Mise Fosta, UCD & an ghluaiseacht in aghaidh na ndrochúsáide ghnéasacha

Cé go bhfuil íomhá fáilteach, spraoiúil ag an saolréim thraid, tá taobh dorcha le bhraith nuair nach bhfuil ceoltóirí - gur mná den chuid is mó díobh - sábháilte ón gcineál fhoréigean ghnéasach seo. Tuairisciú ó Shane MacDhomhnaill.

I 2017 a tháinig scaipeadh ollmhór ar an haischlib #MeToo i ndiaidh na líomáintí i leith Harvey Weinstein maidir le drochúsáid ghnéasach. Trí bliana níos déanaí a tháinig an ghluaiseacht #MiseFosta chun cinn. Is éard atá ann ná ghrúpa ceoltóirí thraidisiúnta in Éireann atá ag tabhairt aghaidh ar chultúr an chiapadh is an drochúsáid ghnéasach laistigh den tionscal cheoil agus rince thraidisiúnta. 

Thar an tsamhraidh, tháining grúpa mná amach lena gcuid scéalta maidir le ghnéasachas, ciapadh agus drochúsáid ghnéasach a rinneadh orthu agus iad ag gigeanna agus ag féilte. D’fhás an ghluaiseacht ó ghrúpa ceoltóirí óga ag baint úsáid as an haischlib - agus anois tá siad ag tarraingt ard ar an fhadhbh seo agus ag cuir iachall ar daoine aghaigh a thabhairt ar an fhadhbh céanna. Is ghrúpa scaoilte iad atá bainteach leis, le thart ar fiche ceoltóirí - fireann agus baineann araon - á stiúradh. Tá siad ag cur in iúl don tír nach bhfuil ciorcail cheoil thraidisiúnta imdhíonach ón ngalar seo. Cé go bhfuil íomhá fáilteach, spraoiúil ag an saolréim thraid, tá taobh dorcha le bhraith nuair nach bhfuil ceoltóirí - gur mná den chuid is mó díobh - sábháilte ón gcineál fhoréigean ghnéasach seo. Ar leathanach Instagram na gluiseachta seo, deirtear gurb iad na éilithe atá uathú ná: “To fight the various forms of abuse which for too long have gone unchecked within the Irish traditional music scene.”

I rith mí Lúnasa, rinne PrimeTime Investigates faisnéis ar an obair atá na daoine bainte le Mise Fosta ag déanamh, agus na scéalta atá acu i leith a taithí den drochúsaid ghnéasach. Mná amháin a labhair ná Éilis Murphy, a labhair maidir le ionsaí ghnéasach a rinneadh uirthi agus i ocht mbliana déag d’aois. Mhúscail sí i leaba óstáin i ndiaidh cheolcoirm agus ionsaí ghnéasach á dhéanamh uirthi ag ceoltóir eile. Dúirt sí leis an gclár: "I woke up and my dress was up to my breasts and his hand was down my underwear. I thought, am I dreaming, am I hallucinating? I was freaked out, I jumped up, ran out of the hotel room. I was shaking. I was going to get sick. I was just horrified. It was so strange and so disturbing that he waited until I was unconscious to make a move on me." Shéan an fear go ndearnadh sé ionsai ghnéasach uirthi, agus rinne Éilis an cinneadh gan dul chuig na Gardaí lena scéal - cheap sí gur ócáid aonarach a bhí ann. De réir dealramh, áfach, deir beirt mná eile go ndearnadh an fear céanna ionsaí ghnéasach orthu, freisin. 

Cé go bhfuil aitheantas ag an saolréim thraid go bhfuil sé cairdiúil, beomhar agus spraoiúil, is cosúil go bhfuil géarghá aghaidh a thabhairt ar an gcineál eachtra seo. Ní hé go bhfuil na daoine a dhéanann na sórt ionsaithe seo i bhfolach sna scáthanna - a mhalairt atá fíor. Tá na daoine a dhéanann ionsaithe ghnéasach mór thimpeall orainn agus b’fhearr dúinn ar fad an fhírinne sin a aitheant. 

Le roinnt seachtanaí anuas, tá scéalta tagtha chun cinn maidir le drochúsáid ghnéasach agus ciapadh i UCD. Tá sé tuairiscithe ag an University Observer le déanaí go bhfuair Melissa Plunkett, iar-Oifigeach Leasa an choláiste, 363 ghearrán i leith an chiapadh is an drochúsáid ghnéasach i rith na scoilbliana 2018-19. Deir Plunkett gur ligeadh síos í ag an gcoláiste nuair a rinne sí iarracht ard a tharraingt ar na ghearrán seo. Tagann sé seo i ndiaidh scéal Aoibhinn Ní Shuilleabháin, a ndéanadh ciapadh uirthi thar tréimhse dhá bhliain ag ball foirne UCD agus í i mbun oibre sa choláiste. Rinne sí gearrán maidir leis an gciapadh seo go dtí an choláiste, ach bhí drogal ar UCD aon ngníomh a dhéanamh. Bhí ar Ní Shuilleabháin a scéal a thabhairt chuig na nGardaí. Mhair an ciapadh dhá bhliain i ndiaidh di na h-eachtraí a chuir in iúl don choláiste.

Seoladh ríomhphost ag Déan na Mic Léinn, Jason Last, chuig mic léinn UCD ar an 2ú Deireadh Fómhair ar son an ghrúpa UCD ESHTE (Ending Sexual Harrassment and Violence in Third-Level Education). De réir dealramh, is iarracht é seo chun cosc a chur ar ionsaithe ghnéasach i UCD. É sin ráite, an dá scéim atá curtha san áireamh ag an ngrúpa, is modhanna iad chun eachtraí a thuarisciú - i ndiaidh dóibh tarlú. Ach más féidir bhraith ar stair an choláiste bheith ag deileáil le h-eachtraí go dtí seo, ní féidir linn bheith muiníneach as na modhanna nua thuairiscithe seo. Ní leor a thuilleadh físeán a thaispeáint chuig Freshers maidir le cupán tae a bhrú ar dhaoine - is gá dúinn comhrá fíor a bheith againn lena chéile maidir lenár gcuid tuiscint ar toiliú ghnéasach. Tá muid ag ligean síos mná mór thimpeall na tíre nuair a dhiúltaíomar an chomhrá sin a bheith againn.

Is tríd an obair atá á dhéanamh ag Mise Fosta agus a leithidí de Éilis Murphy a thiocfaidh athrú ar ár tsochaí. Tá éilithe na h-eagráin le bhraith go soiléir ar a leathanach Instagram. Lorgaítear go ndéanadh admháil nach bhfuil an saolréim thraid imdhíonach ón gcineál drochúsáid seo; go labhródh amach maidir le na h-eachtraí seo; chun oiliúnt maidir leis an gcineál iompar seo a bheith ag daoine ionas gur féidir an chultúr seo a athrú. Níl an fhadhbh seo srianta go aon rian faoi le den tsaol - tá sé le bhraith go bhforleathan i ngach áit. Tá sé de dhualgais orainn mar sochaí dul i ngleic leis an fhadhbh seo chun go bhféadfaimis aicíd na ndrochúsáide ghnéasach a ghlanadh uainn. Tá ceartas de dhíth orthu siúd a bhfuil ag fulaingt - is iad ár ndeirfiúracha, ár máithreacha, ár n-aintín, ár gcairde. Tá céimeanna tógtha againn le blianta anuas - a leithidí de aisghairmiú na h-ochtú leasa atá ar intinn agam. Ná titimid ag an gcliath seo.

Is féidir dul i dteagmháil le Mise Fosta tríd a gcuntas Instagram - @misefosta - no tríd ríomhphost a sheoladh go misefostarunda@gmail.com.