Idir Dhá Nollaig

Image Credit: Kate Lawlor

Tá an t-amhrán cáiliúil Twelve Days of Christmas cloiste ag an saol mór agus a mháthair, ach cad atá ann sa thréimhse seo, agus cén tábhacht a bhaineann leis do mhuintir na hÉireann?

Is ar Lá Nollag a thosnaíonn a tréimhse darb ainm 12 lá na Nollag, nó Idir Dhá Nollaig  mar a nglaotar uirthi i nGaeilge. Críochnaíonn an tréimhse thairseachúil seo ar an lá draíochtúil sin Nollaig na mBan. 

Is tréimhse í seo ina nach ndéantar obair ar bith, is minic go bhfanann daoine sa theach agus go ligeann siad a scíth. Is am é chun cuairt a thabhairt ar chlann agus ar chairde. Am sách tábhachtach i gcultúr na nGael agus is san am sin a tharlaíonn Scoil Ceoil an Gheimhridh i nGaoth Dobhair. 

Ag deireadh na tréimhse seo buaileann muid le Nollaig na mBan, mar a luaigh mé thuas, lá nár chóir go mbeadh na mná ag déanamh aon obair. Ar an lá seo, 6 Nollaig, ba chóir go mbeadh fir an tí ag cócaireacht, ag glanadh, agus ag baint maisiúcháin na Nollag síos. Lá cáidh i mo theachsa. 

Sa tréimhse thairseachúil sin a luaigh mé cheanna is minic a fhanann daoine sa bhaile, ach ní mise, seo chugaibh m’eachtraí Idir Dhá Nollaig 2025:

Tosnaíonn an tréimhse seo le breithlá mo mhaime achan bhliain, Lá an Dreoilín, lá lán le daoine ag bualadh isteach agus deochanna um thráthnóna. Bíonn oíche chluichí bhoird againn (Cards Against Humanity, an cluiche is fearr linn). 

I mbliana bheartaigh muid freastal ar rásaí na madraí sa Síol Bhroin. Mé féin, mo thuistí, m’aintín agus col ceathracha, mo bhuachaill, agus mo sheanmháthair. Ochtar dúinn ann fá choinne dinnéar agus oíche fhada ag cailleadh airgid.

Dinnéar álainn blasta a bhí againn sa bhialann cois raoin agus, creid nó ná creid, níor chaill mé pingin ar bith!

Oíche fhada a bhí i gceist ag rásaí na madraí, ach ní oíche dhéanach. Bhí mé sa bhaile, sa leaba, roimh leath i ndiaidh a haon déag. 

Cloisim tú ag rá ‘Aw Kate, leadránach!’, éistigí liom. Bhí cúis mhaith leis an oíche luath sin, is ag a seacht a’ chloig an maidin dár gcion a bhí mé féin agus mo thuistí ag fágáil slán le Baile Átha Cliath fá choinne fuacht an Phráig. 

Ba bheag an sos óil a bhí againn idir rásaí na madraí agus an pionta aerfoirt éigeantach. Ba de bharr an phionta sin gur bheag nár chailleamar ár n-eitilt, nó gur bheag nár chaill mo dhaid bocht ár n-eitilt. 

Ba léir san aerfort gur ohroifisiúnta í mo mham agus í ag moilleadóireacht. 

Buíochas le dia, d’éirigh linn uilig ar an eitilt agus cúpla uair i ndiaidh sin bhíomar ag tuirlingt sa Seiceach. 

Chaitheamar an chéad lá i bPrág ag siúl timpeall na háite agus ag déanamh taighde ar na nithe arbh fhiú íoc isteach orthu. 

Ba é mo dhaid a chuir an plean turais le chéile, chlúdaigh muid suíomhanna coitianta an Phráig. Gach rud a tchíonn tú ar TikTok, thug muid cuairt air. 

Conas ar chlúdaigh do dhaid na rudaí sin uilig, a Kate? Caidé a rinne sé fá dtaobh de taighde?

Bhuel, a chairde, rinne mo dhaid a thaighde uilig ar TikTok. 

Rinne mise mo thaighde ar TikTok fosta; Cá háit ina bhfuil na francaigh móra?

Mar sin, idir stair, ailtireacht, agus cultúr, chuaimear ag siúl ar thaobh na n-abhainneacha, na francaigh á lorg againn. 

Ba chathair ghálanta í an Prág agus ba bhreá linn túr na leabhar, an paternoster (sean-ardaitheoir), agus an Cat Café. 

Bhí rud amháin nár thaitin linn agus sin an ‘Magical Cavern’. 

Chaith mé blianta sna gásóga, ag sléabhadóireacht, ag dreapadh sléibhte agus ag siúl fud fad na tíre. In ainneoin na taithí sin, ní raibh mé ullmhaithe ar chor ar bith fá choinne an siúlóid rite, crochta, géar a bhí os ár gcomhair. 

Bhraitheamar nach raibh deireadh leis an chnoc chun teacht riamh. Bhíomar ag snagaireacht agus streachailt. 

Torradh na taithí sin; 10 bhomaite i dteach éigin a bhí chomh clúdaithe agus lán le healaíon nach raibh muid ábalta an ealaíon a fheiceáil. 

D’fhilleamar ar Éireann ón Phrág ar oíche chinn bliana, ach níor fhan mé sa bhaile le fhada. 

Thosaigh mo thaisteal arís ar an 5 Eanáir le tiomáint fada, fuar go Doire. 

An chéad stad a bhí againn ná i Léim an Mhadaidh ag áit dhúchais Shéamuis Heaney. Ionad eolais nach bhfuil leadránach mar a shílfeá. 

D’fhágamar Léim an Mhadaidh um thráthnóna agus bhí sé dorcha roimh ar bhuaileamar le cathair Dhoire. Bhí an sneachta domhain agus oighear ar an bhóthar. 

Bheadh maolaisnéis i gceist más rud é gur dúirt tú go raibh strus orm. 

Cheiliúir mé Nollaig na mBan ar an 6 Nollaig le turas siúlóide Dhoire, brógaí nua orm. An smaoineamh is cliste a bhí agam riamh, cinnte!

Faoi deireadh an turais bhí mo stocaí lán le foill, ach ní raibh deireadh tagtha leis an shúil go fóill. Bheartaíomar na ballaí a fheiceáil, gan smaoineamh ar an oighear a bheadh orthu, ná ar mo chosa bochta. 

Ar a laghad ní dhearna mé obair ar bith ar an lá cáidh sin, ní dheachaigh mé ag tiomáint fiú. 

Is am tairseachúil é Idir Dhá Nollaig, am fá choinne sos, cuairteanna a thabhairt ar dhaoine, agus do scíth a ligint. Bhain mé an-sult agus suaimhneas as mo thréimse idir dhá nollaig ach ní bhféadfá a rá go lig mé mo scíth. 

Fá deireadh am na Nollag bhí sos agus codladh fada de dhíth uaim. Nuair a d’fhill mé ar Bhaile Átha Cliath chaith mé lá iomlán sa leaba, agus níos mó ná leath de i mo chodladh!

Is í an tréimhse Idir Dhá Nollaig an tréimhse is gnóthaí den bhliain dom chuild bliain. Is gnách dár gclann dul ag taisteal díreach i ndiaidh na Nollag. Cé ar mhaith leo fan i dtír a fhanann dúnta agus ciúin le tamall a bhraitheann fad do shaoil? Ní mise ar aon nós. Is é an cuid is dona de bhriseadh na Nollag ná nach féidir rud ar bith a dhéanamh ná duine ar bith a fheiceáil in Éirinn! Priosún na Nollag a bhíonn i gceist, leigheas an phriosúin sin ná taisteal!