Nach nDéanaimis Dearmad

Labhraíonn Niamh O'Regan faoi an gaol idir daoine Éireannach agus an poipínLe linn agus i ndiaidh an Céad Cogadh Domhanda, d’fhás poipíní ar an bhfronta tosaigh. As seo tháinig an dán cáiliúil de chuid John McCrae “I bPáirceanna Flóndras”. De bharr sin, d’éirigh an poipín mar shiombail chuimhneacháin orthu siúd a fuair bás le linn an Chogadh. Is í an Bhreatain an tír is cáiliúil  as iad a chaitheamh, ach níor thosaigh  an nós ann. Chuir bean Mheiriceánach, Moina Michae, tús leis i ndiaidh dán McCrae a léamh. Gheal sí go gcaitheadh sí poipín mar chuimhneacháin i gcónaí. I 1921, thóg an American Legion an poipín mar a siombail. Ba bhean Fhrancach, Anna Guérin, a thug chuig na hEorpa é.Anois is an Bhreatain don chuid is mó a chaitheann an poipín. Bíonn siad ar fáil le linn Mí na Samhna, de thoradh ar Domhnach an Chuimhneacháin. Tá ceisteanna ann maidir leis an cheart do mhuintir na hÉireann an poipín a chaitheamh, in éineacht lenár gcomharsana, as go raibh mórán Éireannach arm na Breataine. Ag an am céanna tá argóintí an nár cheart d'Éireannaigh iad a chaitheamh.Is cuimhneacháin é ar saighdiúirí is oibrithe cogaidh a fuair bás le linn a gcuid oibre. Sa Bhreatain is cuimhneacháin é do na fír a fuair bás agus iad ag troid ar son na Breataine. Le linn an Chogadh Mhór, liostáil 200,000 saighdiúirí Éireannach, in arm na Breataine. Cuimhníonn an poipín ar na fir is na mná seo chomh maith. Bhí saighdiúirí ón domhan uile páirteach in arm na Breataine, agus ní ceart dearmad a dhéanamh orthu. Ach, in Éirinn tá an cás níos conspóidí. Do chuid mhór den phobail, seasann an poipín mar shiombail den chos ar bolg a rinne airm na Breataine ar mhuintir Tuaisceart na hÉireann.Fadhb amháin a bhíonn ag roinnt daoine le caitheamh an poipín ná an t-airgead. Téann an t-airgead a bhailítear ó na poipíní chuig an Royal British Legion agus úsáidtear é chun aire a thabhairt do bhaintreach na marbh agus na saighdiúirí atá gortaithe don saol. I dtús báire is dóibh siúd a bhí bainteach le bás agus troid sa Chogadh Mhór, cogadh ina raibh 200,000 saighdiúir Éireannach. Mar sin bhí an t-airgead a chaitheadh ar na bpoipíní in Éirinn, ar son saighdiúirí Éireannach. Tá na mbaintrí is na saighdiúirí gortaithe ón gCéad Cogadh Domhanda ar fad marbh anois. Níl ach scata saighdiúirí fágtha ón Dara Cogadh Domhanda. Anois don Bhreatain cuimhníonn an bláth ar na cogaí atá ag dul faoin am seo, agus níl an líon céanna Éireannaigh sna cogaí seo. De bharr sin, ní fheictear mórán maitheas sa tír seo as ucht an “Poppy Appeal”.Gearrán amháin faoi na poipíní atá tar éis teacht le blianta beaga anuas ná “Faisisteachas an Poipín”. Is é atá i gceist leis ná nach bhfuil a rogha ag daoine a thuilleadh an bláth a chaitheamh. Ní fheictear duine mór le rá gan poipín I mí na Samhna, duine ar bith a bhíonn ar an teilifís nó ag ócáidí móra is cuma an t-amhránaí iad ar xFactor, nó Príomh-Aire na Breataine ag labhairt ag an UN, nó imreoir spórt, bíonn poipín á chaitheamh acu. Níl aon fhadhb leis an bpoipín a chaitheamh más maith leat, ach ní ceart go mbeadh dualgas ar aon duine. Is siombail chuimhneacháin é, ní uirlis pholaitíochta atá i gceist, nó a cheart a bheith I gceist. Mura gcaitheann daoine an poipín uaireanta feictear orthu mar dhaoine nach bhfuil meas acu ar na marbh, cé nach bhfuil sé seo fíor.Tá slite eile, áfach chun cuimhneamh orthu a fuair bás le linn cogaidh, tá na gcolún móra le hainmneacha lucht cogaidh orthu sa Fhrainc is sa Bheilg ar an gcéad dul síos. Moltar in Éirinn, cuimhneamh ar na marbh le biorán ar nós an phoipín, ach le fiúise ina n-áit. Tá Óglaigh Náisiúnta na hÉireann (comhionann leis an Royal British Legion) tar éis an fiúise a thógaint mar shiombail cuimhneachán ar bhaill de na fórsaí armáilte atá tar éis bás a fháil. Sa Fhrainc caitear an “Bleut de France” (lus gormáin), san Astráil caitear craobhóg mharóis. Cuimhnítear ar dhaoine fós, ach scartha ón mBreatain.Marcálann an bhliain seo 100 bliain ó thús an Céad Cogadh Domhanda agus 36 milliún taismigh. Is slí amháin é an poipín chun cuimhneamh orthu ach ní hé an t-aon slí. Ag deireadh an lae braitheann caitheamh an poipín ar an duine go hindibhidiúil. Má tá fonn ar dhuine é a chaitheamh, ba cheart go mbeadh an rogha sin acu pé áit ar domhan gan drochíde. Ar an taobh eile, mura bhfuil fonn ar dhuine é a chaitheamh, ní cheart go mbeadh drochíde ann dóibh siúd ach oiread.