By Aoife Ní Mhórda | Feb 27 2018
Prátaí, Trátaí, Oinniún Liosta siopadóireachta a sheol tú dom inniu Is cuimhin liom seal i bhfad ó shinGur phléascadh mo chroí le sceitimíníNuair a splancadh d’ainm suas ar an bhfón D’fhanaimis suas go maidinAg plé ár n-aislinglí, ár miantaTharla sé chomh mall sin nár bhraith mé an chaint ag sleamhnúi dtreo na cinntí laethúlaCé leis a bpléann tú do rúin anois? Thiteamar inár gcodladh i lámha a chéileinár leaba aréirBhí brionglóid agat faoi spéirbhean SpáinneachA thug póg duit i bpubD’imigh tú abhaile léi Prátaí, Trátaí, Oinniún Níor inis mé duit go raibh an bhrionglóid chéanna agam,Ach amháin nach raibh tusa i láthair