Rímeanna, rithimí, agus réigiúin na hÉireann

Image Credit: Lucy Warmington

San alt seo, pléitear an caidreamh idir cultúir áitiúla na hÉireann agus an ceol Gaeilge. Ina theannta seo, tá tráchtaireacht ar éabhlóid an cheoil Gaelaigh thar na blianta mar chuid den phlé seo.

Gan dabht ar bith, tá ceol na hÉireann tar éis éirí níos ilchineálaí thar na blianta ar fud na tíre seo ar fad. Ó gach cearn den tír, tá ceoltóirí ag cur lena gcuid fuaime féin, ag meascadh eilimintí ó thraidisiúin áitiúla le tionchair nua-aimseartha. Ina fhianaise seo, tá sé suimiúil machnamh a dhéanamh ar an gcaidreamh idir an réigiúnachas agus an ceol. Ar an gcaoi seo, beidh an t-alt seo ag plé an cheoil ó hamhránaíocht ar an sean-nós go ceol an bhanna ceoil Kneecap.

Ar an gcéad dul síos, is fiú cúpla focal a rá faoi amhránaíocht ar an sean-nós- traidisiún amhránaíochta gan tionlacan a léirítear trí mheán na Gaeilge. Glactar leis go forleathan go mbaineann trí phríomhstíl réigiúnacha le hamhránaíocht ar an sean-nós agus is iad sin ná: an stíl Muimhneach, an stíl Ultach, agus stíl Chonamara. I measc na ndifríochtaí idir na stíleanna, tá saintréithe éagsúla cosúil le húsáid an mhaisithe cheolmair, cuir i gcás. 

Maidir leis na stíleanna réigiúnacha seo, tá sé tábhachtach a thabhairt chun solais gurb iad réigiúin ghaeltachta lena mbaineann an trí stíl réigiúnacha. Tá canúintí éagsúla i gceist leis an trí réigiún gaeltachta seo, mar aon le startha áitiúla éagsúla. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfá a rá go gcuirtear na féiniúlachtaí réigiúnacha difriúla seo in iúl trí stíleanna éagsúla ina léirítear amhránaíocht ar an sean-nós.

I ndáiríre, baineann rímeanna agus rithimí difriúla le chuile réigiún in Éirinn agus cuirtear féiniúlachtaí na réigiún in iúl tríd an ceol éagsúil seo.

Ós ag caint faoin gcaidreamh idir réigiúnachas agus an ceol, is fiú plé a dhéanamh ar an dteoiric a phléann tionchar an tírdhreacha ar na stíleanna amhránaíochta ar an sean-nós. Cuir i gcás, ceaptar ag roinnt daoine go n-úsáideann amhránaithe sean-nós ó Chonamara a lán maisithe ceolmhair nuair a bhíonn siad ag canadh mar gheall ar an tírdhreach carraigeach agus sléibhtiúil sa réigiún. Is teoiric an-shuimiúil í an teoiric seo mar gheall go léiríonn sí an tionchar atá ag cineálacha difriúla timpeallachta ar dhuine. 

Pé scéal é, tá sé tábhachtach a lua go gcuirtear féiniúlachtaí réigiúnacha difriúla in Éirinn in iúl trí mheán stíleanna ceolmhara eile freisin, ar ndóigh. I ndáiríre, baineann rímeanna agus rithimí difriúla le chuile réigiún in Éirinn agus cuirtear féiniúlachtaí na réigiún in iúl tríd an ceol éagsúil seo. Is amhlaidh an scéal seo maidir leis an gceol a chumann an banna ceoil Kneecap, cuir i gcás.

Is iad na téamaí a mbíonn an banna ceoil ag dul i ngleic leo ina gcuid amhrán ná stair áitiúil a gceantair dhúchasaigh, fadhbanna sóisialta, grá- téamaí atá an cosúil leis na cinn a phléitear in amhráin shean-nós. Ina theannta seo, úsáideann na rapálaithe a gcanúint féin ina gcuid amhráin cosúil le hamhránaithe traidisiúnta sean-nós. Cé go bhfuil éagsúlacht shonach soléir i gceist le ceol Kneecap agus le hamhránaíocht ar an sean-nós, spreagann cultúr áitiúil an dá chineáil ceoil. 

Maidir leis an gcultúr áitiúil a spreagann an banna ceoil, cé go mb’fhéidir nach spreagann tírdhreach fisiciúil Bhéal Feirste ceol Kneecap sa dóigh chéanna agus a spreagann sé amhránaithe sean-nós as Conamara, is cinnte go spreagann tírdhreach sóisialta agus polaitiúil Bhéal Feirste na rapálaithe. I bhfianaise na dtírdhreach difriúil seo, tá sé iontach suimiúil a fheiceáil an bealach ina n-athshamlaíonn agus ina n-úsáideann an banna ceoil an Ghaeilge ina gcuid amhráin. 

Lena chois sin, tá sé iontach machnamh a dhéanamh ar na bealaí úrnua ina n-athshamlóidh agus ina n-úsáidfidh ceoltóirí Éireanna gnéithe de chultúr na hÉireanna ina gcuid ceoil sa todhchaí. Faoi láthair, tá slám mór ceoltóirí cruthaitheacha ann cosúil le Kneecap a tharraingíonn eilimintí ó cheol traidisiúnta na hÉireann agus eilimintí ó sheánraí eile le chéile. 

Ina fhianaise seo, is léir go bhfuil ceol na hÉireann ag leanúint ar aghaidh ag forbairt agus ag athrú, gan a chuid fréamhacha cultúrtha a thréigean. Léiríonn ceoltóirí comhaimseartha cosúil le Kneecap an tslí ina féidir traidisiún agus nuálaíocht a mheascadh le chéile. Ar an gcaoi sin, déanann ceol Kneecap plé ar an gceist maidir le cothromaíocht a aimsiú idir traidisiún agus nuálaíocht, díreach mar a dhíríonn an t-amhránaíocht ar an seán-nós ar a shraith féin de dhúshláin freisin, agus léiríonn sé seo conas a athraíonn agus a mhaireann an cultúr Gaelach trí ghlúnta éagsúla.

Mar fhocal scoir, cé gur cinnte go bhfuil fuaim an-dhifriúil i gceist le hamhránaíocht ar an sean-nós agus le ceol comhaimseartha na hÉireann a chumtar ag a leithéidí Kneecap, is léir go bhfuil cosúlachtaí eatarthu freisin. Go deimhin, tá an dá chineál ceoil fréamhaithe i gcultúir áitiúla in Éirinn, agus is iontach an rud é go bhfuil an éagsúlacht shaibhir seo againn i gcultúr ceoil na hÉireann faoi láthair.