Tuairiscíonn Shane MacDomhnaill faoina thaithí a bheith ag maireachtáil le linn paindéim, agus na h-impleachtaí atá ag an bpaindéim ar an meabharshláinte choiteann.
Is annamh an ócáid a bhíonn éifeacht chomh mhór ar an mheabharshláinte choiteann is a bhí ag an bpaindéim le 18 mhí anuas. Ag an tús ar fad, rud úr, aisteach, nua a bhí ann a bheith suite sa bhaile go laethúil, le nósanna nua á thosú againn agus am sa bhreis á gcaitheamh againn lenár dteaghlaigh. Faoi dheireadh, áfach, tá an meirg sáite inár n-ailt. Ag an tús bhíomar ag leanúint cásanna laethúil den víreas go ghéar agus anois níl uainn ach lá a chaitheamh gan trácht den víreas a chloisteáil. Ní dheirim an méid sin chun drochmheas a léiriú d’éinne atá i nidiaidh duine a chailleadh de bharr Covid-19, ach braitheann an seansaoil uaim. Cé gur dea-nuacht í go bhfuil sé i gceist ag an Rialtais an chuid is mó de na srianta a bhaint faoin 22ú Deireadh Fómhair, fhad is go bhfuil clúdach aghaidh á gcaitheamh agam agus mé ag obair ní bheidh mé ar mo chompórd. Is ea an cur isteach ar an saol laethúil seo a dhéanann dochar den mheabharshláinte. Tá na srianta atá i gceist chuile lá bun ós cionn leis an tslí a bhí agam roimh ré - ag crochadh thart i siopaí caifé, ag ól i dtithí tabhairne agus i gclubanna oíche, ag freastal ar cluichí spóirt. Tá na rudaí seo ar fad ag filleadh dígh ar ndígh, ach tá rian fágtha ag an mbearna sin.
Is é an rud is mó a chaill muid le linn na paindéime ná an nasc idir-phearsanta a bhí ann roimh ré. Bheinn i mo bhreagadóir do mo rud é go ndúirt mé nach raibh mé níos dhúnta mar dhuine de bharr rialacha scaradh shóisialta a mhol dom gan a bheith níos gaire ná dhá mhéadar d’éinne eile. Táim cúlaithe anois, rud atá an-deacair a fhreaschuir. Táim amuigh san fharraige ar mo bháidín féinig anois agus braithim go bhfuil formhór na ndaoine mar an gcéanna. Ní mar seo a ba chóir dó a bheith. Níor mhaith liom a fheiceáil na liostaí fanachta a bhéas ann d’aon sheirbhís mheabharshláinte de chuid an HSE i ndiaidh na paindéime. Níl éinne nach bhfuil ag fulaingt ag leibhéal éigin, más é sin go shóisialta, go meabhrach, no go fisiciúil.
Táim buartha de mheabharshláinte na h-óige i ndiaidh na paindéime. Bíonn seomra ranga lán de dhéagóirí ós mo chomhair chuile lá le chlúdaigh aghaidhe orthu agus deighilt perspex eatarthu. Na buachaillí agus cailíní ag cuir tús leis an gcéad bhliain, ní fheictear aghaidh a chéile den chuid is mó den lá - conas a dhéanfá cairde sna coinníollacha seo? Tá comharligh in Oispidéal Bon Secours i gCorcaigh i ndiaidh méadú a fheiceáil san méid páistí le siomptóim den imní orthu ó thús na paindéime, cúis buairt dúinn ó thaobh meabharshláinte an ghlúin óg seo. Sular thosaigh a leithead, bhí géarchéim mheabharshláinte ann cheanna féin i measc daoine óga - níl aon dul as go bhfuil seans ollmhór ann gur níos measa atá an ngéarchéim sin anois. Agus muid ag bogadh i dtreo deireadh na paindéime, is ghá díriú isteach ar sin. Ní féidir an ghlúin seo a fhágáil chun iad féin a chosaint i gcoinne an imní agus an dúlagar atá fágtha mar rian ag an tréimhse seo.
Tá dhá thaobh le bád, áfach, agus tá cúiseanna gliondar le feiscint. Chuir chara liom, Cormac Ryan agus a chomhluadar, tús le feachtas rothaíochta trasna na hEorpa le déanaí. Chuireadar tús ar Oileáin Acla, ar chósta thiar na tíre, agus críochnóidh siad i gCathair na hAithne, príomhchathair na Gréige. Tá siad ag déanamh an éacht seo, gur turas 6,000 chiliméadar é, chun airgead a bhailiú do na carthanachtaí mheabharshláinte Pieta House agus Bodywhys. Is ea chineáltas na ndaoine a léiríonn é fhéin go minic in uaireanta a mbímid faoi scáth dhorcha namhaid amháin nó namhaid eile.
Tá spórt ceadaithe arís, chomh maith. Más rud é gur fhoghlaim mé rud ar bith ón dtréimhse seo, is ea tábhacht an spóirt atá ann. An uair an chloig nó dhó sin, cúpla uair sa tseachtain; faoin aeir agus ag rith, ag ciceáíl, ag caitheamh, ag léim. Is mór an nasc atá ann idir an sláinte fhisiciúil agus an sláinte meabhrach. Ní féídir a shéanadh go bhfuil an tréimhse seo i ndiaidh líne a chuir faoi na rudaí is tábhachtaí, rudaí nar chóir dúinn meas faoina luach a thaispeáint dóibh.
Tá formhór na tíre i ndiaidh an deis a thapú, go neamhspleách, vaicsín a fháil. Ba chóir dúinn a bheith bródúil asainn fhéin mar tír - bhí muinín againn san eolaíocht, in ionad an droch eolas atá le feiscint ar líne. Sheasamar an fód agus sheasamar é go storrúil agus go thréan. Beidh amanna níos ré-chúisí ann, agus is cúis den dóchas é sin. Sa dtreo sin a dhírím m’aigne nuair a éiríonn rudaí trom. Tá an ualach trom, is an bóthar fada, ach táimid á theastail go mhisniúil.