Mac Léinn UCD feachtas nua. Aidhm na feachtas seo ná chun comharthaí dhá-theangach a chuir timpeall campas an choláiste. Faoi láthair, níl dóthain comharthaí dhá-theangach le feiceáil timpeall UCD, agus tá sé i gceist ag an tAontas é sin a réiteach. Tá uirlís nua ar-líne curtha ar fáil chun an fhadbh seo a réiteach inar féidir an tAontas a chuir ar an eolas faoi comharthaíocht nach gcomhlíonann dlíthe maidir leis an dá-theangacht timpeall an champas. I leith an bhfeachtas seo, tá feachtas greamáin ar intinn ag an SU a rith chun ard a tharraingt i dtreo na ceiste seo. Maidir leis an bhfeachtas seo, dúirt Ruairí Power, Oifigeach na bhFeachtasaí agus Leas-Uachtarán an Aontais:

“Tá uirlis tuairiscithe forbartha ag an foireann SU maidir le comharthaíocht neamhchomhlíontach. Mar institiúid phoiblí, tá freagracht ar UCD a bheith comhlíontach le hAcht na dTeangacha Oifigiuìla 2003. Ní mór comharthaí ar an gcampas a thaispeáint i nGaeilge agus i mBéarla agus socrúchán comhionann a thabhairt doìibh. Is dóigh linn go bhfuil sé seo tábhachtach chun infheictheacht na teanga a chur chun cinn ar an gcampas.

Go minic, ní tharlaíonn sé seo i UCD. Bhuaileamar le foireann na Seirbhísí Eastáit chun an cheist seo a phlé, agus tá a fhios againn go bhfuil siad ag obair chun comhlíonadh comharthaíochta níos fearr a chur chun cinn agus muid ag dul ar aghaidh.

Taì an uirlis seo forbartha againn ionas gur feìidir linn oibriuì le seirbhiìsiì eastaìit lena chinntiuì go seasfar le acht na dteangacha oifigiuìla go hiomlaìn agus gur áit fháilteach é UCD do chainteoirí Gaeilge. Tá feachtas greamáin sna saothair chun aird a tharraingt ar chomharthaíocht Béarla amháin.

Reachtáil ár n-Oifigeach Tadhg roinnt imeachtaiì le linn SnaG agus bhiìomar an-saìsta leis an gcaoi a ndeachaigh siad. Níl aon ghanntanas mac léinn atá paiseanta faoin teanga a chur chun cinn agus ag dul ar aghaidh oibreoidh an SU chun Gaeilge a ionchorprú inár n-imeachtaí agus inár gcumarsáid lasmuigh de Seachtain na Gaeilge."

Is dea-nuacht é an scéal seo do chainteoirí na teanga timpeall na h-ollscoile. Tá labhairt na Gaeilge ag méidiú agus ag scapadh. Ní chóir go mbeidh ceist ar bith ann faoi comhartíocht dhá-theangach ar oileáin na h-Éireann - áiteanna a mbíonn Gaeilge á labhairt, ba chóir go mbeidh an teanga sofheicthe. Is maith an rud é go bhfuil Aontas na Mac Léinn ag tabhairt gealltanas go ndéanfaidis an Ghaeilge a thabhairt isteach ina gcuid cumarsáid agus imeachtaí chomh maith is gur féidir, fiú taobh amuig de Seachtain na Gaeilge. Deir an seanfhocail gur beatha teanga í a labhairt agus ní leor cúpla seachtain in aghaidh na bliana chun ard cuí a tharraingt ar an nGaeilge.

An ceist a bhéas i mbéal phobail na Gaeilge i UCD ná seo, cad a dhéanfaidh an choláiste amach anseo chun an teanga a spreagadh agus a ghríosadh? Is maith an áis í an seomra caidrimh i mBloc Newman, áit a bhíonn an Ghaeilge amháin le cloisteáil chuile lá i rith na bliana.  

Níl bó na Gaeilge curtha thar abhainn go fóill, áfach. Is tús maith é an méid sin, ach cad faoin ganntanas de cursaí tríd mheán na Gaeilge atá ann sa choláiste? Ní fhéadfá a rá go bhfuil réimse fhairsing mhódúil ar fáil trí Ghaeilge i UCD. Is cath amháin í an bhfeacthas seo atá tosaithe ag Aontas na Mac Léinn, agus cath gur fiú an bhucaint. Mar atá feicthe le déanaí i mBéal Feirste, is coiscéim chun tosaigh í comhairthíocht dhá-theangach. Go leanadh na coiscéimeanna chun tosaigh, le lasair na Gaeilge á choinneáil againn.