Seó gan Scáth ná Locht: ABBA Voyage agus Lá i Londain

Image Credit: Unsplash

Níos mó ná daichead bliain ó a bhí siad ann tá ABBA fós le cloisteáil go láidir i Londain.

Londain - cathair nua-aimseartha - ach anois, i measc an bia agus an siopadóireacht, samhlaigh seó atá go huile ‘s go hiomlán leictreonach, ach gan fón ná taifead. Anois tá ABBA Voyage agat. 

Thosaigh an Déardaoin seo caite ag 05:30, mála scoile ar mo dhroim agus mé ag fanacht don Aircoach. Téacs ó mo mham ‘An bhfuil tú cinnte go bhfuil do phas agat?’. Yes Mam. Tá.

Ní raibh seans ar bith nach mbeadh mo phas agam don turas seo. Bhí Londain á ghlaoigh. 

Thuirling muid den eitleán i Londain ag 10:00, Daid ag éileamh bricfeásta. Bricfeásta leachta a bheadh i gceist. Tháinig muid amach ó Stáisiúin Victoria píosa níos déanaí ach ní le fada, bhí doras na bialainne i bhfad ró-fháilteach. 

Bronntanas bhronnadh na céime a bhí i gceist leis an turas seo - lá i Londain, ticéid ABBA Voyage, am siopadóireachta - agus bhí na vibes i gceart ag mo thuistí. 

Tháinig mo bhricfeásta amach le martini (nó trí chinn), ba bhia den scoth a bhí ann ar dóigh ach bhí níos fearr le teacht. 

Óstán deas a bhí againn i Victoria agus ba é dara stad an lae. Díreach isteach ‘s amach chun muid féin a réiteach don cheolchoirm romhainn. Cuma iontach cúl ar chultacha s’againne agus muid ag siúl tríd Chinatown, cosúil le hamthaistealaithe shroichte ó na 70idí. 

Ba bheag nár thit mo shúile de mo cheann nuair a chonaic mé an méid lachan a bhí ar fáil in Chinatown, agus sin fiú sula bhfaca mé an áirse. Ábhar maith don TikTok a bhí ann!

Chuamar ó Chinatown go Soho, ní raibh ach lá go leith agam agus bhí mé chun achan rud a fheiceáil.

Buíochas le mo dhaid agus a thaithí i Londain, sé bliana caite ann (tríocha bliain ó shin) agus aithne maith aige ar na sráideanna. Chuir sé i dtreo na n-áiteanna cearta muid gan mórán stró. An táille a íoc muid as a thaithí? Pionta i ndiaidh phionta.

Tuairim s’aige ná go raibh Londain feargach leis as í a fhágáil na blianta ó shin. Conas ar tháinig sé ar an tuairim seo? Ní raibh Coors ar fáil sa chuid is mó de na tithe tábhairne ar a bhfreastal muid. Bhí martinis ar fáil iontu, cinnte, gné a chuir áthas orm. 

Faoi tráthnóna an lae bhí buzz orainn. Ní ón deoch, ach ón sceitimíní a bhí orainn as a bhí ag feitheamh orainn ar Pudding Mill Lane, Stratford. 

Ar deireadh thiar thall bhí an t-am buailte linn chun taisteal chuig ABBA Voyage; ‘A concert like no other’ (abbavoyage.com) agus nach fíor an ráiteas sin. 

Tógadh an ABBA Arena le sainchuspóir don cheolchoirm, nó b’fhéidir gurb fhearr an focal ‘taithí’. Is airéine í le beáir, áiteanna bia, siopa earraí, tolglann, agus, ar ndóigh, ABBA.

Tá tábhacht ag baint le haitmisféar agus tú ag freastal ar cheolchoirm, agus is é sin a cruthaíodh, gan dabht. Is cosúil gur bogha báistí ollmhór é an t-ionad agus cuireann an lucht féachana go mór leis - timpeall orainn bhí daoine de gach aois i gcultacha ABBA, bóa cleiteacha, agus bríste géine bell-bottom

Mo mholtaí don fhoireann teicneolaíochta as an méid atá déanta acu chun an seó den scoth seo a chur ar fáil. Cruthaíodh taithí thumthach le soilsí, scátháin, agus teicneolaíocht rúnda (domsa ar aon nós).

Tugtar beocht agus óige don bhanna, a thagann suas ón stáitse cosúil le haon taibheoir eile. Gan smior na haoise orthu. Is é an banna beo a chuireann go mór leis an taispeántas — is féidir an rithim agus an dordfhuaim a bhrath. 

Is cosúil go bhfuil Agnetha, Björn, Benny, agus Anna-Frid sa seomra leat. Chan amháin go gcanann na híomhánna, bíonn caidreamh luchta ar siúl acu fosta. Tagann ball i ndiaidh baill chun stáitse idir na hamhráin chun tagairtí a dhéanamh don uair dheireanach ar chan siad i Sasana, dá mbua Eurovision, agus chun eolas cúlra a thabhairt ar a n-amhráin. 

Is féidir do shult a bhaint as an taithí ar do chompord. Tá trí príomshaghas ticéad; Suíocháin, Seasta, agus Dance Booth. Do mo rud é go raibh mé le freastal arís, rachainn le cáirde agus cheannóinn tícéad Dance Booth. Cé nach breá leo áit phríobháideach le bheith ag damhsa lena gcairde?

Sheas mé féin agus mo thuistí i lár an urláir, áit a bhí foirfe dúinn. Ba dheas é nár díoladh an iomarca ticéid don urlár. Bhí spás againn le hanálú agus ní raibh duine ar bith ag brú orainn nó ag rá ‘Tá mo chara thuas ansin!’. Tháinig ABBA suas agus thosaigh an damhsa — ‘Waterloo’ a bhí i gceist ar dtús. Bhí fiú mo dhaid ag damhsa. Ní féidir le héinne diúltú d’ABBA. Lean an oíche ar aghaidh le hit i ndiaidh hit, ó ‘Does Your Mother Know’ (a chan an banna beo gan na híomhánna) agus ‘Voulez-Vous’ go ‘Eagle’ agus ‘Don’t Shut Me Down’, níor tháinig droch-amhrán isteach ar mo chluas.

Seó gan scáth a bhí i gceist. Chan amháin gur seó gan locht a cuireadh ar fáil, ach seó gan fóin. Léigh tú an abairt sin i gceart – seó gan fóin. 

Ní raibh cead ag an lucht féachana taifead ar bith a dhéanamh ar an seó, más rud é go rinne duine taifead ar an seó, caitheadh amach iad. De bharr an choinníoll seo (agus anois smaoineofá gurb í do sheanmháthair atá ag scríobh an ailt seo) bhíomar in ann an seó a fheiceáil muid féin, seachas trí scáileáin na ndaoine os ár gcomhair. Chuir an ghné seo go mór leis an taithí thumthach ar bhain mé sult as.

Tús luath na maidine a chuireamar díreach chuig leapacha s’againn tar éis na ceolchoirme, ach ba mhaidin luath eile a bhí os ár gcomhair (samhlaigh ag cailleadh amach ar am siopadóireachta luachmhar agus tú i Londain). D’éiríomar an maidin dár gcionn agus díreach chuig Camden Market a dheachamar. Ba thaithí ina hiomlán é Camden Market é féin. Siopaí ionadúla atá ann agus sin gan tagairt a dhéanamh don mhéid stalla bia. Siopa milseán a chuir faoi gheasa mé, bhí sé cosúil le siúl isteach i síscéal!

Más rud é go raibh mé i mo chonaí taobh le Camden Market bheinn chomh ramhar le muc. Ó Yorkshire pudding roast dinner burritos go calamari bhí bia ann de gach saghas blais. 

Mo mholtaí do do chéad turas eile go Londain; freastal ar ABBA Voyage agus faigh Yorkshire pudding roast dinner burrito in Camden Market. Is fiú cuairt a thabhairt ar Hamley’s i gcónaí fosta!