By Meabh Ni Choileain | Nov 16 2010
An bhfuil na steiréitíopaí as smacht maidir leis na cúrsaí atá á staidéar againn nó an píosa craic atá i gceist, a fhiafraíonn Meadh Ní ChoileainTá a fhios againn go maith go bhfuil iomaíocht ollscoile ar an saol leis na blianta fada anuas agus is idir an saol acadúil agus an spóirt ach go háirithe atá sé le brath.Mar shampla, ní haon rún é anseo i UCD go gceapaimid gur dream árdnósach iad mic léinn Choláiste na Tríonóide atá den bharúil go bhfuil gach duine eile íseal ó thaobh gradaim i gcomparáid leo. Ar an taobh eile den scéil, tá lucht na Tríonóide ann a deir go bhfuil níos mó meas ag mic léinn UCD ar liathróid rugbaí ná mar atá ar leabhair.Ag deireadh an lae, áfach, is píosa spraoi bunaithe ar steiréitíopaí atá i gceist leis an iomaíocht seo agus níl sé ceaptha a bheith ró-thromchúiseach. Fós féin, éirítear an cheist: Más féidir le mic léinn UCD teacht le chéile chun spochadh as Choláiste na Tríonóide, an chiallaíonn sé seo go bhfuileamar, mar ollscoil, aontaithe mar aon ní amháin? Freagra na ceiste simplí seo ná nach gciallaíonn.Agus muid ag siúl tríd an gcampas, feicimid gach saghas duine anseo i UCD. Is iad éadaí na ndaoine an chéad rud a thugaimid aird orthu agus déanann siad muid a shannadh chuig grúpaí áiraithe. Más buataisí Ugg nó geansaithe CLG atá i gceist, tá steiréitíopaí ag dul leo.Ach céard faoi na cúrsaí atá á staidéar againn? Cad a deir an céim atá á bhaint amach againn fúinn? Nuair a chuireadh na ceisteanna seo ar mhic léinn na scoileanna éagsúla anseo i UCD, is léir go raibh mothúcháin measctha acu ar an ábhar.Tagann an seanfhocal ‘is glas iad na cnoic i bhfad uainn’ chun chuimhne leis an dearcadh coitianta atá ag mic léinn Eolaíocht Talmhaíochta agus Leighis ar mhic léinn na n-Ealaíon. Dár le mac léinn amháin, Kane O’Doherty, “ní hé go bhfuil [mic léinn na n-Ealaíon] leisciúl ach níl orthu an méid céanna oibre a dhéanamh i gcomparáid linne agus níl sé cothrom. Tá siad leagtha-ais níos mó ná na mic léinn eile mar thoradh.”An é go bhfuil cúrsaí áirithe níos éasca ná cúrsaí eile a chrothaíonn an iomaíocht seo? An iomaíocht phearsanta é nó i gcás grúpaí daoine amháin? Pé rud, tá mac léinn John Wyatt braon de na steiréitíopaí a théann lena chúrsa: “Tá cúrsa Ealaíon á dhéanamh agam agus cé go n-oibríom go dian, deir daoine go bhfuilim leisciúl. Níl gach duine san Áras Newman leisciúl cé go bhfuil an stádas sin tuillte ag roinnt.”Is tuairimí suimiúla iad seo a chuireann muid ag smaoineamh go bhfuil mothúcháin searbh le brath eadrainn anseo i UCD maidir leis an ualach oibre atá ag na mic léinn eile agus go dtugann sé seo leithscéal do chuid againn a bheith árdnósach i dtreo an chuid eile. “Cinnte, tá mic léinn an Leighis cliste agus oibríonn siad go dian,” a deir mac léinn staire, Franciska Herberger, “ach tá siad árdnósach ag an am chéanna toisc go dtagann stádas faoi leith lena gcúrsa. Is dóigh leo nach n-oibraíonn an chuid eile againn chomh dian leo ach ní fíor sin.”Mar sin, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil dearcthaí éagsúla againn go léir maidir lenár gcúrsaí féin agus cúrsaí na mac léinn eile i UCD ach an chóir go ndéanadh na tuairimí atá againn sainmhíniú ar an nduine aonair? Tá sé éasca spochadh as grúpa daoine ach ní chóir go ndéanadh muid breitheamh ar mac léinn amháin as grúpa. Déanann iomaíocht idir grúpaí áirithe atmaisféar spraoiúil a chruthú ar champas agus leis sin, glacaimis leis nach ndéanann mic léinn na n-Ealaíon faic agus go bhfuil mic léinn an Laighis ró-dháiríre iontu fhéin.Ach má thagann an lá nach bhfuil beirt as an dhá dhream sásta suíochán a roinnt ar an mbus nó doras a choimeád oscailte le haghaidh an duine eile, beidh a fhios againn go bhfuil cúrsaí imeatha i bhfad as smacht!Gluaisiomaíocht ollscoile – university rivalrysteiréitíopaí – stereotypesíseal ó thaobh gradaim – inferior in statusaontaithe – unitedró-thromchúiseach – too seriousspochadh – teaseEolaícht Talmhaíochta – Agricultural ScienceLeigheas – Medicinena hEalaíona – Artssearbh – bitter