Folaíonn Grá Gráin

Advertisement

Deirtear go bhfuil sé deacair bualadh le daoine sa lá atá inniu, ní fíor sin. Lena léithidí de Tinder, Bumble, Plenty of Fish agus na cinn eile nach iad is iomaí aip chleamhnais atá ar fáil chun grá gheal do chroí a aimsiú go heasca ar líne. Faoraor, ní grá a aimsítear i gcónaí, nó i mo chás féin ariamh.

Tá coincheap na haipe breá simplí. Svaidhpeálann tú ar dheis ar phictiúir duine éigin, ag léiriú go bhfuil spéis agat sa duine sin. Svaidhpeálann tú ar chlé mura dtaithníonn pictiúir an duine leat. Má léiríonn an bheirt agaibh spéis i bpictiúir a chéile, beidh deis agaibh teachtaireachtaí a sheoladh dá chéile. Easca péasca?

Tógann Tinder eolas ó do phróifíl Facebook ar nós d’aois, d’inscne, an post atá agat agus do shuíomh chun próifíl a chruthú ar an aip. Ná lig do Tinder an dallamalóg a chur ort afách, insíonn go leor daoine bréaga. Meastar go bhfuil cúpla céad míle duine in Éirinn a bhaineann leas as an aip go rialta.  Cluiche na n-uimhreacha atá ann mar sin. In anneoin na húsáideoirí ar fad bíonn an eispéireas céanna ag beagnach gach duine. D’fhoghlaim mé roinnt mhaith rudaí thar na blianta agus mé ag úsáid na haipe agus chum mé liosta de na cúig fhiric is mó a bhaineann leis an aip.

1) Ní bhraithníonn éinne cosúil lena bpictiúir a chuireann siad ar fáil.

2) Déanfaidh tú svaidhpeáil ar chlé ró-thapaí trí thimpiste ar an duine is dathúla a bhfaca tú riamh ann.

3) Tiocfaidh tú trasna ar do iar-bhuachaill/ iar-chailín agus ní bheidh a fhios agat ar chóir duit svaidhpeáil ar chlé nó ar dheis. Svaidhpeáil ar chlé. Gach uile uair.

4) Mura bhfuil ach grianghraif grúpa acu agus níl fhios agat go díreach cé hiad sa ghrianghaf, is cinnte gurb iad na daoine is gránna sa ghrianghraf. Geallaim.

5) Má tá comhrá deas ar bhun agat le duine éigin, gach seans go bhfuil an comhrá céanna ar bhun acu le cúigear eile. Bí ar an eolas.

Ní dóigh liom gur áis iontach é Tinder chun grá a aimsiú. Ní chóir d’éinne caidreamh a bhunú le duine mar gheall ar chuma fisiciúla an duine sin seachas an pearsantacht atá acu. Mura bhfuil tú sa tóir ar ghrá agus má tá spéis agat labhairt le daoine nua leis an féidireacht ann go mbualfaidh tú leo sa fíorshaol, is fiú triail a bhaint as an aip. Baineann an oiread sin daoine idir taitneamh agus tairbhe as an aip, ach ní oireann sé do chách.

Tá an t-ádh orm go dtí seo nach bhfuil mo shaol chomh ladránach sin go mbainaim pléisiúr as ag caibearacht le daoine nach bhfuil aithne agam orthu faoi rudaí seafóideacha nach bhfuil spéis agam iontu. Nílim ar mo shuaimhneas ag bualadh le stranséirí ach an oiread, cé nach féidir leo a bheith níos measa ná na fir óga a bhfuil aithne agam orthu faoi láthair!

Advertisement