Oíche Shamhna, oíche staire

Breathnaíonn Meabh Ní Choileáin ar an sean agus ar an nua i gcás traidisiún agus stair an bhféile baothchreidimh atá á gcéiliúradh againn le breis is 2000 bhliain anuasNuair a smaoinaítear ar Oíche Shamhna in Éirinn, ní féidir a shéanadh ach go dtagann tradisiúin áirithe chun chuimhne ar an spota. Mar shampla, níl orainn ach sracfhéachaint ar laethanta ár n –óige agus feicimid go leor íomhánna den phuimcín geal snoite san fhuinneog, dúinn ag tumadh ár n –aghaidheanna i mbabhlaí móra uisce ar tóir úlla agus airgid, agus dúinn ag dul ó theach go teach ag bailiú chnónna agus milseáin ó na gcomharsanna.Cinnte, bhaineamar an –sult as Oíche Shamhna nuair a bhíomar níos óige agus na dea –chumhní go léir a théann leí mar fhéile, ach ní mór an ceist a chur: Cé gur scríobhamar uilig aiste ar an ábhair ag pointe éigin agus muid ar an mbunscoil, an bhfuil stair na féile tábhachtach seo ar eolas againn sa lá atá ann inniú?Creid nó ná chreid, is féile ársa Cheiltigh í Oíche Shamhna atá breis is 2,000 bhliain d’aois. Ní fiú leithscéal atá inti chun cultacha a chuir orainn agus féasta a bheidh againn.Dhéanadh na Cheiltigh céiliúradh ar an gcéad lá de mhí na Samhna, in onóir don bhliain nua, lá a d’fhág slán le laethanta geal an tsamhraidh agus an fhómhar agus a chur fáilte roimh an geimhridh fuar, dorcha. Ceann de phríomhfhéilte na Cheiltigh é céiliúradh an bhliain nua ach dár leis an béaloideas agus na seanscéalta, bhí an –tábhacht ag baint leis an oíche roimhré chomh maith – Oíche Shamhna.Oíche draoíchtúil is ea í Oíche Shamhna agus chreid na Cheiltigh gur bhriseadh na  teorainneacha idir an saol seo agus spioraid na mairbh an oíche baothchreidimh seo. D’fhéadhadh lucht na marbh filleadh ar an domhan arís don oíche seo amháin. Thógadh siad foirm caillaigh, taibhsí, cait dhubha, púcaí nó aon foirm ait eile agus dhéanadh siad trioblóid do dhaoine an domhain seo.Chreid daoine ag an am go ndéanadh solas de shaghas ar bith cosaint i gcoinne spioraid na mairbh, rud a chur tús leis an tine chnámh, ceann de na nósanna is mó atá ann fós. Chuireadh barra agus ainmhithe ar lasadh chun na spioraid ábhailleacha seo a choimeád as bealach.Chomh maith leis seo, ghléas daoine suas ionas nach n –aithneoidh na spioraid iad agus go mbeadh siad slán uathu. Is uaidh seo a thagann nós na gcultacha, cé nach n –úsáidtear cinn ná craiceann ainmhithe na laethanta seo, mar a d’úsáidtí ag an am.Déantar céiliúradh ar Oíche Shamhna i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Cé go gcuireann gach tír beim níos mó ar nósanna áirithe, tá cúpla nós ann atá láidir i ngach áit. Mar shampla, an nós ‘Bob nó Bronntanas’, nuair a théann páistí ag cnagadh ar doirse timpeall na chomharsanachta ag lorg milseáin agus torthaí.Cuireadh tús leis an nós seo nuair a d’fhág na Ceiltigh bia amach do na spioraid chun iad a shásamh. Sa lá atá ann inniú, deir go leor daoine gur nós ciantréimhseach é seo, nach bhfuil mórán baint aige le traidisiún Oíche Shamhna ach spreag rud éigin é mar nós, fiú muna bhfuil an ceangail sin sofheicthe níos mó.I gcodarsnacht leis an bhféile nua –ceaptha, Lá Fhéile Arthur nó  Lá Fhéile Vailitín, ní chéiliúradh tráchtála í féile Oíche Shamhna. Ní feachtas fógraíachta rathúil í agus ní dhéanann sí saothrú mhothúchánach ar dhaoine ach oiread. Níor tháinig sí ar an saol ar mhaithe le hairgead a dhéanamh ná leithscéal a thabhairt dúinn gloinne a árdú.Tá stair agus traidisiún saibhir ag baint le Oíche Shamhna, a bhfuil meas againn orthu go fóill. B’fhéidir gur i ngan fhios dúinn é seo, ach tá na sean –nósanna Ceiltigh fós bríomhar agus muid ag céiliúradh ar an 31ú Deireadh Fomhair.Cé nach raibh tinte ealaíne le feiceáil sa spéir sna seanlaethanta, nó an oiread sin Lady GaGa’s agus Jedward’s beaga ag dul ó theach go teach ach oiread, tá éifeacht scáthánach le brath idir an sean agus an nua i gcás féile Oíche Shamhna, rud a thugann muinín dúinn go mbeidh sí láidir leis na blianta anuas.Gluaistine chnámh – bonfireféile ársa Cheiltigh – ancient Celtic festivaldraíochtúil – magicalbriseadh na teorainneacha – breaking the boundariesBob nó Bronntanas – Trick or Treatciantréimhseach – secularfeachtas fógraíochta – advertising campaigntinte ealaíne – fireworkséifeacht scáthánach – mirror effect