I bhfábhar an ilshainchreidmheachas

Le linn na díospóireachta ar fad faoi ról na hEaglaise in san oideachas feictear ar buntáistí an ilshaincreidmheachas san oideachasTá mórán díospóireachta faoi láthair i dtaobh an ról atá ag an eaglais i gcúrsaí scoile agus i gcúrsaí oideachais agus ceangailte le seo tá an díospóireacht ar an ábhar ar cheart an creideamh a bheith mar chuid den curaclam scoile. Bunaíodh mórán de hinstitiúidí oideachais na tíre seo faoi cheannas na hEaglaise Caitliceach agus Protastúnach, is trí mná rialta, sagairt agus manaigh a tháinig an oideachas comh maith le múinteoirí ón stát. Is ar talamh na hEaglaise don chuid is mó a thógadh na scoileanna seo i dtús báire bhí aidhm acu éiteas creidmheach a mhúineadh. Le blianta beaga anuas, le scannail na heaglaise agus athrú i gcomhdhéanamh an tsochaí, tá gluaiseacht ann i bhfábhar an nasc idir an Eaglais agus an oideachas a bhriseadh, comh maith le aon blúire den chreideamh in aonchor. Tá an argóint ann nár cheart go mbeadh an creideamh brúite anuas ar dhaoine, ba cheart go mbeadh an cinneadh ag an duine iad féin, scéil ná go bhfuil tábhacht ar leith bainteach leis eolas ar creidimh, go háirithe i sochaí ina bhfuil éagsúlacht mhór creidimh ann.
Bíonn atmaisféar níos tacaithe do pháistí ó ngach aon creidimh ann agus is cosúil go bhfuil meas múinte dóibh" 
Is é atá i gceist leis an ilshainchreidmheachas ná an oideachas a thabhairt ar mórán creideamh, na sé creidimh is mó ach go háirithe, agus gan tús áite a thabhairt do aon ceann dóibh. Caithfear cuimhnigh nach í an rud céanna reiligiún a bheith ar an curaclam scoile agus an siollabas céad comaoineach a mhúineadh nó an rogha go mbeadh an oideachas neamh shainchreideamhach. Tá a leithéid de rud ann agus an ilshainchreideamhachas. Is é seo an éiteas a cuirtear i bhfeidhm  in sna scoileanna “Oideachas le Chéile”. I gcuid mór dóibh, múintear faoi creidimh éagsúla ag amanna den bhliain go bhfuil tábhacht ar leith bainteach leis an chreideamh sin; an Críostaíochas san Earrach, aimsir na cásca, Hiondúchas le linn an Fhómhair Diwali, an Ioslam thart ar Ramadan agus mar sin de I roinnt ceantair bíonn na daltaí den chomhdhéanamh seo agus bíonn tuismitheoirí daltaí sásta labhairt faoina gcreideamh. Ní hamháin go múintear faoi na mór chreidimh, ach na neamh chreideamh comh maith, Aindiachas, Agnóiseachas agus a leithéid. I ngach aon cás bíonn atmaisféar níos tacaithe do pháistí ó ngach aon creidimh ann agus is cosúil go bhfuil meas múinte dóibh. Tá tábhacht ag baint le tuiscint a bheith ag daoine ar éagsúlacht creidimh, tuiscint ar cad as a tagann traidisiúnta agus nósanna ar leith.Do mhórán de mhuintir na tíre seo, nach bhfuil cónaí orthu i gceantair uirbeach nó in  áiteanna nach bhfuil mórán de éagsúlacht chreidimh, agus mar thoradh ar sin, is é an taon oideachas a mbíonn ag daoine ar na creidimh éagsúla ná pé rud a deirtear fúthu ar an nuacht, nó an slí a léirítear iad sna meáin.  Is de thoradh ar an nós seo go dtagann an nós go bhfuil locht agus dainséar bainteach leis an Ioslam. Nuair a nach bhfuil aon eolas eile curtha ar fáil ní haon ionadh go mbíonn daoine aineolach. Molaimid an oideachas as tuiscint níos leithne a thabhairt dúinn agus feabhas a chur ar ár gcuid eolas polaitíochta, comh maith le bheith mar uirlis de shoghluaiseacht shóisialta, ach conas go féidir le seo tarlú muna cuirtear oideachas ar dhaoine i ceann de na ábhar is bunúsaí do mhórán daoine. B’fhéidir go bhfuil laghdú i líon na ndaoine go bhfuil creideamh á chleachtadh acu, agus b’fhéidir nach bhfuil ról comh lárnach sin i saoil an sochaí ina iomláine, ach ní hea sin le rá nach bhfuil tábhacht ag baint leis agus ní haon eisceacht é an aineolas, go háirithe nuair atá bealach soiléir ann é a leighis.Is ábhar scrúdaithe é an reiligiúin ag leibhéal na hArdteiste agus leibhéal an Teastas Sóisearach, ach ní múintear é i ngach scoil agus ní ábhar éigeantach é. Sa bhunscoil áfach, áit a thosnaítear ar cruthú claontaí agus bun-tuiscintí an domhain, is ríthábhachtach go mbeadh eolas ar dhaoine, ar laghad an beagáinín ar chreidimh an domhain. Go háirithe nuair a éiríonn an domhan níos lú, bíonn deis níos mó go dtiocfadh daoine trasna ar creidimh éagsúla. Tá sé tábhachtach go mbeadh daoine nochta do saol difriúil óna saoil féin ó aois óg béim a leagadh ar thábhacht na difríochtaí ní bhíonn mhíthuiscint ann faoi cad a dhéanann daoine ina gcreidimh agus fiú conas mar a fheiceann siad. Tuigtear leo go mbíonn an bunús céanna le mórán creidimh agus moltar do na daltaí ceisteanna a churBíonn gá i gcónaí go mbeadh meas ar dhaoine ar a chéile agus is féidir an meas sin a chothú trí oideachas a leathnú agus eolas a scaipeadh. Le staid an domhain mar atá sé tá an gá de mheas ag éirí níos tábhachtaí fós agus caithfimid bogadh sa treo ceart.