Fadhbanna Sóisialta in Éirinn

Image Credit: Ev via Unsplash

Tugann an t-alt seo léargas duit faoina fadhbanna sóisialta is tabhachtaí atá againn. Is iad seo ná an corás sláinte agus an easpa dídine in Éirinn.

Tugann an t-alt seo léargas duit faoina fadhbanna sóisialta is tabhachtaí atá againn. Is iad seo ná an corás sláinte agus an easpa dídine in Éirinn. Déantar sort iniúchadh ar an Rialtas de bharr na bhfadhbanna seo T.G. Ní fhreagródh an cheist “An bhfuil Loch Garman níos fearr ná BÁC?” ach bíodh níos mó eolas agat faoina fadhbanna atá thíos.

Corás Sláinte

Ní féidir a sheánadh go bhfuil fadbhanna fós againn sa chóras sláinte agus go bhfuil feabhas agus athruithe ag teastáil go géar ón Aire Sláinte.

Bhí a fhios ag muintir na tíre go raibh na billiúin euro caite ar chúrsaí sláinte gach uile bliain in Éirinn. Ní mór le déanamh agat ach súil a chaitheamh ar na hospidéil. A luaithe is a siúlann tú isteach príomhdhoras an ospidéil, beidh alltacht ort. Ar thaobh na láimhe clé, bhí othair ina luí gan lúth gan láthair ar thralaithe i bpasáistí de cheal leapacha agus spáis. Ba mhór an náire go raibh na hothair truncáilte isteach le chéile ó mhaidin go hoíche. Gan trácht ar na hothair a bhí ar liostaí fada feithimh agus iad fadfhulangach. Ar thaobh na láimhe deise, bhí othair ina suí ag fanacht ar chomhairle agus ar leigheas ó na dochtúirí agus ó na haltraí. Bhí na hospidéil lán go balc. Níor chuir sé iontas ná ionadh orainn a chloisteáil gurbh fhéidir le hothair galar breise a fháil ann chomh maith. Ní miste bhur n-aird a dhíriú ar an bhfliú geimhridh a bhí spréite fud fad na tíre.

Cén mhaitheas an t-uafás airgid a chaitheamh ar chúrsaí sa Roinn Sláinte agus líon na ndaoine ar thralaithe agus ar liostaí feithimh? Is cur amú airgid é

Os ag caint ar chúrsaí airgideachais a bhí mé, ní mór dúinn áfach iniúchadh a dhéanamh ar chúlra an chaiteachais sa Roinn Sláinte.

Bhí sé de dhánacht agus de dhásacht ag an Rialtas ciorruithe a chur i bhfeidhm sna hospidéil ó cheann ceann na tíre. Ghearr siad siar ar méid an airgid nuair a bhí géarghá le caiteachas. Ní dhéanfaidh sé lá dochair a admháil nach raibh aird an Rialtais dírithe ar chúrsaí sláinte. Ní miste Ré an Tíogair Cheiltigh a lua sa chás seo. Bhí flúirse airgid sa tír ach dhírigh an Rialtas isteach ar thithe breátha móra. Nuair a bhí tithe galánta á dtógáil acu ar fud fad na tíre, bhí drochbhail agus droch-chaoi ar na hospidéil. Chuir sé déistin orm nach raibh bardaí nua á dtógáil acu. Níor chuir siad síneadh leis na hospidéil. Níor chuir siad moll mór airgid isteach i gceannach na dtrealamh ach an oiread. Cuirim i gcás monatóir croí, monatóir brú fola agus ceimiteiripe.

Ar an drochuair, níor fhéach an Rialtas leis an smál seo staire a ghlanadh. Sa cháinaisnéis le déanaí, níor chinn ar thuilleadh infheistíochta. Níl sé beartaithe acu níos mó trealamh a cheannach agus a chur ar fáil don phobal. Is ag dul sa treo mícheart atá an tír anois

Nuair a dhéanann tú do mhachnamh ar an mbrú millteanach mór atá na dochtúirí agus na haltraí, ní haon ionadh é go bhfuil muid san fhaopach!

Ba mhinic a d’oibrigh siad uaireanta fada gan dóthain cabhrach ná cuidiú. Rinne siad a seacht ndícheall seacht lá na seachtaine ag obair ar ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal. Éiríonn siad go luath, fágann siad slán lena gclann agus tugann siad lámh chúnta do na hothair agus do na dochtúirí in am an ghátair. Bíonn an pobal ag súil le hobair den chéad scoth nuair nach mbíonn trealamh ná acmhainn cuí acu, ach an oiread. Ní chuirfeadh sé ionadh ort a chloisteáil go raibh siad i mbun léirsithe agus i mbun agóide le déanaí. Is iomaí lá a bhí siad amuigh ar na sráideanna sa tóir ar thuilleadh pá agus ar thuilleadh measa. 

Diúltach? Cá bhfuil an tAire Sláinte? Tugadh masla nach beag do na dochtúirí agus do na haltraí ar na mallaibh. Níor bheartaigh an rialtas aon airgead sa bhreis a thabhairt dóibh. Mar bharr ar an donas, labhair an tAire Sláinte amach ag iarraidh tuilleadh oibre uatha. Ní chuirfeadh sé aoibh an gháire ort agus ní thógfadh sé do chroí a leithéid a fheiceáil sa lá atá inniu ann.

Easpa Dídine

Tá neart plé agus scansála déanta le blianta beaga anuas ar fhadhb na díthreabhachta agus na tithíochta atá againn sa tír seo. Is cinnte gur mhaith mar atá an chaint seo ag tarlú, toisc gur ábhar sciúirse leanúnach dúinn é mar phobal. Níl sé éasca méar a leagan ar fhigiúirí cruinne ó thaobh an méid daoine atá gan díon, gan dídean ar fhód na hÉireann. Tá sé ceaptha, áfach, ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil go bhfuil suas le seacht míle duine gan foscadh sa tír bheag bhídeach seo. Tá an staitistic seo scáfar agus scannalach sa lá atá inniu ann. Tarraingíonn sé náire orainn mar thír atá ag maíomh de shíor go bhfuil borradh eacnamaíochta agus méadú airgid sa tír. Tarraingíonn sé náire shaolta orainn mar oileán atá ag bladhmaireacht i gcónaí go bhfuil ár n-ainm in airde ar an stáitse Eorpach mar thír shaibhir. Ní fiú tada aon ghaisce nuair atá seacht míle duine ar chreaga ocracha. Ní miste an cheist a chur áfach, cad is cúis le heaspa dídine in Éirinn. Is féidir a áiteamh gurb iomaí cúis atá ann leis an easpa dídine seo. Cuirim i gcás; cliseann an córas teaghlaigh, bíonn fadhb le bochtanas nó bíonn deacrachtaí le meabharshláinte. In amanna, bíonn drugaí, alcól, nó foréigean an cúis leis. Cibé acu ól nó meabharshláinte, fágtar an t-ainniseoir ar an mblár folamh ar phríomhshráideanna na cathrach nó ar bhóithre na mbailte móra.

Feicimid na daoine leochailleacha gach lá na seachtaine; daoine ag maireachtaint i bpubaill, i mbéal doirse, i gcairteacha agus i gcóiríocht éigeandála mhíchuí. Agus iad ag cur fúthu ar na sráideanna contúirteacha, tá an baol ann go rachaidh siad i muinín drugaí chun an t-anró a thógail. Tugann na drugaí dáinséaracha seo deis do na daoine leochaileacha seo éalú ón ainnis ar na sráideanna. Is féidir leis na daoine gan dídean dearmad a dhéanamh ar chruatan an tsaoil. Ar feadh tamaill bhig, tugann sé suaimhneas do na daoine seo agus éiríonn siad cleachtadh leis an suaimhneas intinne. Ach, téann na daoine gan dídean sa tóir ar an suaimhneas seo. Is é toradh na tóraíochta seo ná gadaíocht agus creachadh. Cruthaíonn fadhb amháin fadhb eile. Is fáinne fí í. Ní miste scéal brónach a thabhairt chun cuimhne. Cúpla bliain ó shin, bhí ainniseoir bocht ina luí ag doras Theach Laighin i lár na príomhchathrach. Fuarthas amach gur cailleadh é nuair a thug  duine faoi deara nach raibh a mhála codlata á chlúdach (mar ba cheart). Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ach níorbh fhéidir cuidiú leis an duine bocht. Bhí sé marbh in aois a 32 bliain. Ba é an cúigiú duine gan dídean a cailleadh ar shráideanna na hardchathrach i mbliana. Chuir sé samhnas orm a fheiceáil sna meáin chumarsáide go raibh fadhbanna óil, drugaí agus meabhairshláinte luaite. Ó bhí sé ina dhéagóir, ní raibh cuidiú ar fáil. Ní raibh cúnamh ar fáil. Níor thug aon duine cabhair don duine bocht. Chaith sé formhór a shaoil gan dídean. Ní leithscéal é. Tá mé den bharúil gur ligeadh síos an duine cheal seirbhísí cónaithe, comhairle agus cóir leighis.

Tá an rialtas ag teip ar dhaoine ó thaobh tithíochta de agus tá an dualgas ar an Stát tithe a chur ar fáil don phobal. Maith dom an t-imeartas focal, ach ní miste an fód a sheasamh agus sochaí níos cothroime a chur ar fáil go gach saoránach sa tír seo.