Guth na Gaelgeoirí sa tír fós le cloisteáil go láidir agus go soiléir gach lá ar líne, ar an teilifís agus ar an raidió.
Tá réim ollmhór ag tionscal na raidió in Éirinn sa lá ata inniú ann. Éisteann 85% den daonra sa Phoblacht le seirbhís raidió ar aon lá faoi leith. In ainneoin an mhóréilimh seo, ní chuireann na stáisiúin príomhshruthacha tuilleadh ar fáil do Ghaeilgeoirí.
De réir staidéar déanta ag an Dr. John Walsh ó NUIG agus an Dr. Rosemary Day ó UL, ní chuirtear ach 3.5 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar fáil d’ábhar Ghaelacha ar stáisiúin raidió in Éirinn - cuid mhór den mhionlach seo, ní mhaireann sé ach ar feadh 60-90 soicind. In ainneoin an fhadhbh seo, tá cúis ann le bheith dóchasach - Stáisiúin ar nós Raidió na Life agus RTÉ Raidió na Gaeltachta a chuireann ábhar tiomnaithe don teanga ar fáil chuile lá.
Tuairim atá cloiste agam ó roinnt ealaínteoirí agus scríbhneoirí raidió ná an easpa saoirse tugtha ag na mhór-stáisiúin do láithreoirí agus cumadóirí maidir leis na h-ábhair a bhfuil cead acu a phlé. Tá meon ann nach áit é stáisiúin phríomhshrutha raidió d’éinne a bhfuil ag iarraidh blas cruthaitheach a choimeád ina chuid oibre. B’fhéidir gurb fhearr d’éinne le suim sa chruthaitheacht aghaidh a chasadh ar a leithidí de Raidió na Life, stáisiúin Ghaelach atá lonnaithe
Sa chlár, pléann Brónagh Ní Chuillin agus Emma Ní Chearúil, chomh maith le painéal baineann agus aíonna speisialta, cúrsaí reatha agus scéalta nuachta. Chomh maith le seo, tá ábhar na cláir dírithe ar shaol na mban agus na tuairimí atá acu i leith an saol in Éirinn. Clár athnuachan é a thugann peirspeictíocht ailtéarnach ar fáil d’éisteoirí trí mheáin na Gaeilge.
Is oth liom a admháil nach éistim le h-oiread raidió lán-Ghaelach is ba cheart - ní éistim le mórán den raidió ar chor ar bith. Tá sé soiléir, áfach, go bhfuil acmhainn fhiúntach ann d’éisteoirí a bhfuil Gaeilge acu - ach cad é a ligeann do raidió lán-Ghaelach seasamh amach ón tslua?
Feictear ar Raidió na Life go bhfuil réimse fhairsing cláracha ar fáil ar gach saghas ábhar. Tá cláracha ar nós Cluastuiscint, clár ina ndéantar neamh-ard a thabhairt ar seánra agus déantar ceol spéisiúil, suimiúil, spreagúil a chur ar fáil nach mbeadh le fáil ar na mhórstáisiúin. Is féidir podchraoltaí an chláir a aimsiú ar shuíomh idirlín Raidió na Life.
Clár eile atá le fáil ná An Cúinne Dána a bhíonn ar siúil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, le Tristan Rosenstock. Clár a dhéanann plé ar chúrsaí éalaíonna é. Idir dhrámaíocht, litríocht, scannáin is ceoil a bhíonn á bplé sa chláir. Freisin, bíonn agallaimh ann le h-ealaínteoirí mhóra le rá sa tír. Tráthnóna Dé Domhnaigh, chuile sheachtain, a bhíonn an clár á gcraoladh.
Ní ach sampla bídeach de na cláracha iad na gcinn seo ón réimse fhairsing cláracha atá ar fáil, ní amháin ar Raidió na Life agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, ach ar fud na stáisiúin lán-Ghaelacha. Ní amháin an bhfuil na staisiúin seo ag déanamh na stáisiúin príomhshrutha a mheaitsáil ó thaobh caighdeán agus ábhar de, ach in iliomad cás tá siad á shárú.
Seachas na cláracha iontacha atá le fáil ar stáisiúin lán-Ghaelacha, is tearmann iad na stáisiúin seo le haghaidh Gaelgeoirí atá ag iarraidh iad féin a thiomnú ina dteanga dhúchasach. Ní amháin sa Phoblacht, ach sa Tuaisceart freisin. Tá rath faoi leith tagtha ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste le bliain no dhó anuas. Aithnítear Raidió Fáilte an bhliain seo caite, don chéad uair i mí Bealtaine nuair a ainmníodh iad mar “Stáisiúin na Bliana” sna Celtic Media Awards sa Bhreatain Bheag. Freisin, ainmníodh Raidió Fáilte mar “Stáisiúin na Bliana” sna Community Radio Awards i Sheffield. Éacht atá á bhaint amach ag Raidió Fáilte, go háirithe sa Tuaisceart, áit nach bhfuil acmhainní ar fáil do Ghaelgeoirí go bhforleathan.
Deis eile a thugann raidió lán-Ghaelach do Ghaeilgeoirí ná go mbíonn éisteoirí in ann blas a fháil de gach saghas Gaeilge. Is cúis bróid é an éacht seo. Tá Gaelgeoirí i mBaile Átha Cliath ag freastal ar an mheánscoil nach gcloisfidís rian den Gaeilge atá á labhairt i gCorca Dhuibhne, nó i nGaoth Dobhair, seachas an méid atá le cloisteáil ar stáisiúin raidió lán-Ghaelacha. Is mór an bhuntáiste í seo: saibhríonn sé Ghaeilge na h-éisteoirí; agus freisin tugann sé árdán do Ghaeilgeoirí in áiteanna ar fud na tíre, áiteanna nach bhfuil na h-oiread acmhainní céanna is a bhfuil i mBaile Átha Cliath.
Cé nach bhfuil ach líon bheag bídeach de stáisiúin lán-Ghaelacha ann, feictear ón mhóréilimh atá ann do sheirbhísí ar nós na stáisiúin atá pléite agam thuas gur buntáiste agus buntáiste amháin é a bheith ag craoladh ábhair trí mheán na Gaeilge. Cé nach bhfuil ach láithreacht imeallach ag an nGaeilge ar an raidió, tá iliomad cúis bheith dóchasach agus spreagtha. I mbliana, thiomnaigh an Broadcasting Authority of Ireland (BAI) go bhfuileadar ag iarraidh leathnú amach ar líon na gcraoltóirí trí mheán na Gaeilge. Cuireann an BAI ceathrú dá chuid maoiniú ar fáil i gcomhair clárú lán-Ghaeilge agus tá siad ag iarraidh níos mó airgeadais a chuir ar fáil dó amach anseo. Tá na coinníolacha ann anois chun fás a chur ar an raidió lán-Ghaeilge.
In ainneoin na cainte i rith an tSamhraidh mar gheall ar stádas na Gaeilge sa chóras oideachais, tá guth na Gaelgeoirí sa tír fós le cloisteáil go láidir agus go soiléir gach lá ar líne, ar an teilifís agus ar an raidió. Tá gluaiseachtaí á stiúriú trí mheán na Gaeilge agus tá acmhainní á thosú ag Gaeilgeoirí - taobh thiar dóibh siúd tá an lasair á choinneáil ag obair ar son ár dteanga sa thionscail raidió. Tá guth ag Gaelgeoirí mór thimpeall na tíre, agus cloisimid an ghuth sin sa charr agus sa chistin agus muid ag cócaireacht. Cloisimid an ghuth sin á gcraoladh ar an raidió.