Leis an gconspóid faoin nGaeilge le déanaí agus an thábhacht a bhaineann léi, is rud iontach é go bhfuil leathanach ar Instagram tagtha chun cinn atá dírithe ar an dea-thionchar atá ag an nGaeilge ar dhaoine.
I mí Eanáir na bliana seo cruthaíodh leathanach ar Instagram darbh ainm Humans of an Fáinne nó Scéalta na bhFáinneoirí. Cad atá le fáil ar an leathanach seo ná scéalta cainteoirí Gaeilge. Bíonn an Fáinne á gcaitheamh acu mar shiombal don theanga Ghaeilge. Léiríonn an Fáinne an cumas atá acu an Ghaeilge a labhairt agus go bhfuileadar toilteanach an Ghaeilge a labhairt. Cruthaíonn sé nasc idir na cainteoirí Gaeilge uilig.
Cruthaíodh an leathanach ar Instagram an bhliain seo agus bíonn scéalta le fáil ann ó gach aon saghas duine atá in ann ár dteanga álainn a labhairt. Foilsítear pictiúr agus scéal nua chuile coicís den chainteoir ag caitheamh an Fháinne agus alt beag faoin tionchar atá ag an nGaeilge orthu.
Feachtas atá i gceist leis an leathanach seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus an Fáinne a chur chun cinn chomh maith. Tá an Fáinne ar fáil le fada an lá ach le déanaí is beag duine a bhí á gcaitheamh. Is iad Piaras Béaslaí agus Diarmuda Uí hÉigceartuigh an bheirt a tháinig suas leis an smaoineamh seo den Fháinne. Gníomhaí teanga a bhí i bPiaras Béaslaí chomh maith le ball den Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann.
Duine mór le rá a bhí i nDiarmuda Uí hÉigceartaigh i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann agus bhí sé ina Rúnaí ag Comhairle Feidhmitheach an tSaorstáit ó 1922 go 1932. Tháinig siad le chéile leis an riachtanas chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus as an riachtanas a gineadh an smaoineamh.
Cruthaíodh coiste sa bhliain 1916 leis an aidhm chun an Fáinne a chuir chun tosaigh. Scaip an smaoineamh seo i gConradh na Gaeilge agus gan mórán moille aithníodh an Fáinne mar shiombal Athbheochan na Gaeilge.
Le himeacht na mblianta thit líon na ndaoine a bhí an Fáinne a gcaitheamh acu agus ní raibh an tóir chéanna air. Anois sa lá atá inniu ann tá tóir ar an bhFáinne arís. Cad a bhí á léiriú ag an bhFáinne ná go raibh tú i do chainteoir líofa ach anois tá cúpla Fáinne ar fáil a tugann le fios cén leibhéal Gaeilge atá agat. Anois níl an Fáinne le haghaidh cainteoirí líofa amháin. Níl aon duine fágtha ar lár ón bhFáinne anois. Tugann sé seo dearcadh níos dearfaí don Fháinne.
Tá Fáinne Óir ar fáil atá don chainteoir líofa, an Fáinne Airgid don chainteoir le Gaeilge measartha agus tá suaitheantas ar fáil anois leis na focail ‘Cúpla Focal’ scríofa air. Tá an suaitheantas seo dírithe ar thosaitheoirí atá sásta an Ghaeilge atá acu a n-úsáid.
Níl an Fáinne dírithe ar an gcainteoir líofa amháin a thuilleadh agus tá gach aon duine curtha san áireamh. Cabhraíonn an t-athrú dearfach seo níos mó daoine a mhealladh don Ghaeilge. Seo cad atá i gceist leis an leathanach Instagram Scéalta na bhFáinneoirí chomh maith.
Scéalta éagsúla atá le fáil ar an leathanach Instagram a thagann le chéile leis an aidhm céanna, an grá atá acu don Ghaeilge a léiriú. Ó mo tháithí féin leis an bhfeachtas seo, is smaoineamh iontach é chun freastal ar na Gaeilgeoirí atá sa thír seo agus seans a thabhairt dóibh inis don saol mór cén fáth go bhfuil ár dteanga leochaileach mar chuid thábhachtach dár saol.
Léiríonn an Fáinne am criticiúil i stair na Gaeilge mar go bhfuil sé fite fuaite isteach leis an Athbheochan. Bhí an Ghaeilge in uair na cinniúna sa thréimhse seo agus cruthaíodh an Fáinne mar shiombal don Ghaeilge, chun na Gaeilgeoirí a nascadh le chéile. Daoine a chumasú a bhí i gceist leis an bhFáinne sa thréimhse seo. Chun misneach a chothú i ndaoine. Chun stop a chur leis an nGaeilge ag éirí níos laige.
Bhí Aindriú Mac an Rí mar an chéad duine chun a scéal a insint. Bhí sé ag an Oireachtas i mbliana agus an Fáinne a chaitheamh aige agus iarradh air a scéal a roinnt ar an leathanach Instagram Scéalta na bhFáinneoirí. Seo cad a bhí le rá aige faoina thaithí leis an bhFáinne agus an Ghaeilge.
“Tá sé iontach suimiúil. Sílim go léiríonn sé gur cineál gach saghas duine atá ann a mbíonn ag labhairt i nGaeilge agus a mbíonn ag caitheamh an Fháinne. Sílim go bhfuil sé go maith an Fáinne a fhógairt. Tráth den saol, bhí níos mó daoine ag caitheamh an Fháinne ach anois is comhartha an-mhaith é go bhfuil Gaeilge ag duine éigin. Ligeann sé duit bheith in ann labhairt le duine éigin fiú muna bhfuil aithne agat orthu. Sílim gur dea-rud é agus dea-rud é an fhógairt don Fháinne.”
Bhí Anna Ní Chathail mar chuid de Scéalta na bhFainneoirí agus seo cad a bhí le rá aici faoin leathanach. “Is breá liom na píosaí uilig atá le fáil ar an leathanach. Is cuma cé chomh difriúil is atá na daoine atá air. Bíonn siad ar fad lán de ghrá agus buíochas don Ghaeilge mar fhórsa láidir ina saol”.
“Maidir leis an bhFáinne, creidim gur nod beag néata é chun léiriú don té atá ar an eolas gur féidir an Ghaeilge a labhairt agus chun eispéireas beag taitneamhach a bheith agat trí Ghaeilge, rud nach mbeifeá b’fhéidir tar éis bheith agat murach an Fáinne a bheith ann.”
Tá éileamh ag teacht ar an bhFáinne arís le níos mó agus níos mó daoine ag caitheamh an Fháinne go mórálach. Leis an gceangal seo idir na cainteoirí Gaeilge ar fad, tá muintir na Gaeilge tagtha le chéile agus iad ag caitheamh fáinne beag néata. Ach cé gur rud beag é an Fáinne, tá brí agus siombalachas ollmhór ag baint leis.