Tá an Nollaig imithe uainn anois. An lá is fearr den bhliain taobh thiar dúinn. An phrapáil agus an t-atmaisféar inár gcuimhní don bhliain. Nach brónach an rud é. An tséasúr is ansa linn uilig imithe. Na maisiúcháin ar ais sa chófra
Ach, ach, ach, tús mí na Samhna atá ann! Níl an Nollaig imithe go fóill, táimid fós i bhfad uaidh!
Bhuel a chairde, nílim ag caint ar an Nollaig mar a smaoiníonn sibh air. Tá mé ag caint ar Nollaig níos fearr, Nollaig rúnda, ar a ndéantar céiliúradh níos fearr ná a dhéantar don Nollaig sin fós le teacht. Sin é Nollaig na nGael, Oireachtas na Samhna, Oireachtas na Gaeilge.
Cad é Oireachtas na Samhna agus conas gur féidir leat a rá go hionann an fhéile agus an Nollaig?
Is féile é Oireachtas na Samhna a dhéanann céíliúradh ar thaobhealaíona na Gaeilge. Bailíonn na Gaeil le chéile don fhilíocht, don scéalaíocht, agus, i mbliana, don rap-cheol. Gléasann na Gaeil ina gcuid gúnaí galánta , cosúil le cóisir na hathbhliana, agus caitheann siad an deireadh seachtaine le chéile.
Amhail do chlann ag Am an Nollag.
Is é scoth an bhia a bhíonn againn ag Oireachtas na Samhna. Idir thrinsiúir mhéaróga bia agus dhinnéir rósta, bíonn béilte ollmhóra ag na Gaeil, ach gan mamaí éinne ag béicíl sa chistin nach dtugann duine ar bith cúnamh di.
I mbliana ghlac mé le spiorad an Nollag thar na féile a bhí ar siúil ar Oíche Shamhna agus bhí bia speisialta Bhéal Feirste agam - An Christmas Chip cáiliúl. Yes, bhí sé agam fá choinne bricfeasta. No, ní raibh náire ar bith orm.
Cosúlacht eile idir Nollaig na nGael agus an gnáth-Nollaig ná teacht le chéile na muintire.
An mhuintir sin ná muintir na nGael.
Bíonn achan duine ann, ó do mhúinteoir Gaeilge ón ardteist agus mamó do charad go bainisteoir d’fhoireann peile agus daoine nach bhfaca tú ó Oireachtas na bliana seo chaite!
Deireadh seachtaine lán le craic, ceol, agus ól. Bíonn na deochanna ag teacht i lár na hoíche (nó tús na maidine moiche) agus is minic nach ndúntar Club na Féile roimh 4r.n.
Chan amháin go mbíonn an craic bainte leis an rince (seite) agus an club, bíonn sé bainte leis an talann agus an iomaíocht fosta.
Chífidh, agus cloisfidh tú comórtais de gach saghas in ionaid an Oireachtais. Is ansin a bhíonn Corn Uí Riada, príomhchomórtas amhránaíocht ar an Sean-Nós na hÉireann, i measc comórtais ón agallamh beirte go aithriseoireacht do pháistí 3-5 bliana! Agus i mbliana rud an-speisialta nuair a tháinig baill de Kneecap chun mholtóireacht a dhéanamh ar chomórtas rap-cheoil do páistí faoi 12!
Beidh féile na bliana, Nollaig na nGael, an Nollaig is fearr den bhliain, ag filleadh ar Chill Airne an bhliain seo chugainn agus táim ag tnúth libh a fheiceáil ann. Ní thuigfidh tú brí an Nollag go dtí go dtagann tú chuig Oireachtas na Samhna!
Bígí ann nó bígí gann.
