Tá beagnach bliain caite againn ag maireachtáil laistigh de dianghlasálacha éagsúla. Tuairiscíonn Shane MacDomhnaill faoin dóchas atá ann, go fóill, agus cad a dtabharfaidh sé leis ón am seo.
Fuair chara liom, Cormac Ó Braonáin, bás i mí Nollaig 2019. Is ait an rud é nar imir Covid-19 tionchar ar saol Chormac riamh. Anois is arís, bím ag smaoineamh maidir le cad a ceapadh sé faoin méid atá tárlaithe le bliain anuas. I mí Feabhra, cheapadh gurb é Olltoghchán 2020 ná an phríomh ócáid na bliana. Bhíomar mícheart ar fad. Tá beagnach blian caite againn le linn dianghlasáil éigin faoin staid seo agus tá an saol, mar a bhí aithne againne air, aithrithe go h-iomlán san am sin. Tá cuma iomlán difriúl ar an saol ón gcuma a bhí ar nuair a bhfuair Cormac bás - ach tá cúis dóchais ann dúinn.
Tá iliomad athruithe le blian anuas. Mí Mhárta anuraidh, bhácáil mé arán banana don chéad uair riamh. Rinne mé faoi dhó é fiú. Thosaigh muid ar fad ag déanamh rudaí go laethúil nach raibh déanta againn le fada an lá. Dom féin, siúlóidí a bhí ann. Le linn na dianghlasála sin, bhí mé ag siúl ar feadh cúpla uair an chloig in aghaidh an lae - bhí tada eile le déanamh. Chomh maith le sin, thosaigh gach grúpa cairde, nach mór, ar tráth na gceisteanna thar Zoom na hainnise. Bhí dúshláin cúig chiliméadar á rith ag daoine. Tá níos mó ama caite agam le mo chlann le dhá mhí déag anuas ná mar a bhí caite agam riamh - fágfaidh mé oscailte an cheist más rud dearfach nó diúltach é sin. Phioc mé an giotár ón gclúdach arís. D’ól mé canna beorach nó dhó is d’oíche agus d’fhág mé ansin é. D’éíst mé le ceoil nach raibh cloiste agam roimhe sin. Léigh mé an oiread sin leabhar sa tréimhse sin nach mbeadh léighte agam. D’éirigh mé cairdiúil le na brúanna aníos nuair a dhúntar na ionad aclaíochta. Ní fhaca mo mhadra mé chomh minic sin riamh. Scríobh mé scéalta agus aistí nach mbeadh scríoftha agam murar an ghá a bheith sa bhaile. D’fhan mé i mo dhúiseacht chun luí na gréine a fheiceáil lasmuigh. Mhothaigh mé uaigneach. Mhothaigh mé brónach. Bhraith na clubanna oíche agus na tithí tabhairne uaim. Scríobh mé dráma. Chríochnaigh mé Netflix, Disney Plus, Now TV. Chócairáil mé béilte beagnach chuile lá. D’órdaigh mé piontaí le tabhairt liom. Rinne mé dearmad cad is fíor tinneas póite ann.
D’athraigh chuile rud isteach is amach, ar maitheas nó olcas. Bhí úire ag baint leis a rud ar fad ag an tús. Seachas siúd a raibh éifeacht ag an víreas go díreach orthu agus a chlann, níor mhothaigh sé fíor do a lán daoine - mhothaigh sé i bhfad uainn. Chuir a lán daoine fáilte chroíúil roimh obair ón mbaile ar feadh cúpla seachtaine ag an tús. Le déanaí, tá Covid athraithe ó uimhreacha go ainmneacha, agus tá aithne againn ar fad ar duine nó dhó faoin am seo a raibh buailte ag an víreas.
Ní fhéadfainn a mhaíomh go bhfuil mé ag labhairt ar son gach éinne. Ag deireadh thiar thall, beidh scéalta iomlán difriúl ag gach duine maidir le cad go díreach a bhí déanta, nó nach raibh déanta acu, le blian anuas. Chun an fhírinne a rá, níor mhair an chuid is mó de na nósanna nuafhaighte níos mó ná seachtain nó dhó - ar nós arán banana na hainnise. Siúd a mhair, áfach, is iad a thabharfaidh mé liom amach anseo, lastall de Covid-19.
Ag deireadh thiar thall, beidh scéalta iomlán difriúl ag gach duine maidir le cad go díreach a bhí déanta, nó nach raibh déanta acu, le blian anuas.
Tá buíochas fíorúil agam as ucht na rudaí nach raibh aird chuí agam orthu roimhe seo. Táim buíoch as ucht an leathuair nó uair an chloig ina dtéim ag siúil, nó ag rith, nó ag déanamh aclaíochta. Táim buíoch, chomh maith, as ucht siúd a bhíonn ag coimead súil orm. Tá daoine ag déanamh seic ar a chéile agus ag tabhairt aire dá chéile níos mó ná mar a bhí riamh.
Beidh mé buíoch amach anseo nuair a bhéas an deis agam pionta Guinness a fháil - in ionad é a ól ó canna. Beidh mé buíoch gan €9 a chaitheamh ar béile chun ceann a fháil chomh maith. Beidh mé buíoch as ucht deireadh na hoíche um Nollaig nuair a chastar ‘Fairytale of New York’ agus tá stráinséirí ag canadh liom ós ard. Beidh mé buíoch as ucht cluichí i bPáirc an Chrócaigh agus Staid Thamhlachta. Beidh mé buíoch as ucht traenáil réamhshéasúir nuair a fhilleann an Peil Gaelach agus Iománaíocht. Beidh mórán cúiseanna agam le bheith buíoch ag an deireadh.
Is féidir leis an dorchadas is an gruaim muid a sháraigh, laethana. Tá dóchas ann i gcónaí, áfach. Má bhíonn tú ar do shuaimhneas ag comhrá le daoine i gclub oíche, nó más fearr leat a bheith ag siúil thíos Bóthar Jones chuig Páirc an Chrócaigh, fillfimid ar na laethanta is na oícheanta sin. Dúirt Jean-Paul Sartre ar fad é, b’fhéidir go mbeidh amanna níos áille ann, ach is linne an ceann seo.