Míníonn Paddy Gleeson, treoraí uasal ó Reilig Glas Naíon, an tábhacht atá bainteach le daoine stairiúla na tíre seo.
Poblachtach, sóisialaí agus ceannaire ceardchumainn ab ea James Larkin. Rugadh é i Learpholl sa bhliain 1876. Bhog tuismitheoirí Larkin go dtí Contae an Dúin agus mhair sé i bhfíorbhochtaineacht. Is beag oideachas foirmiúil a bhí faighte aige agus é ag fás aníos. Bhí sé ag obair ó bhí sé mar pháiste óg agus faoin am gur shroich sé na fichidí, bhí post lánaimseartha aige sna dugaí i lár na cathrach. De bharr an taithí pearsanta atá aige ar an mbochtaineacht, bhí sé tiomanta don sóisialachas réabhlóideach.
Tháinig sé chun cinn sa bhliain 1905 nuair a ghlac sé páirt i stailc dhugairí. An bhliain seo chugainn tugadh cuireadh dó chun a bheith ina eagraí lánaimseartha don NUDL. Chuaigh sé go Béal Feirste sa bhliain 1907 chun iarracht a dhéanamh eagar a chur ar an bhfoireann neamhoilte a bhí ann. Tar éis bliain nó dhó, bheartaigh Larkin chun a cheardchumann féin a bhunú. An t-ainm a bhí ar an gceardchumann áirithe seo ná Irish Transport and General Workers Union (ITGWU). Taobh istigh de thrí bliain, bhí sé tar éis fás isteach i gceardchumann ollmhór agus bhí sé mar an gceardchumann is fearr sa tír. Bhí Larkin ag croílár an cheardchumainn seo agus bhí lucht an cheardchumainn an-tógtha leis. Ba óráidí den scoth é agus níor staon sé ina iarrachtaí chun cúrsaí a fheabhsú dá lucht oibre sa cheardchumann.
Sa bhliain 1911, bhunaigh sé páipéar nuachta seachtainiúil darbh ainm ‘The Irish Worker and People’s Advocate agus bhí níos mó ná 20,000 léitheoir ag an nuachtán. Bhí achrann idir Larkin agus Dublin United Tramway Company (DUTC). Is mar gheall ar an achrann seo gur tharla frithdhúnadh Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1913. Léirigh an eachtra seo misneach James Larkin.
Faraor, theip ar iarrachtaí Larkin agus bhí a cheardchumann croíbhriste. Sa bhliain 1914 chuaigh sé go Meiriceá chun airgead a thuilleadh chun a cheardchumann a atógáil. Agus é i Meiriceá, bhí Meiriceá tar éis dul isteach sa Chéad Cogadh Domhanda. Bhí James Larkin go huile is go hiomlán i gcoinne an cinneadh seo a bhí déanta ag uachtarán na Stát Aontaithe Woodrow Wilson. Mhol sé Réabhlóid na Rúise go láidir agus mar gheall ar an moladh seo, cuireadh é isteach sa phríosún ar feadh trí bliana i rith an scanradh dearg sa bhliain 1919. Díbríodh é ar ais go hÉireann tar éis é seo.
Cé go raibh iarracht ollmhór a dhéanamh aige, ní raibh sé in ann an rath chéanna a bhí aige fadó a fháil ar ais. Díbríodh é óna cheardchumann féin mar gheall ar a bhéim a mhíleatacht. Cé nach raibh rath ag baint leis ó thaobh an cheardchumainn de agus é ag dul anonn in aois, toghadh é faoi dhó don Dáil.
Bhí ról an-tábhachtach ag James Larkin i stair na tíre seo. Throid sé ar son cearta na oibrithe neamhoilte. Tá clú agus cáil ar an bhfrása “A fair day’s work for a fair day’s pay”. Tá dealbh le fáil de Larkin i lár na cathrach. Dealbh iontach do Larkin, ag seasamh lena lámha oscailte amhail is go bhfuil sé ag tabhairt óráid do lucht Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1923.
Fuair sé bás sa bhliain 1947 agus tá a uaigh le fáil i reilig Glas Naíon. Is féidir cuairt a thógáil ar an uaigh seo agus ómós a léiriú dó. Tá turas treoraithe ar fáil i nGaeilge agus is féidir scéal a bheatha a chloisteáil ón treoraí uasal Paddy Gleeson.
Seo cad a bhí le rá ag Paddy faoin turas treoraithe atá le fáil i nGaeilge.
Paddy Gleeson: Is pléisiúr agus pribhléid é domsa, daoine a thabhairt timpeall an reilig anseo agus na turas treoraithe a thabhairt i nGaeilge. Bíonn an-chuid Gaelscoileanna anseo i rith na bliana agus an-chuid Gaelcholáistí. Rud an-tábahchtach anois ná Seachtain na Gaeilge. Le haghaidh Seachtain na Gaeilge bíonn turas speisialta againn i nGaeilge agus an bhliain seo beidh an turas seo ar siúl ar an 14/03/20 ag a 1:30. An costas atá ar ná 12 euro le haghaidh daltaí. Bígí linn.
Cúpla focal maidir le rath na reilige.
Paddy Gleeson: Maidir le huimhreacha, bhí beagnach 65,000 cuairteoirí a díoc chun turas a dhéanamh linn sa bhliain atá díreach imithe. Bíonn daoine ag teacht chun feabhas a chur ar an méid eolais atá acu maidir le stair na hÉireann. Tá b’fhéidir 80% de na daoine a rinne aon rud ar son na tír seo, curtha faoi chré cille anseo sa reilig i nGlas Naíon. Chomh maith le seo tá ealaín agus dealbhóireacht le fáil mórthimpeall na reilige. Áit álainn ab ea é, go háirithe nuair atá an ghrian ag taitneamh.
Cúpla focal maidir le cad atá ar fáil do thurasóirí i reilig Glas Naíon.
Paddy Gleeson: Tá seans ag daoine na scéalta faoi stair na hÉireann agus na daoine i stair na hÉireann a rinne rud ar bith ar son an tír atá againn faoi láthair. De ghnáth bíonn eolas ag daoine. Táimid in ann an t-eolas sin a leathanú nuair a thagann daoine chun turas a fháil i reilig Glas Naíon.
Nuair a thagann daoine anseo ar thuras treoraithe, is féidir daoine imeacht ón reilig agus eolas cruinn acu ar rudaí bunúsacha atá tar éis titim amach i stair na hÉireann. Chomh maith le seo, beidh eolas faighte acu ar dhaoine cáiliúla a rinne rudaí éagsúla ionas go mbeidh saoirse againn sa tír seo.
Cúpla focal ar na daoine mór le rá atá le fáil sa reilig.
Paddy Gleeson: B’fhéidir an cúigear is cáiliúla atá curtha anseo ná Roger Casement, Daniel O’Connell atá curtha in uaimh sa reilig, Charles Stewart Parnell, Éamonn de Valera agus Míceál Ó Coileáin.
Ní féidir a shéanadh go bhfuil stair na hÉireann thar a bheith tábhachtach. Is iad na daoine stairiúla seo atá tar éis ár dtír a mhúnlú. James Larkin ina measc. Is féidir ómós a léiriú dó agus bláthanna a leagadh ag a uaigh i Reilig Glas Naíon.