Bhí mé ar an imeall mar Chaitliceach
Agus níor thuig mé i gceart cén fáth
Nach raibh páistí ag súgradh liom ach
Go raibh siad i gcónaí do mo chrá.
Bhí mé in ainm ‘s a bheith ámharach
Mar ní bhfuair muid ach bagairtí báis.
Déirtear go bhfuil na Trioblóidí thart
Ach níl sé sin an cás.
Is maol guallain gan bhráthair
Ach ba strainséir mé i mo bhaile féin.
Thug siad seans dúinn imeacht ón chathair
Agus d’imigh muid i bhfad i gcéin.
Ní fhéachtar ar an saol dubh agus bán,
Ach trí mheon atá oráiste ‘s glas,
Agus an limistéar liath atá ann
Ná nach féidir linn éirigh as.
Seo an dóigh atá rudaí sa tuaisceart
Agus tá an locht orainn féin go léir,
Ach ritheann sé anois ‘s arís liom
Nach bhfuil baile ar bith agam faoin spéir.
Athrú sóisialta ar fud na háite,
Dul chun cinn déanta againn mar chine
Ach an bhaois seo ag éirí níos measa
Agus muidne ag lasadh na tine.
Saol agam ar dhá thaobh na teorann,
Is Éireannach mé orthu araon
Ach ruagaire reatha mé is m’anam
Ar an imeall arís mar sin féin.