Ó Halla Spóirt UCD go hIonad Comhdhála, Baile Átha Cliath: Fís 2026

Image Credit: Unsplash

Mar a chuirfeas tú a bhainfeas tú: Todhchaí na Gaeilge agus UCD

Sheas Cormac Ó Dubhláine i (leath) halla spóirt UCD i Mí Márta 2024, bródúil as a chuid oibre. Bhí an leath halla sin lán de ‘seastáin’ ó chomhlachtaí Gaeilge nó comhlachtaí a fostaíodh daoine le Gaeilge. D’eagraíodh an t-imeacht sin mar chuid de scéim Theach na Gaeilge UCD, i gcomhpháirtíocht le hAontas na Mac Léinn, agus An Cumann Gaelach. 

Ba é seo an chéad Aonach Gairmeacha na Gaeilge dá chineál riamh.

Rath a bhí ann, gan scáth amhrais. Chothaigh an t-imeacht seo brionglóid mhór don todhchaí. D’fhág an mac léinn sin sa chéad bhliain a smior ar saol na Gaeilge. 

An chéad bhliain eile tháinig idir fheabhas agus fhás ar an imeacht. Chan ar buachaill amháin a bhí an dualgas iomlán a thuilleadh, bhí foireann ann. Cúigear ón Chumann Gaelach agus Teach na Gaeilge a chuir ionad níos oiriúnaí in áirithe, a sheol ríomhphoist go comhlacht i ndiaidh comhlachta chun iad a mhealladh chun freastal ar an imeacht. Cúigear a chaith lá ag cur bord le chéile agus ag maisiú Halla Astra. Cúigear a raibh an deis acu buail le Jarlath Burns fosta!

I ndarna bhliain Aonach Gaeilge sa Ghnáthshaol, líonadh Halla Astra iona hiomlán. Chan amháin go raibh níos mó fógraíochta déanta i dtreo an imeachta, bhí níos mó pleanála curtha isteach. 

Bhí aoichainteoirí Aonach Gaeilge sa Ghnáthshaol mar bhuaicphointe an imeachta; Aodhán Ó Deá, Barry Ó Siochrú, Laura Pakenham (Barbaí na Gaeilge), Regina Uí Chollatáin, agus Jarlath Burns.

Gníomhaithe móra na Gaeilge a roinn eolas agus fios ar mhuintir na hollscoile fá dtaobh de an Ghaeilge a chur chun cinn, úsáid a bhaint aisti sa shaol laethúil, agus tábhacht na hinfheictheachta. 

Chaith Cormac agus a fhoireann na huaireanta ag dul timpeall champais UCD agus scoileanna na háite le póstaeir, ag fógairt an aonaigh os comhair ranganna, agus i mbun maisiúcháin. 

Rath ollmhór eile a bhí in san imeacht, agus céim shuntasach ón leath halla spóirt gheal ina raibh sé in 2024. 

Ach ní raibh an scéal críochnaithe go fóill. Ní dheacaigh iarrachtaí Chormaic gan aird ná aire, bhí súile móra na Gaeilge caite i dtreo an mhic léinn BEd. Gaeilge agus Fraincis agus a himeacht nuálach. 

Roimh 2024 ní raibh aonach gairmeach eagraithe do mhuintir na Gaeilge. Níor bhailíodh na comhlachtaí agus na  heagraíochtaí sin a fheidhmítear trí mhean na Gaeilge le chéile in aon sheomra amháin. 

Chan amháin go raibh an t-imeacht seo ar fáil mar chineál aonach gairmeacha, ach mar aonach eolais. Chun an fios a thabhairt do dhaoine, idir óg agus aosta, go bhfuil todhchaí níos leithne agat leis an Ghaeilge ná le bheith i do mhúinteoir meánscoile. 

Más rud é gur shíl muintir na Gaeilge go raibh Aonach Gaeilge sa Ghnáthshaol théis dul ó neart go neart go dtí sin, ní raibh siad réidh don mhéid a bhí le teacht. 

Conradh na Gaeilge, fóram daonlathach phobal na Gaeilge, a chuireann urraíocht ar fáil d’imeachtaí a eagrú chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus b’iadsan a chuidigh go mór le hAonach Gaeilge a Gháthshaol a chothú ina hóige. 

B’fhéidir gur focal ró-bhog é ‘cothú’, d’oil agus bheathaigh príomheagraíocht Gaeilge na tíre go mór le smaoineamh Chormaic, agus le chéile thóg siad fís don todhchaí. 

Fís 2026, Ionadh Comhdhála, Baile Átha Cliath. Níos mó ná 100 seastán. Príomheagraíochtaí na tíre; Ranna an rialtais, comhairlí cathracha Bhaile Átha Cliath, meáin, agus níos mó. 

Foinse an imeachta? Imeacht Chormaic. 

Scaptha timpeall na háite, bhí muintir Chonradh na Gaeilge. Duine ag stiúradh na mbusanna scoile, beirt sa halla iontrála chun na daltaí a threorú dá bpainéal cainte (painéal speisialta) agus na léiritheoirí dá seastáin, agus neart eile ag ullmhú na seastán. 

Trí droichid mhóra a bhí le feiceáil ag na daltaí nuair a chaith siad súil ar an halla don chéad uair; Gairm, Pobal, Todhchaí. Na trí eárnálacha den Ghaeilge faoina raibh na heagraíochta scartha. 

Munar léirigh an cur síos sin tábhacht agus rath an imeachta duit, níos mó ná chéad scoileanna a chláraigh do, an méid sin go raibh an lá scartha ina trí seisiúin. 

Líon na daltaí an halla arís ‘s arís, sa tóir ar an Ghael-swag is déanaí; spéaclaí gréine, hataí, málaí, agus an deis chun geansaí Údarás na Gaeltachta a bhuachan. Eagraíodh cluichí, seisiúin yoga, agus rang rothar-spin i rith an lae. 

Scaipeadh eolas ar an chéad glúin eile fá dtaobh de postanna le Gaeilge i dtionscail éagsúla, ón aistriúchán chuig an innealtóireacht, pobal na Gaeilge lena n-airítear; foirne spóirt, an Ghaeilge thar lear, cumann aclaíochta, cumann fichille, cearta, agus ag vótáil, agus an todhchaí, cosúil le fógraíocht, an Ghaeltacht, agus pobal níos leithne a thógáil. 

Sheas Cormac Ó Dubhláine, taobh le foireann Chonradh na Gaeilge i halla mór an Ionad Chomhdhála, Baile Átha Cliath i mí Márta 2026, bródúil as a chuid oibre. Bhí i bhfad níos mó ná (leath) hall spóirt UCD  lán de sheastáin ó chomhlachtaí Gaeilge nó comhlachtaí a fostaíodh daoine le Gaeilge, chomh maith le heagraíochtaí soisialta. D’eagraíodh an t-imeacht sin mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2026, imeacht náisiúnta a raibh gach Gaelscoil nó scoil Gaeltachta sa tír ar an eolas faoi. Ba é seo an chéad Aonach Gairmeacha na Gaeilge dá thomhas riamh.