Tír gan teanga, tír gan anam.
Croílár tíre is ea a theanga dúchasach. Tá an seanfhocail cloiste againn go léír agus muid ar scoil,
go háirithe más é go ndeachaigh tú ar scoil lán-Ghaeilge - “tír gan teanga, tír gan anam.” I
ndomhain atá ag éirí níos lú chuile lá, agus a bhfuil cultúr coitianta Mheiriceá ag glacadh seilbh
ar aigneacha na sluaite, is fearr dúinn ár ngnéithe is fearr a chóiméad chun tosaigh, chomh maith
is gur féidir. Tá an Ghaeilge riachtanach chun muid a mharcáil mar Éireannaigh, rud atá rí-
thábhachtach sa lá atá inniú ann. Le tamall anuas, tá filleadh ar an nGaeilge le feiscint timpeall
na tíre, ach go háirithe i measc na h-óige. Tá ardú tagtha ar an éilimh a bhfuil ar oideachas lán-
Ghaelach. Tá Acht Ghaeilge faghta ag Gaeilgóirí na Tuaiscearta don chéad uair.
Tá an Ghaeilge ar ais i mbéal an phobail go rialta mar gheall ar ghrúpaí ar nós Kneecap, grúpa as Béal Feirste, a bhíonn ag canadh as Gaeilge in a gcuid amhráin. D’fhéadfá a rá go bhfuil éilithe Seán Ó
Riordáin á shásamh le déanaí. D’iarr sé orainn filleadh ar ár gcuid agus ar ár teanga. Tá áit
thábhachtach ag an nGaeilge i stair na tíre seo - ar feadh blianta, gníomh frithsheasmhachta a bhí
ann agus Éireannaigh a bheith ag labhairt an teanga i rith forbhabháil na tíre ag an Ríocht
Aontaithe. Déanadh iarracht an Ghaeilge a bhaint uainn, ach maireann sé fós - agus tá athbhreith
na teanga ag druidim níos gaire.
Is ea litríocht dhúchasach na Ghaeilge an ceann is sine in Iarthar na hEorpa. Tá fiannaise
den teanga scríofa a dhátaíonn ar ais chuig an gCeathrú Aois. Ar feadh formhór stair na
hÉireann, is ea an Ghaeilge an príomh-teanga labhartha a bhí againn, agus ghlac muintir na tíre
an teanga go háiteanna ar nós an Albainn agus go hOileáin Mhanann, inár fhás canúintí a
thagann ón nGaeilge. Ón gCeathrú Aois go dtí an Seachtú Aois-déag, ba ea an Ghaeilge an
príomh-teanga labhartha ar fud na tíre, ach i rith an Ochtú Aois-déag, bhí teacht i léig ag an
dteanga in Oirthear na tíre de bharr díspreagadh na Briotánaigh maidir leis an nGaeilge. Freisin,
le fás an méid Éireannaigh a ndeachaidh ar imirce go dtí Mheiriceá agus go Ceanada, bhí
tábhacht le bheith in ann Béarla a labhairt agus thit an béim a bhí ar an teanga.
Ba é an Ghorta Mhór, áfach, a chuidigh is mó le titim an teanga mar phríomh-teanga
labhartha na tíre. Go dtí sin, bhí thart ar trí milliún daoine a bhí an Ghaeilge mar phríomh-
theanga acu. Tá sé glactha go leathan gurb é i ndiaidh an Ghorta Mhór a tháining an laghdú is mó
ar stádas an Ghaeilge sa tír. Ba é i gceanntracha tuaithe na tíre, ná háiteanna ba mhó a raibh an
Ghaeilge á labhairt acu, inár thit an daonra mar gheall ar an Ghorta Mhór, idir bás agus imirce.
Ba é Athbheochan na Gaeilge, stiúrtha ag Conradh na Gaeilge, a thosaigh ar iarrachtaí an
teanga a ath-spreagadh sa tír.
Faoi dheireadh an Naoi Aois-déag, ní raibh ach ceanntracha faoi leith in Éireann a bhí an Ghaeilge mar príomh-theanga fós acu. Bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893 chun an Ghaeilge a spreagadh agus bunaíodh An Claidheamh Soluis, nuachtán Ghaelach. D’éirigh leo an Ghaeilge a thabhairt isteach sa gcuraclam scoile arís. Chuidigh Athbheochan na Gaeilge leis an mheon frith-Bhreatnach a d’fhás i measc na tíre agus bhí Pádraig Mac Piarais mar ceann de na scríbhneoirí a bhí chun tosaigh ag an am le linn na h-Athbheochana. Níor tháiningaiséirí na Gaeilge le saoirse na h-Éireann, áfach, agus d’fhan an Bhéarla mar príomhtheanga labhartha na tíre le linn an Fichiú Aois. Seachas na ceanntracha Gaeltachta, níl an Ghaeilge á labhairt chuile lá ag cuid mhór den tír.
Ach le theacht an Aonú Aois is Fichead, tá tóir arís ar an Ghaeilge mór thimpeall na tíre.
De bharr gluaiseachtaí chosmhuintire tá an Ghaeilge ag teacht faoi bhláth le déanaí. Tá sé le
feiceáil le roinnt bliain anuas go bhfuil fonn Ghaeilge ar an aos óg. Tá iarrachtaí ghnáthdaoine ag
coimead an teanga chun tosaigh i mbéal an phobail chuile bhliain, agus tá feachtasaí agus
gluaiseachtaí úrnua á thosú go rialta. Cé go bhfuil sé ráite go rialta nach bhfuil aon úsáid don
Ghaeilge a thuilleadh, taispeánann ócáidí rialta ar nós Pop Up Gaeltachtaí, a bhíonn ar siúil i
dtithe tabhairne agus i gclubanna oíche mór thimpeall na seacht bparóistí go bhfuil an goile ann
ag Gaeilgóirí an teanga a labhairt. Is foinse coimhlinte é an Ghaeilge do roinnt Gaeilgóirí, freisin.
Feictear sa Tuaisceart an streachailt a thárla ionas go mbeadh stádas oifigiúl ag an Ghaeilge mar
theanga. Rud atá chomh comónta gnách agus inglactha i nDeisceart Éirinn - an cheart do theanga
dhúchasach a labhairt cibé uair gur mian leat - is ábhar coimhlinte é sin do Ghaeilgóirí sa
Tuaisceart.
Nascann ár teanga muid lenár muintir agus lenár dhúchas féinig. Mar tír agus mar daonra,
tá an Ghaeilge mar cuid dár bhféiniúlacht mar náisiúin. Mar Éireannaigh ceanglaíonn an teanga
muid lenár gcultúr agus lenár stair féin - tá raon ollmhór litríochta agus ceol atá scríofa as Gaeilge; tá cáil ag scríbhneoirí ar nós Seán Ó Ríordáin agus Máirtín Ó Cadhain mór thimpeall an
domahain; tá amhráin ar nós “Óró, sé do Bheatha Abhaile” ar eolas go h-idirnáisiúnta. Rud a
nascann na nithe is fearr dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht na an Ghaeilge.
Mar dhuine aonair, níl aon cheist ann mar gheall ar thábhacht na Gaeilge. Tá sé á labhairt agam ón uair go raibh mé ceithre bliana d’aois agus faoin am seo tá an Ghaeilge chomh páirteach i mo shaol is atá an dath gruaige atá orm, nó na spéaclaí a chaithim chun léamh - níl gáth smaoineamh faoi, tá sé i gcónaí ann. Ar domhain foirfe, ní bheadh gá alt a scríobh mar gheall ar tábhacht na Gaeilge - bhéas sé ar eolas ag chách. Ó am go chéile, áfach, is fearr muid féin a chur i gcuimhne ar tábhacht na troda atá á dhéanamh againn.