San alt seo, déantar roinnt machnaimh ar TG4, RTÉ, agus úsáid na meán sa lá atá inniu ann.
Ocht n-uaire a thógann an eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Washington DC. Ní cheapfá é, agus na mílte scéalta a thagann thar lear ó na Stáit Aontaithe Mheiriceá go hÉirinn gach uile lá. Ach, b’fhéidir go dtagann siad le tonnta an Atlantaigh.
Ní minic a théann lá thart sa tír seo faoi láthair gan nuacht faoi chúrsaí polaitíochta thall in SAM a chloisteáil. Má chaitear súil ar suíomh gréasáin RTÉ, tá gach seans ann go bhfeicfidh tú pictiúir an Trumpaigh agus ailt faoi fhógraí is déanaí an rialtais thall úd. Is amhlaidh an scéal seo leis na meáin shóisialta Instagram, TikTok agus araille.
Ach, ní hé sin le rá nach bhfuil nuacht náisiúnta ann nach bhfuil i mbéal an phobail. Tá TG4 lárnach maidir le tuairisciú faoi nuacht áitiúil agus nuacht náisiúnta na hÉireann. Cuir i gcás, nuair a bhuail stoirm Eowyn an tír seo le gairid, bhí TG4 chun tosaigh maidir le tuairisciú faoina héifeachtaí tromchúiseacha.
Glactar leis go forleathan go bhfuil clúdách na meán difriúl déanta ag TG4 i gcomparáid le RTÉ. Is é sin le rá go ndíríonn a leithéidí TG4 go príomha ar na scéalta áitiúla sa Ghaeltacht agus scéalta náisiúnta chomh maith le roinnt tuairiscithe faoi chúrsaí idirnáisiúnta. Os a choinne sin, bíonn a leithéidí RTÉ ag tuairisciú scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta go príomha le miontuairisciú faoi chúrsaí áitiúla.
Ar an gcaoi seo, is suimiúil a aithint an cur chuige difriúil maidir le tuairisciú na nuachta a dhéantar i nGaeilge agus i mBéarla. Ina fhianaise sin, áfach, tá sé ríthábhachtach go bhfuil srutháin nuachta dhifriúla againn sa tír seo. I bhfocail eile, caithfimid cloisteáil leis an nuacht a thagann ar thonnta an Atlantaigh mar aon leis an nuacht a thagann ónár bpobail féin.
Ach, cén tábhacht a bhaineann leis seo? Bhuel, tugann a leithéidí TG4 ardán do dhaoine a chun a gcuid tuairimí féin a chur in iúl don domhan mar aon leis an deis a scéalta a roinnt le pobal na hÉireann. Tá na scéalta agus na peirspictíochtaí seo lárnach le daoine a spreagadh chun athrú a dhéanamh, agus dá réir, cruthaíonn siad aontacht i measc ball de phobal.
Is fiú a lua freisin go bhfuil neart eile foinsí nuachta i nGaeilge ann arb fhéidir le daoine agus ar cheart do dhaoine úsáid a bhaint astu freisin. Cuir i gcás, foilsítear ailt Ghaeilge ar Tuairisc.ie agus ar Nós.ie go rialta agus tá neart staisiún raidió ann cosúil le RNAG, Raidió Rí-Rá, agus Dublin Digital Radio a chuireann cláir as Gaeilge ar fáil.
Ina theannta seo, ní féidir tábhacht na nuachta idirnáisiúnta a shéanadh freisin. Tugann scéalta ó thíortha eile peirspictíochtaí domhanda dúinn agus ligeann siad dúinn ár gcur chuige féin a athbhreithniú. Is fiú a rá freisin go mba cheart éisteacht le nuacht ó thíortha éagsúla freisin mar cuidíonn an t-eolas domhanda seo linn agus muid ag iarraidh comhoibriú a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda atá os ár gcomhair.
Is é seo ar fad le rá go mba cheart dúinn smaoineamh ar ár gcaidrimh féin leis na meáin. Ós rud é go scaiptear scéalta agus faisnéis chomh gasta sin, ba cheart dúinn machnamh criticiúil a dhéanamh ar an mbealach ina n-úsáidimid na meáin.
Ciallaíonn sé seo go mba cheart dúinn ár nuacht a fháil i nGaeilge agus i dteangacha eile (más féidir é), ó fhoinsí éagsúla, agus smaoineamh agus scrúdú a dhéanamh ar na foinsí iad féin. Ní hamháin sin ach déantar dearmad air go minic go bhfuil rochtain as cuimse againn ar mhórchuid eolais faoi láthair. Ar an gcaoi sin, ba cheart machnamh a dhéanamh faoin méid ama a chaitear leis na meáin agus ba cheart sos a ghlacadh ó ham go ham.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a áitiú go bhfuil tábhacht ag baint le gach scéal ó gach cearn an domhain mhóir. Is mar gheall air seo atá sé de dhualgas orainn cluas chriticiúil éisteachta a thabhairt do na scéalta a thagann ónar dtír féin mar aon leis na scéalta a thagann le tonnta na mara.