Bhí ról tábhachtach ag an bPiarsach in athbheochan an chultúir, go háirithe in athbheochan na teanga. Bhí sé tiomanta don Ghaeilge agus don Oideachas. Theastaigh ón bPiarsach go mbeidh scoileanna na tíre seo faoinár gcúram féin. Bhí sé den tuairim nach raibh aird tugtha ag riarachán na Breataine do chultúr na hÉireann ó thaobh na staire de chomh maith leis an teanga sa churaclam. Bhí sé an-pháirteach sa cheisteanna faoin oideachas ag tús an fichiú céad. Rinne sé obair mhór ar son an oideachais de agus mar gheall ar a thionchar, tháinig athrú ar go leor polasaí oideachasúil.

Scríobh Pádraig Mac Piarais The Murder Machine, aiste faoin gcóras oideachais in Éirinn. San aiste rinne sé gearrán faoin gcóras, ag déanamh cur síos ar an gcóras mar Murder Machine, a bhíonn ag scrios na daltaí sa chóras oideachais. Theastaigh uaidh leasú a dhéanamh ar an gcóras oideachas.

Ó 1903 bhí tacaíocht a thabhairt ag an bPiarsach do scoileanna na tíre a bheith faoi riarachán náisiúnta. Theastaigh ón bPiarsach é féin, iar-bhunscoil a oscailt agus sa bhliain 1908 d’éirigh leis a scoil féin, Scoil Éanna a oscailt. Cad a bhí chomh speisialta faoin scoil seo ná go raibh Scoil Éanna ag feidhmiú formhór an ama, trí mhéan na Gaeilge. Bhí an Ghaeilge mar theanga oifigiúil na scoile. Cé go raibh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil na scoile, bhí an dátheangachas mar chuid lárnach den scoil. Múineadh chuile ábhair seachas an Ghaeilge trí dhá theanga, An Béarla agus an Ghaeilge. Bhí an Piarsach an-tógtha leis an dátheangachas mar gheall ar an gcuairt a thug sé go dtí an Bheilg, áit inár chonaic sé an dátheangachas i bhfeidhm sna scoileanna. Bhí an Piarsach mar eagarthóir ar an nuachtán dátheangachais An Claidheamh Soluis ó 1903 go 1908. Tar éis dó cuairt a thógáil ar an mBeilg, scríobh sé go leor ailt ag moladh an dátheangachas agus ag cur béim ar mhúineadh an dátheangachas sna scoileanna. Bhí sé cinnte de go mbeidh an dátheangachas mar pholasaí cuí do scoileanna na hÉireann. 

Scoil Chaitliceach a bhí i Scoil Éanna agus fiú ó thaobh an aifrinn de, theastaigh ón bPiarsach go mbeidh an tAifreann déanta trí mheán na Gaeilge. Bhí spiorad Gaelach le fáil tríd is tríd i Scoil Éanna. Moladh do na tuismitheoirí filleadh beag a cheannach dá pháiste, mar chuid den éide scoile. Riail thábhachtach a bhí bainteach leis an éide scoile ná go raibh ar na héide scoile a bheith déanta as ábhar Éireannach amháin. 

Bhí cultas na hóige le fáil i Scoil Éanna. Bhí Colmcille agus Cúchulainn mar dhá eiseamláir do na buachaillí. Bhí eiseamláir amháin bainteach le creidimh Chríostaí agus eiseamláir eile bainteach leis an gcreidimh phágánta. Dar leis an bPiarsach bhí ceann amháin mar shampla iontach de Naomh agus an ceann eile mar shampla iontach de laoch. Chreid sé go raibh Cúchulainn mar eiseamláir de fhearúlacht agus idéal Gaelaí. Ba dhuine cróga, aclaí, trodaí agus ceannaire é Cúchulainn agus bhí sé seo an eiseamláir a bhí ag na buachaillí i Scoil Éanna. Bhí painéal gloine dhaite de Chúchulainn le fáil sa scoil chomh maith le cóipleabhair na scoile clúdaithe le híomhanna de Chúchulainn. An aidhm a bhí ag an bPiarsach chun go mbeidh gach buachaill mar Chúchulainn agus iad ag imeacht ón scoil. 

Bhain sé dea-cháil amach mar iriseoir ar an gClaidheamh Soluis agus an próifíl ard a bhí aige mar bhall de Chonradh na Gaeilge. Mar gheall ar na rudaí seo, bhí go leor poiblíochta faighte ag Scoil Éanna. Bhí suim ag pobal na tíre sa scoil agus bhíodar ag súil go mbeidh rath ag baint leis an scoil. Chreid an Piarsach go raibh go leor clainne ag lorg scoil gur féidir lena mbuachaillí oideachas Gaelach a fháil. Sheol go leor de lucht leanúna Conradh na Gaeilge a bpáistí go dtí Scoil Éanna, mar shampla Stephen Gwynn agus William Bulfin. Ní amháin go raibh suim ag tuismitheoirí ó Chonradh na Gaeilge i Scoil Éanna ach bhí daoine ar nós náisiúnaithe cultúrtha na tíre, Dubhghlas de hÍde agus W.B Yeats an-tógtha leis an scoil chomh maith. Bhí an bheirt acu ag déanamh léachtóireachta sa scoil go minic.

Bhí Scoil Éanna mar thriail oideachasúil agus bhí rath ollmhór ag baint leis. Bhí an scoil inspioráideach go radacach do na glúnta a bhí le teacht. Tá an scoil mar idéal in oideolaíocht náisiúnach. Bhí na buachaillí i scoil Éanna in ann todhchaí a shamhlú, todhchaí gan teorainn ar bith. 

Bhí tionchar mór ag an bPiarsach ar a scoláirí. Ghlac go leor scoláire ballraíocht de Fianna Éireann agus Bráithreachas Phoblacht na hÉireann. I rith Éirí Amach na Cásca 1916 thairg níos mó ná triocha buachaillí chun dul isteach in Ard Oifig an Phoist leis an bPiarsach. Nuair a chuireadh chun báis ceathrar déag tar éis Éirí Amach na Cásca, bhí cúigear den cheathrar déag seo bainteach le Scoil Éanna. Is léir go raibh tionchar ollmhór ag an bPiarsach ar scoláirí na scoile. 

Cuireadh chun báis Pádraig Mac Piarais agus a dheartháir Willie de bharr an pháirt a ghlac an bheirt acu san Éirí Amach. Tháinig níos mó cáile air mar gheall ar na hóráidí a bhí déanta aige ag comóradh Wolfe Tone sa bhliain 1913 agus an óráid a bhí déanta aige cois uaighe le Jeremiah O’Donovan Rossa sa bhliain 1915. Cuireadh chun báis é ar an triú lá de mhí na Bealtaine i gclós Príosún Chill Mhaighneann, an áit céanna ina gcuirtear na sínitheoirí eile chun báis.

Bhí tionchar ag Pádraig Mac Piarais sa tír seo. Chuir sé an Ghaeilge chun cinn agus sa lá atá inniu ann, tá an meon le fáil go raibh sé mar cheann de na scoláirí is fearr a bhí sa tír agus mairtíreach uasal.