Léirmheas ar Phodcraoltí Gaeilge

Image Credit: Jonathan Velasquez via Unsplash

Nuair atáthar ag déanamh staidéir ar an nGaeilge anseo i gCÓBAC, is uirlisí riachtanacha agus tábhachtacha iad podchraoltaí agus cláir Ghaeilge le do chuid Gaeilge a chur chun cinn.

Tá siad chomh tábhachtach sin mar gheall go gcuireann siad snas ar do chuid scileanna éisteachtachta agus tuisceana, agus tig leat do chuid stór focal a fheabhsú freisin. Ach, mura bhfuil an t-eolas cuí agat, tá sé deacair podchraoltaí a aimsiú agus a roghnú. Is mar gheall air seo atá mé ag scríobh an ailt seo - chun cúpla moladh a thabhairt do gach duine a bhfuil suim acu i bpodchraoltaí Gaeilge.

Scéal na hÉireann:

Baineann an podchraoladh seo le stair na hÉireann – na Ceiltigh, na Lochlannaigh agus an dó Bríde Uí Chléirigh san áireamh. Níl ann ach 6 eipeasóid sa tsraith agus tá siad ar fáil ar Apple Podcasts agus Spotify. Is eipeasóidí spéisiúla iad, agus d’fhoghlaim mé cúpla rud. Níl an t-ábhar a phléitear nó an friotal róchasta ach an oiread. É sin ráite, tá sé de nós ag an láithreoir athrá a dhéanamh ar rudaí uaireanta, agus chomh maith leis sin, seinntear ceol agus an láithreoir ag caint. Bhí mé ar mearaí mar gheall air seo ag an tús, ach chuaigh mé i dtaithí air tar éis tamaill. Ar an iomlán, is podchraoladh an-mhaith é Scéal na hÉireann.

Seal le Seán (Raidió Rí-Rá) :

Tá an podchraoladh seo ar fáil ar Apple Podcasts, Spotify agus Google Podcasts. Tá níos mó ná 800 eipeasóid ann, agus scaoiltear ceithre eipeasóid achan seachtain – mar sin, tá a lán roghanna agat. Sa tsraith, labhraíonn an láithreoir, Seán Ó Dubhchon, “le haíonna speisialta i saol agus pobal na Gaeilge faoi na rudaí iontacha atá ar siúl acu agus bainte amach acu go dtí seo,” mar a deir Seán féin. Is as cúige Uladh é Seán, ach tá na haíonna ó gach cearn den tír. Mar sin, ligeann an podchraoladh seo do gach duine aithne a chur ar chanúintí difriúla, agus go háirithe aithne a chur ar an gcanúint Uladh. Anuas air seo, is féidir foghlaim faoin bpobal Gaeilge agus na hiarrachtaí a dhéantar chun an Ghaeilge a chur chun cinn ón bpodchraoladh seo. Bhain mé an-sult as a bheith ag éisteacht leis an bpodchraoladh seo, go háirithe nuair a bhí aithne agam ar chuid de na haíonna. Ach, rud amháin ar fiú é a lua ná nach bhfuil Gaeilge líofa ag cuid de na haíonna, ach, é sin ráite, tá Gaeilge mhaith ag an bhformhór acu.

RTÉ Raidió na Gaeltachta 50/ RnaG-DBG50 (Raidió na Gaeltachta):

Tagann an 51 eipeasóid ón gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga i nGaoth Dobhair le caoga bliain anuas. Baineann na heipeasóidí le rudaí difríula: logainmneacha, nósanna báis agus tithe sholais san áireamh. Cé gur taifeadadh cuid acu sna seachtóidí, tá an caighdeán fuaime an-mhaith. Tá Gaeilge Uladh ag na cainteoirí ar fad, agus uaireanta tá a mblasanna an-láidir. É sin ráite, is féidir dul i dtaithí ar an gcanúint ón bpodchraoladh, ach tá caighdeán Ghaeilge réasúnta maith ag teastáil chun iad a thuiscint ar dtús.

Craic Pod:

Tá 12 eipeasóid sa tsraith seo, agus tá siad ar fáil ar Apple Podcasts. Is podchraoladh é seo ó Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga. Tá aoi difriúil in achan eipeasóid, agus tá canúintí difriúla acu. Pléann na haíonna a saolta, a gcuid oibre, a gcaidreamh leis an nGaeilge, agus rudaí spéisiúla eile. Bhain mise sult as an bpodchraoladh seo, agus cheap mé go raibh sé furasta a thuiscint, ach braitheann sé, dar ndóigh ar cé chomh compordach is atá tú le canúintí difriúla.

Gaeilge Anois:

Is maith liom an ceann seo. Is gnáthdhuine é an láithreoir – fear óg sna fichidí moiche atá tar éis céim a bhaint amach sa Ghaeilge (ar a laghad, bhí sé tar éis céim a bhaint amach nuair a thosnaigh sé an podchraoladh sa bhliain 2021). Tuigeann sé na fadhbanna a bhfuil daoine óga ag streachailt leo mar is duine óg é, ach ag an am céanna, tá dearcadh chomh dearfach aige. Is é aidhm an phodchraolta seo ná an Ghaeilge a chur chun cinn, agus moladh a thabhairt do na daoine a oibríonn san earnáil Ghaeilge. Tá 21 eipeasóid i gceist, agus maireann siad idir 18 bomaite agus 81 bomaite. Tá na cinn is luaithe níos giorra ná na cinn a thagann níos déanaí. Pléann sé topaicí difriúla in achan eipeasóid (le haoi spéisialta uaireanta) ar nós: Oireachtas na Samhna, cad is brí le Gaeilgeoir, an Ardteist, agus na rudaí a dhéanann daoine ar na meáin shóisialta chun an Ghaeilge a chur chun cinn – The Kerry Cowboy agus Leah Ní Mhurchú san áireamh. Níl an podchraoladh seo foirfe do na daoine atá ag lorg Gaeilge chruinn mar déanann sé botúin agus úsáideann sé béarlachas ó ham go am, ach tá sé suimiúil agus is cleachtadh maith é fós.

Seachtain:

Is podchraoladh ón Irish Independent é Seachtain. Agus mé á scríobh seo, tá 53 eipeasóid sa tsraith (agus ceann amháin ann faoi dhó!). Is podchraoladh nuachta é Seachtain, agus, uaireanta, pléitear scéaltaí reatha (an cás Jeffrey Donaldson, na toghcháin a bhí ar siúl le déanaí, an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, agus an scannán Kneecap san áireamh), agus uaireanta eile, pléitear seanscéaltaí, ar nós: an marfóir Lucy Letby, an t-easpag Eamonn Casey (an bhfuil aithne agaibh ar an amhráin Casey le Christy Moore?), agus an cás Martin ‘The General’ Cahill. Maireann an chuid is mó de na heipeasóidí timpeall 20 bomaite, ach tá cuid acu níos faide nó níos giorra ná seo. Tugtar foclóirín i mbeagnach achan eipeasóid, agus is é an rud a chuireann isteach orm ná go dtugtar a lán focail bhunúsacha atá ar eolas ag beagnach achan duine, agus beagánín focail chabhracha go minic. Rud eile: úsáideann an láithreoir agus na haíonna Béarla, go háirithe le habairtí casta. Ní hé go n-úsáideann siad níos mó Béarla ná Gaeilge – tá a mhalairt fíor, ach níl sé iontach cabhrach do na daoine a bhfuil ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fheabhsú, cé go bhfuil na canúintí ar fad le cluinsint.

Bhuel, sin an méid atá agam inniu. Tá súil agam go mbeidh an t-alt seo cabhrach daoibh, ach mura bhfuil aon spéis agaibh sna podchraoltaí seo, tá moladh eile agam daoibh: Ainmnithe Craiceáilte ar TG4.