Le lasadh lampa bheag bán...

Le stiúideo Pixar ar an saol le 25 bliain i mbliana, breathnaíonn Meabh Ní Choileáin ar an turas dochreidte atá déanta acu ó na laethanta tosaigh.Níl ach áit amháin ar domhan gur féidir smaointí a phitseáil go rathúil faoi francach le scileanna cócaireachta ar aon le chuid Jamie Oliver nó faoi róbat a thiteann i ngrá agus é ar thuras spáis, ag déanamh iarracht an chine daonna a tharrtháil le phlanda. Ní áit é seo atá suite i gcaisleán draíochtach nó i measc na scamaill ach oiread, ach sna Stáit Aontaithe, i gCalifornia. Dár ndóigh, is é stiúideo Pixar atá i gceist.I mbliana, tá 25 bliain de scánnáin bheochana á chéiliúradh ag Pixar agus ag breathnú siar ar an liosta mhórthaibhseach atá acu, ní chreidfá gur thosaigh sé go léir le lampa bheag bán. Sa bhliain 1986, léirigh bunaitheoir Pixar, John Lassester, an ghearr scannáin Luxo Jr., a thaispeáin an stíl leithleach a bhí ag Pixar, cé nach bhfuil sé ach dhá nóiméad go leith ar fhad.Bhí an scannán rathúil ón tús ach ní an ríomhbheochan amháin a bhí daoine tógtha leis- thit siad i ngrá le Luxo agus Luxo beag ag imirt lena chéile agus leis an liathróid. D’athain daoine an phearsantacht agus an chroí a bhí tugtha do na rudaí neamhbheo seo agus  b’shin go díreach an freagairt a bhí ag teastáil ó Pixar ón bpobal.Anois tá Luxo beag mar lógó don chomhlacht agus aon uair go bpreabann sé trasna ár scáileáin roimh thús scannáin, tá a fhios againn go bhfuil turas iontach eile de chuid Pixar os ár gcomhair. Más cuimhin libh na hoícheanta sin agus sibh níos óige, ag coimeád súil amháin ar oscailt sa leaba ar bhur mbréagáin, tá an seans ann go raibh sibh díreach tar éis Toy Story, an chéad príomhscannán le Pixar, a fheiceáil sa phictiúrlann.Ag fás aníos sna nóchaidí, is scannán é seo a thugann sainmhíniú ar ár n-óige agus fiú anois, agus muid ag freastal ar an ollscoil, is muidne na daoine a threoraigh na sluaite i dtreo an bpictíurlann nuair a thánig Toy Story 3 amach an samhradh seo caite. Is é sin an éifeacht atá ag scannáin Pixar ar dhaoine; fanann siad linn go deo agus ní féidir linn ach draíocht éigin a cheangailt leo.Ar an iomlán, tá aon scannán dhéag léirithe ag Pixar, ina measc: an tríológ Toy Story, A Bug’s Life, Monsters Inc., Finding Nemo, The Incredibles, Cars, Ratatouille, WALL-E  agus Up. Ón liosta seo, tá rogha scannáin ag gach duine. Más sárlaochra ag troid ar mhaithe an chine daonna a thaithníonn leat nó seangán beag gorm ag iarraidh a féiniúlacht a oibriú amach, cabhróidh Pixar leat teacht air. Dár leis an bhfealsúnacht atá acu, níl na féidireachtaí teoranta agus is fiú breathnú ar gach rud faoi dhó mar is minic an rud is nórmálta an rud is suimiúla.Thar aon rud eile, is é an áilleacht agus an ardéirim a bhaineann le Pixar ná an inniúlacht atá acu mothúchán agus taithí an duine aonarach a ghabháil trí samhlaíocht pháiste. Cé go néiríonn leo tithe a chur ag faoileoireacht tríd na spéire leis na mílte balúin agus bréagáin leanaí a chuir ag rith ar crios iompair an aerfort, fós féin, tugann Pixar faoi roinnt mhaith de na mhórcheisteanna. Leagtar béim ar lochtanna na gcarachtair chomh maith leis na buanna agus brethnaítear ar chuid de ghéar réaltachtaí an saol chomh maith. Is léir nach síscéalta simplí atá i gceist leis na scannáin seo, ach fórsaí láidre a thugann aghaidh ar an mbás agus an aimrideacht, ar theaghlaigh briste agus ar bhulaíocht.I mbliana, cuirfaimid fáilte roimh Cars 2 sa phictiúrlann agus an bhliain seo chugainn,  Mosters Inc. 2 agus Brave. Má tá aon rud foghlaimthe againn ó stiúideo Pixar go dtí seo, is é gur féidir linn lán-mhuinín a infheistiú iontu. Mar sin, is cinnte go bhfuil gach duine ag tnúth go mór le Luxo beag a fheiceáil ag preabadh trasna an scáileáin arís. Nach iontach na féidireachtaí a thagann chun solais le lasadh lampa bheag bán! GluaisScannáin bheochana – animation filmsMórthaibhseach – impressiveStíl leithleach – unique styleRíomhbheochan – computer animationRudaí neamhbheo – inanimate objectsPríomhscannán – feature filmInniúlacht – abilityGéar réaltachtaí – harsh realities