Nuair a laghdaigh na cásanna ar ais ag tús mí Iúil, tháinig laghdú ar méid na hagóidí ach anois agus muid ar éirí níos measa arís, tá na hagóidí agus an foréigean ag éirí i bhfad níos measa. Cuireann Danielle Nic Gill Fhinnéin an cheist, cad a dhéanfar anois?
“Ná déan dearmad ar do chlúdaigh aghaidhe agus tú ag dul isteach áit ar bith.” Seo cad atá á rá ag rialtas na tíre, dochtúirí, múinteoirí agus úinéirí siopa. Is cuimhne é an gnáthshaol agus muid ag maireachtáil leis an gcoróinvíreas anois le sé mhí anuas. Cé go raibh daoine bréan den chineál saol a bhí againn agus muid faoi dhianghlasáil ar ais i Mí Márta, rud nua agus i mbealach sceitimíneach a bhí ann. Ní raibh taithí againn ar an saol seo.
Ach le himeacht ama, thuig daoine nach mbeidh an víreas mistéireach seo ag imeacht go luath nó go héasca. Thosaigh daoine ag éirí míshásta leis an rud ar fad. Bhí daoine ann ar fud an domhain nach raibh go hiomlán sásta rabhadh an WHO a ghlacadh. Thosaigh siad ag tabhairt neamhaird ar na rabhaidh seo. Bhunaigh grúpa daoine feachtas in aghaidh an rialtas agus ordú dianghlasála. Is í Gemma O’Doherty ceann de na daoine a bhí i gceannas ar an bhfeachtas seo agus tá drochthionchar aici ar go leor daoine, go háirithe na daoine nach bhfuil sásta na rialacha a leanúint.
Iaririseoir ab í Gemma O’Doherty a bhíonn ag cruthú go leor fadhbanna ar fud na tíre. Go háirithe le déanaí, tá sí go hiomlán i gcoinne an rialtas agus an iarracht atá á dhéanamh acu méid na cásanna ó Covid a laghdú. Tá tuairimí Gemma seanchaite agus éagórach gan dabht. Tá sí tar éis dul i bhfeidhm ar dhaoine na laethanta seo agus anois faoi láthair tá agóid chuile sheachtain i mBaile Átha Cliath le Gemma í féin agus a lucht leanúna ag léirsiú i gcoinne na srianta atá le fáil faoi láthair sa chontae agus muid ag maireachtáil i leibhéal a trí.
Chomh maith leis na hagóidí atá le fáil sa chathair, bíonn siad taobh amuigh de ceanncheathrú RTÉ chun léirsiú a dhéanamh i gcoinne craoltóir na hÉireann. Meon Gemma ná go bhfuil RTÉ ag cur Covid agus rialacha an rialtas chun cinn agus gur bhreagnuacht an rud ar fad. Is minic go mbíonn sí amuigh ag ceanncheathrú RTÉ ag bagairt foréigin ar mhórchraoltóir na hÉireann. Is grúpa contúirteach í agus a lucht leanúna. Leis an grúpa, Anti-Corruption Ireland (ACI), bíonn sí ag spreagadh agus ag moladh iad chun leanúint ar aghaidh leis an bhforéigean seo. Anois, agus cásanna ag éirí níos airde arís, tá imní ar fud na tíre go bhfuil an foréigean seo chun éirí i bhfad níos measa. Nuair a laghdaigh na cásanna ar ais ag tús mí Iúil, tháinig laghdú ar méid na hagóidí ach anois agus muid ar éirí níos measa arís, tá na hagóidí agus an foréigean ag éirí i bhfad níos measa.
Chuaigh O’Doherty agus John Waters chomh fada le rialacha an rialtas a cheistigh ag an Ard-Chúirt, rud nár oibrigh amach dóibh agus anois tá siad fágtha le bille mór le híoc. Ach níor chur sé seo stop ar bith leo. An cheist atá ag formhór na tíre seo ná: conas go bhfuil sí tar éis an cáil seo a bhaint amach le déanaí? Ní rud neamhghnách é go mbeidh an t-ainm Gemma O’Doherty ag treochtáil ar Twitter anois agus arís. Bíonn físeán nó dhó ag baint le seo, de ghnáth di féin ag argóint le duine éigin nó garda bocht nach bhfuil ag cothu trioblóid ar bith ach atá ag iarraidh a bpost a dhéanamh.
Bhí iompar ainrianta ag baint léi fiú sular tháinig Covid ar an bhfód. Ní bheidh dearmad déanta agam ar an bhfíseán a ghlac sí agus í isteach i mbúistéir Moslamach ag magadh fúthú agus ag cur as dóibh. Ní fhéadfaí glacadh leis an iompar seo nó an fochaid chiníoch a bhíonn ar siúl aici. Tá mé féin chomh maith le formhór na tíre seo tiomanta don chomhionannas deise do gach duine. Ach tá roinnt daoine nach bhfuil ar chomhthuiscint linn. Sin í Gemma O’Doherty agus a lucht leanúna agus tá sí í féin ag cur leis an bhfuath sin.
Thar an deireadh seachtaine bhí agóid eile sa chathair le níos mó ná 1,000 duine i láthair. Iad suite ar an talamh ar Shráid Grafton ag béicíl mar a bheadh gealt ann. Ag béicíl in ard a ngutha ag tabhairt orduithe do dhaoine chun na clúdaigh aghaidhe a bhaint. Chomh maith le sin, bhí roinnt mná ansin chun léirsiú in aghaidh na scoileanna agus na rialacha nua atá ag baint leo. Bíonn ar na daltaí clúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus iad sa seomra ranga. Ní raibh siad sásta imeacht ó Shraid Grafton. 1,000 duine ag suí gár dá chéile. Ní raibh oiread agus clúdaigh aghaidhe amháin le feiceáil. Cad is gá dúinn a dhéanamh mar thír agus muid ag maireachtáil leis an mbagairt seo ná tuilleadh comhoibriú ach leis na léirsithe seo tá an chuma air go bhfuil an tír ag dul in olcas.
Coicís ó shin, bhí lucht leanúna O’Doherty thar a bheith sásta leo féin nuair a thit argóint amach le bean aerach sa chathair i lár na hagóide. Réab foréigean de bharr an argóint seo agus thit an bhean bhocht ar an talamh agus bhí sé ag cur fola go trom. An oíche sin, bhí an eachtra ag treochtáil ar Twitter agus lucht leanúna O’Doherty ag magadh faoin mbean agus ag ceiliúradh na bhfoiréigine seo. Léirigh an eachtra seo cé chomh dáinsearach agus contúirteach is atá na daoine seo. Is cosúil go bhfuil O’Doherty tar éis cur ina luí orthu foréigean a dhéanamh ar pé duine nach aontaíonn leo agus a seasamh polaitiúil.
Cad a dhéanfar anois? Sin í an cheist. Cé nach bhfuil ach grúpa mionlaigh ag baint leo, nuair a thagann siad le chéile ag na léirsithe seo, is ábhar mór buairt iad. Scaipeann an víreas seo go héasca agus tá seans láidir go raibh duine nó beirt ag iompar an víreas ag an léirsiú. Samhlaigh má scaip sé idir an ngrúpa agus anois beidh na daoine sin ag lorg cabhair óna dochtúirí agus na haltraí atá ag obair go díograiseach ó thús mí an Mhárta chun daoine a shábháil. Ní féidir linn ach misneach a bheidh againn go tiocfaidh feabhas ar chúrsaí.