Inniu, is fánach an áit a bhfaighfeá duine nach raibh an t-aimn “Burke” cloistear acu, Enoch Burke ach go háirithe.
Ba mhúinteoir meanscoile é Burke, é ag múineadh Gearamáinis agus Stair sa scoil “Wilson Hospital”. Agus é ag múineadh ann, d’fiafraigh dalta go n-úsáidfaí forainmneacha éagsúla agus daoine ag déanamh tagairte dóibh. Bhí bainistíocht na scoile sásta glacadh le seo agus mholadar go n-úsáidfaí na forainmneacha a bhí ag teastáil ón dalta. Ba mhór an fadhb a bhí anseo do Burke agus deirtear gur thosaigh sé ag troid leis an bpríomhoide in ionad poiblí. Dar ndóigh, ní mó ná sásta a bhí bainistíocht na scoile leis an troid seo agus chuireadar ceist ar Burke seal a chaitheamh sa bhaile. Dhiúltaigh Burke agus i ndeireadh na dála, tar éis don chúirt an cheist a phlé, seoladh Enoch chuig an phríosúin ar feadh 108 lá.
Scaoileadh amach le déanaí é, an cúirt ag míniú gur cur amú airgid a bhí ann Enoch a choimeád sa phríosún. Anois, agus é fós ar bhóthar dearg na troda, tá Enoch ag seasamh taobh amuigh den scoil, é ag iarraidh a chuid fearga agus frustruchas a léiriú. Gearrtar píonóis €700 air gach lá a sheasann sé taobh amuigh den scoil ach fós leanann sé leis. N’fheadar an bhfaighfear riamh an t-airgead son? Dhá uair le déanaí a chur sé isteach ar chúrsaí na cúirte, é ag maslú an bhreitheamh agus ag cur amú ama na nGardaí agus na ndlíodóirí a bhí ann an lá son.
Agus muid ag caint sna meáin faoi Enoch, is minic a chailltear bunfhadhb an scéil seo agus is é sin nar lean Burke na treoracha a leag an príomhoide amach. Is minic a chuirtear fadhb na bforainmneach faoi sholais, daoine curtha amach go mbriseadh múinteoir amach as a phost toisc nach raibh sé sásta na forainmneacha nua a úsáid. Ach i ndairíre, is de dheasca troid agus easpa measa a thosaigh na trioblóide, trioblóid a lean Enoch leis, mar a duradh thuas.
Tá creideamh mar chuid lárnach de shaol na Burkes, mar aon le chuid mhaith de phobal na hÉireann. Tá Enoch Burke agus a chlann sásta troid go dian ar son a gcreideamh. Níl fadbh ar bith ann seasamh agus troid ar son do chreideamh, ach i gcás Burke, is ar daoine eile atá deacracht ag titim agus is ansin gur chóir líne a tharraingt.
Is ceist suimiúil é, na forainmneacha a bhí ag teastáil ón dalta scoile. Feictear cinnte go bhfuil coimhlint ann idir saoirse reiligiúnda Enoch Burke agus saoirse féiniúlachta an dalta. Creideann Enoch de réir a reiligiún de gur peaca atá ann forainmneacha a athrú agus, cé nach aontaím fhéin leis an tuairim, tá ceart aige an tuairim sin a bheith aige. Tá ceart chomh maith ag an dalta saoirse féiniúlachta a bheith acu agus an deis a bheith acu iad féin a léiriú don saol ina slí féin. Nuair a bhíonn coimhlint ann afách, cé acu a bhíonn tosaíoacht? Is casta, deacar an ceist seo agus is minic nach mbíonn freagra simplí nó soiléir ann. Is ceist chasta, dhlíothúil chomh maith é agus is iomaí troid a bhíonn acu sna cúirteanna maidir leis an gceist seo.
Agus Enoch ag feidhmiú de réir a reiligiún, tá éifeacht diúltach aige ar saol an dalta aonarach son agus ar saol gach uile dalta eile nach gcloínn le réiligiún Burke sa todhcaí. Tá an ceart aige Burke leanúint lena réiligiún féin agus a shaol a chaitheamh de réir na rialacha son. Ní cheart afách, ceist a chur ar gach uile duine eile cloígh leis na rialacha céanna son. Tá an saoirse ag daoine a saol a chaitheamh i bpé slí gur mhaith leo, ligeann sé sin do Burke saol réiligiúnda a chaithemh ach ní thugann sé cead dó saoirse daoine eile a thógaint uathu, á brú chun a rialacha réiligiún Burke féin a leanúint.
Is cinnte gur ar an dalta féin a thiteann cuid mhaith den fhulaingt ach ní hamháin an dalta a bheidh curtha amach mar gheall ar ghníomhaíochtaí Burke. Cuireadh airgead an cáiníocóra amú, iad ag íoc airgid chun Burke a choimeád sa phríosún ar mhaithe le ceannláidreacht. Cuirtear am na nGardaí amú gach uair a ghlaotar orthu chun, mar shampa, Burke a bhaint ón gcúirt mar a déanadh le déanaí. Agus an breiteamh ag eagrú cúrsaí reatha an lae, chur Burke stop leis sin, é ag iarraidh go ngcloisfí lena chás cé nach aige a bhí an seans. Tar éis tamaill agus an breitheamh ag diúltiú dá iarracht, thosaigh Burke ag maslú an bhreithimh agus glaoch ar na nGardaí chun é a bhaint ón gcúirt. Is cur amú d’am na nGardaí, an bhraitheamh, na dlíodóirí agus na gcliaint a bhí anseo. Feicimid arís agus arís eile gur mar seo a ghníomhaíonn Burke, ag cur isteach ar agus ag cur amú ama an ngnáthduine. N’fheadar an dtuigeann Burke go bhfuil achmhainní agus am luachmhar in úsáid aige, nó an é go dtuigeann agus go ró-chuma leis.
Is ar son a chreideamh atá Burke ag gníomhú. D’fhéadfaí a rá go bhfuil Burke ag iarraidh mairtíreach a dhéanamh dó féin agus é a gníomhú go láidir ar son a reiligiúin. An mairtíreach atá sé anois nó ceap magaidh, é ag cur amú a chuid ama ag snámh in aghaidh easa? Is cinnte go bhfuil an ceart ag gach duine troid ar son a gcreideamh agus dtuaraimí. I gcás Enoch áfach, is dó féin amháin atá sé ag troid agus tá sé ag iarraidh a sprioc a bhaint amach beag bean ar mothúcháin nó saolta daoine eile. I ndairíre, is an dalta aonarach atá ag fulaingt anseo agus Enoch ag iarraidh a réiligiún féin a bhrú ar an dalta agus smacht reiligiúnda a bheith aige ar an dalta.