Tá an cheist faoi Éire Aontaithe arís i mbéal an phobail. Ach má thagann an lá sin, cén áit a bheidh ag an nGaeilge agus ag an gcultúr Gaelach in Éirinn nua?
“United Ireland” agus “Éire Aontaithe” — is focail iad seo atá cloiste againn go minic le blianta beaga anuas. Tá tuairimí láidre ag neart daoine in Éirinn agus ar fud an domhain faoin gceist, Uachtarán Mheiriceá Donald Trump agus Méara Nua-Eabhrac Zohran Mamdani ina measc. Tar éis na n-eachtraí a tharla ar Shráid Garvaghy an tseachtain seo caite agus na tuairimí a nocht Trump agus Mamdani, tá ceist na hÉireann Aontaithe arís i mbéal an phobail, na bpolaiteoirí agus na meán.
Bhí an cheist seo ar intinn daoine le tamall anuas, go háirithe ó foilsíodh torthaí Dhaonáireamh Thuaisceart Éireann in 2021, nuair a léiríodh go raibh níos mó Caitliceach ná Protastúnach sa Thuaisceart. Ach cad go díreach a chiallaíonn sé seo? An gciallaíonn sé go mbeidh vóta teorann — “Border Poll” — ann sna blianta amach romhainn? Má chuireann duine síos air féin mar Chaitliceach sa dhaonáireamh, an gciallaíonn sé go gcaithfidh sé nó sí vótáil ar son Éire Aontaithe?
Agus, níos tábhachtaí fós, cén chiall a bheadh leis seo don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach dá mbeadh rialtas, córas polaitiúil agus pobal nua againn ar fud an oileáin?
Ó 1920 go dtí an lá atá inniu ann
Sular tháinig an Government of Ireland Act i bhfeidhm in 1920, bhí caidreamh an-difriúil ag muintir an oileáin leis an nGaeilge. Thuig daoine ó thraidisiúin éagsúla, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh, an tábhacht a bhain leis an teanga.
Ba Phrotastúnach é Dubhghlas de hÍde, an chéad Uachtarán ar Éirinn agus ceannaire de chuid Chonradh na Gaeilge. Léiríonn sé sin nach raibh an Ghaeilge teoranta do thraidisiún creidimh ná polaitiúil amháin.
Tar éis 1920, áfach, tháinig athrú mór ar stádas na Gaeilge sa Tuaisceart. Bhí an rialtas nua i Stormont go mór in aghaidh na teanga. I súile roinnt Aontachtaithe, bhí an Ghaeilge ceangailte leis an Eaglais Chaitliceach, leis an náisiúnachas agus leis an bhfreasúra in aghaidh na Ríochta Aontaithe.
Ón bpointe sin ar aghaidh, bhí an Ghaeilge faoi bhrú agus faoi smacht na n-údarás. Ní raibh an tacaíocht chéanna ann don teanga agus tháinig laghdú ar líon na ndaoine a bhí á foghlaim agus á labhairt. Bhí an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach faoi chois ar feadh tréimhse fada.
Thosaigh athrú suntasach ag teacht, áfach, nuair a bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste i mBéal Feirste i 1971, an chéad Ghaelscoil sa Tuaisceart.
Athbheochan sa Tuaisceart
Sa lá atá inniu ann, tá 28 Gaelscoil agus dhá Ghaelcholáiste sa Tuaisceart. Tugadh stádas oifigiúil don Ghaeilge ansin in 2022 agus cuireadh deireadh leis an gcosc stairiúil ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.
Tá beagnach 230,000 duine, thart ar 12 faoin gcéad den daonra, in ann Gaeilge a labhairt anois. Ar ndóigh, tá cuid mhór de na cainteoirí sin comhchruinnithe sna Gaeltachtaí, ach tá úsáid na Gaeilge sna cathracha sa Thuaisceart ag méadú go suntasach freisin.
Sa deisceart, de réir na staitisticí is déanaí, tá beagnach dhá mhilliún duine in ann Gaeilge a labhairt. Ní labhraíonn an chuid is mó acu í go rialta, áfach.
Tá caidreamh measctha ag pobal na hÉireann leis an nGaeilge, cuid den fhadhb sin bainteach leis an mbealach a mhúintear an teanga sna scoileanna. Ar an taobh eile, téann na mílte dalta chuig an nGaeltacht gach samhradh chun cairde nua a dhéanamh, spórt a imirt agus damhsa agus amhráin a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge in atmaisféar taitneamhach.
Is cuid thábhachtach d’óige a lán daoine í an Ghaeltacht agus tá cuimhní sona ag go leor daoine ar an tréimhse sin.
Gaeilge mar chuid den saol nua-aimseartha.
Ar an iomlán, feictear domsa go bhfuil caidreamh sách dearfach ag muintir na hÉireann leis an nGaeilge sa lá atá inniu ann. Is cuid lárnach den chultúr í agus feictear í go laethúil i gcluichí CLG, i ngnó, i gcúrsaí ceoil, ar champais ollscoile agus ar na meáin shóisialta.
Sa Tuaisceart, tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach do go leor náisiúnaithe agus léiríonn siad a mbród tríd í a úsáid.
Ach cad a tharlódh in Éirinn Aontaithe?
Cad a bheadh orainn a dhéanamh maidir leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach dá mbeadh Éire Aontaithe ann? Is é mo thuairim go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith i mbaol mura smaoinímid ar an gceist seo anois.
Bheadh athruithe móra le déanamh ar go leor gnéithe de shaol an stáit. B’fhéidir go mbeadh orainn an bhratach agus an t-amhrán náisiúnta a athrú. Bheadh athrú ollmhór i gceist don chóras oideachais, don tseirbhís sláinte, don rialtas agus do na seirbhísí poiblí.
Chomh maith leis sin, bheadh dúshláin eacnamaíocha agus pholaitiúla ollmhóra ann. Mar sin, ní féidir linn glacadh leis go mbeadh ceist na Gaeilge simplí ná soiléir.
Ní dócha go mbeadh gach Aontachtach sásta Gaeilge a fhoghlaim, agus ní mór dúinn glacadh leis an réaltacht sin. Mar sin, an mbeadh sé níos réadúla an Ghaeilge a chur ar fáil mar ábhar roghnach sa Tuaisceart? Agus cén tionchar a bheadh aige sin ar thodhchaí na teanga?
Tá “siege mentality” láidir ag cuid den phobal Aontachtach agus, do dhaoine áirithe, feictear an Ghaeilge mar bhagairt ar a gcultúr agus ar a bhféiniúlacht. Ag an am céanna, feictear Éire Aontaithe féin mar bhagairt do chuid den phobal sin.
Ní chabhraíonn sé linn ach oiread go mbíonn easpa tuisceana le feiceáil sa deisceart maidir le castachtaí agus fadhbanna Thuaisceart Éireann.
Le blianta fada, bhí an tuiscint ann go bhféadfadh rialtas na Ríochta Aontaithe an Tuaisceart a “thabhairt dúinn” agus go mbeadh deireadh leis an scéal. Ní raibh an dearcadh sin réalaíoch riamh.
Ó 1998 ar aghaidh, tá an tábhacht a bhaineann le féiniúlachtaí éagsúla agus le comhroinnt cumhachta níos soiléire ná riamh. Inniu, áfach, tá easpa tuisceana agus drochmheas le feiceáil ó dhaoine áirithe sa deisceart i leith an Tuaisceart agus cuid dá phobal.
Ní mór dúinn glacadh leis go bhfuil cultúir agus féiniúlachtaí éagsúla ar an oileán. Dá bhrí sin, caithfear meas iomlán a léiriú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ar na prionsabail a bhaineann leis.
Cén todhchaí atá ag an nGaeilge?
Mar sin, cad ba cheart dúinn a dhéanamh?
An mbeadh an Ghaeilge ina hábhar roghnach sna scoileanna sa Tuaisceart? An dtabharfaí aitheantas níos mó don Ulster-Scots? An mbeadh rialtas réigiúnach nó córas rialtais díláraithe i bhfeidhm? Agus cén áit a mbeadh an Ghaeilge sa chóras nua sin?
Seo iad na ceisteanna móra a bheidh orainn a fhreagairt sna blianta atá romhainn.
I mo thuairimse, beidh orainn múineadh agus cur chun cinn na Gaeilge a athrú ó bhonn ar fud an oileáin.
D’fhéadfaí an Ghaeilge a choimeád mar ábhar riachtanach sa chuid is mó den tír, agus cur chuige difriúil a ghlacadh sna sé chontae ó thuaidh. D’fhéadfaí an Ghaeilge a chur ar fáil mar rogha i ngach scoil sna ceantair sin agus níos mó infheistíochta agus tacaíochta a thabhairt do na Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí atá ann cheana féin.
Sa deisceart, ba cheart dúinn an cur chuige atá againn i leith mhúineadh na Gaeilge a athrú freisin. Ní mór dúinn níos mó béime a chur ar an nGaeilge nádúrtha labhartha agus ar an gceol Gaelach — sean-nós san áireamh — chun níos mó grá agus suim sa teanga a mhúscailt i measc an phobail.
Nach mbeadh sé go deas dá mbeadh deis ag gach dalta sa tír tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht, áit a bhfeicfidís an Ghaeilge á labhairt go nádúrtha agus go hálainn?
Éire nua, agus deis nua don Ghaeilge?
Ní féidir a shéanadh go bhfuil ceist áit na Gaeilge in Éirinn nua timpeall orainn uile.
Ó mo thaithí féin i gCOBÁC, tá aithne agam ar go leor daoine ón Tuaisceart a bhfuil Gaeilge láidir acu. Tá siad ag iarraidh an teanga a úsáid agus a scaipeadh, díreach cosúil linne sa deisceart.
An dtabharfaidh Éire nua an deis sin dóibh?
