Maoin in easnamh: Leabhar Cheannanais fós i TCD

Fiafraíonn Síofra Ní Shluaghadháin an seans go bhfillfidh Leabhar Ceannanais abhaile lá éigin go luath.[br]LE cúpla lá anuas, tá preas ráiteas  tagtha amach as oifigí chomhairle cathrach Baile Átha Cliath, agus ó chomhairle contae Chill Dara, agus iad ag fiafraí de Choláiste na Trionóide an mbeadh aon seans ann go raibh siad tinn tuirse den aird uilig a baineann le Leabhar Cheanannais a bheith faoi sheilbh acu. Tagann an ráiteas seo tar éis cúpla mí de chainteanna, a tháinig i ndiadh iarracht an Leabhar a ghoid níos luaithe i mbliana. Ní raibh aon trácht den iarracht seo sna meáin toisc nach raibh an Chomhairle Cathrach ró-shásta leo siúd a bhí fostaithe acu an leabhar a ghoid sa chéad dul síos. Níl aon ainmneacha luaite, ach tugtar le fios dúinn anseo sa Túr Uisce gurbh as tuaisceart na cathrach don duine seo, agus gur tugadh maithiúnas de shaghas éigin dóibh as ucht an jab a dhéanamh. Anois, tar éis orthu teip, caithfidh siad filleadh ar modhanna taidhleoireachta chun an Leabhar a fháil ar ais.  Níos mó ná míle bliain ó shin, shuí scríbhneoirí i mainistreach i gCill Dara, ag déanamh cóipeanna galánta den Bhíobla, agus iad ag déanamh ómós do Dhia. Inniu, tá cóip den chuid sin ina suí in Ollscoil na Trionóide, agus íocann na mílte turasóirí chun é a fheiceáil, agus iad, is dócha, ag déanamh ómós don chaipitleachas. Nach mór an t-athrú atá tagtha ar an domhain?Leis an bliain atá ann, tá mórchuid airde a tharraingt ar stair sa phobail, agus, i mo thuairimse, is gá súil a chaitheamh ar an saibhreas náisiúnta seo, agus an cheist a cur – cé ar leo a leithid d’iarsmaí mar seo? Chuir muid ceist ar roinnt daoine thart ar an campas anseo i gCOBÁC, agus, seachas le roinnt mic léinn eachtrannacha (20%), agus cúpla eile a bhí i mbun staideár ar an stair (10%), ní raibh mórchuid suime ag aon duine sa scéal. Dúirt 40% gur cheart iarracht níos fear an leabhar a goid, toisc nach raibh aon mhaitheas rudaí a fhágáil i gColáiste na Trionóide. Ní raibh trácht cloiste ag 40% eile faoin leabhar.* Ar nóta eile, nach mór an trua nach íocann turasóirí chun cuairt a glacadh chun bradaíl nua-aimsire a fheiceáil? Bheadh sé ina bhealach mhaith don Ollscoil airgid a gnóthú!*Admhaíonn an roinn staitistic anseo gur theip orthu sa mata. Tá siad ag glacadh le deontais chun táillí athdhéanamh a íoc. Seol teacs leis an bhfocail TEIP chugainn chun €240 a thabhairt dóibh inniu. Ní féidir linn geallúint nach ceannófar vodca leis an t-airgid seo. Gluais:Leabhar Cheannanais- Book of Kells modhanna taidhleoireachta- diplomatic methods