I ndiaidh cothrom céad bliana Domhnach na Fola, tuairiscíonn Shane MacDomhnaill faoi conas a mhairceáiltear an ócáid thragóideach seo, plé ar poipíní agus comhrá pholaitiúil in Éireann.
Dé Domhnach a bhí ann, agus Tiobraid Árainn ag imirt in aghaidh Baile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh. Cluiche dúshláin á n-imirt acu, agus Tiobraid Árainn ag iarraidh a rian a fhágáil in aigneacha seaimpíní Laighin. Cathair buailte ag teannas ab ea phríomhchathair na tíre an maidin sin, i ndiaidh ionsaí ag an IRA, faoi stiúr Micheal Collins, ar Oifigigh Airm na Bhreataine mór thimpeall na cathrach. Maraíodh cúigear déag ar maidin, agus bhí muintir na cathrach ag fanacht go haireach ar fhreagra na Bhreatine. Bhí breis is cúig mhíle duine sa lucht féachana, iad ag faire go ghéar ar an gcluiche mhór seo. Agus an cluiche á n-imirt, rinne na Dúchrónaigh ruathar ar an gcluiche, ag scaoileadh ar imreoirí agus ar an lucht féachana a bhí ag déanamh iarracht éiliú. Laistigh de nócha soicind, bhí an scaoileadh thart, agus ceathrar déag sínte ar thalamh Páirc an Chrócaigh. Maraíodh Mick Hogan, taca Thiobraid Árainn, chomh maith le triúr déag a bhí sa lucht féachana. Íospartaigh neamhchionntach ab iad na daoine seo, a ndearnadh faic seachas freastal ar cluiche. Is é lá dubh do mhuintir na tíre seo é an lá seo, lá a ghlaofar “Domhnach na Fola” ar. Ar an 21ú Samhain, tugadh ómóis don lá dorcha seo, ní hamaháin i stair an Chumann Lúthchleas Gaeil, ach i stair na tíre i gcoitinne. Ar cothrom céad bliain Domhnach na Fola, an bhfuil sé soiléir dúinn cén éifeacht a bhí ag an eachtra thragóideach seo ar cúrsaí na tíre in dhiaidh?
Tá sé inglacadh go ndearnadh damáiste do h-údaráis na Breataine in Éireann i ndiaidh Domhnach na Fola - de bharr maruithe na h-Oifigigh Briotánacha agus an ionsaí ar Pháirc an Chrócaigh araon. Mhéadaigh tacaíocht an t-IRA chomh maith. Mhéadaigh an teannas freisin idir an Chumann Lúthchleas Gaeil agus na h-iarrachtaí ar son an neamhspleáchas in Éireann agus ainmníodh staid Uí Ógáin i bPáirc an Chrócaigh i ndiaidh Mick Hogan, imreoir Thiobraid Árainn a mhairítear san eachtra.
Gabh ar aghaidh céad bliain. An deireadh seachtaine seo chaite, chonaiceamar an méid a thit amach i bPáirc an Chrócaigh agus Páirc Uí Chaíomh ó thaobh ómóis a léiriú don eachtra. Chuir Stephen Cluxton bláthfhleasc i gcúinne Pháirc an Chrócaigh roimh tús cluiche ceannais Chraobhchomórtas Laighin, agus ceithre lasair déag á dhó ann chomh maith. Is é an cluiche i bPáirc Uí Chaíomh a tharraing an suim agus an spéis is mó, áfach. Le spleodar a leithidí Micheal Quinlivan agus Conor Sweeney, d’éirigh le Thiobraid Árainn a chéad bua i gCraobhchomórtas na Mumhain a aimsiú le cúig bliain is ochtó anuas agus na gheansaithe omóis ó 1920 á gcaitheamh acu. Mar a tharlaíonn, is iad na foirneacha ceannann céanna sa leathchraobh Uile-Éireann is a bhí ann sa bhliain 1920. Is é Thiobraid Árainn a tháining amach go buacach an bhliain sin, i ndiaidh dóibh gorta de cúig bhliain is ochtó a bhriseadh ar cothrom céad bliana Domhnach na Fola, tá seans, más seans bheag, acu an sliabh a dhreapadh den chéad uair go ceann céad bliana.
Lasmuig de cursaí spóirt amháin, bhí an-éifeacht ar Domhnach na Fola ar treocht na tíre. Tharla an eachtra le linn Cogadh na Saoirse. Is téama é tríd stair na tíre le linn an fichiú aois go ndearnadh Rialtas na Breatine trioblóid mhór a chruthú dóibh féin in Éireann. I ndiaidh Éirí Amach 1916, de bharr an slí go gcuireadh na ceannairí chun báis, rinneadh mairtéirí dóibh. D’fhás tacaíocht ar son an neamhspleáchas sa chás sin - áit nach raibh tacaíocht ollmhór ann roimh ré. Sa chás seo, ní mairtéirí a dhéanadh as an gceathrar déag a mhairítear i bPáirc an Chrócaigh, íospairtaigh iomlán ab ea iontú. D’fhás thacaíocht de chuid an IRA i ndiaidh na h-eachtra.
D’aithin gnéithe de shochaí na tíre seo an ócáid ar gcothrom céad bliana Domhnach na Fola. Rinne an CLG Domhnach na Fola a chuimhniú go cuí le h-ócáidí éagsúla thar an deireadh seachtaine sin - ó gheansaithe Thiobraid Árainn go aitheantas a thabhairt do na íospartaigh. Rinneadh clár faisnéise a chraoladh ar RTÉ an seachtain roimh ré a bhí bunaithe ar leabhar Michael Foley, The Bloodied Field, leabhar den scoth a dhéanann an lá stairiúil, thragóideach sin a sholáthar ó thús go deireadh.
Náisiúin fíor-dhifriúil ab ea Éireann sa lá atá inniú ann, áfach. Gach bhliain tá orainn éisteach le plé leamh maidir le bpoipíní. Is tríd an fráma seo a bhfeicimid cothrom céad bliana Domhnach na Fola i mbliana. Déanann an phoipín céanna baill d’Airm na Breataine ón gCéad Chogadh Domhanda ar aghaidh a chuimhniú - inár throid na mílte Éireannaigh mar atá ar eolas againn. D’fhéadfá a nochtadh, áfach, gur chóir an dá rud a chuimhniú agus a chomóradh, más ceann amháin dóibh. Ar an lá stairiúil seo ní raibh gíog as Rialtas na hÉireann i leith Domhnach na Fola. Cé go bhfuil baill den rialtas céanna atá sásta poipín a chaitheamh chun Airm na Bhreataine a cheiliúradh - rogha pearsanta nach féidir a cháineadh - cén fáth nach gcaitear sa slí céanna le stair na tíre seo? Ní cheist pholaitiúil í an ábhar seo i mo thuairimse. Níor chóir go mbeadh cuimhniúcháin ar ócáid stairiúil ina ráiteas pholaitiúil, nó ina phointe thacaíocht nó cáineadh ar dhream ar bith. Chun aibíocht a bheith againn mar náisiúin, is gá go mbeimis ábalta dul i mbun chomhrá faoina leithead gan ligeann den phlé sleamhnú isteach ina argóint.
Tá a lán feicthe ag muintir na tíre seo thar tréimhse céad bliana. Táimid i ndiaidh neamhspleáchas a fháil ón Bhreatain agus muid féin a streachadh as a chéile ar feadh tréimhse fhada ón uair gur aimsíodh é. Tá an ghunna imithe ó pholataíocht na tíre le tamaill anuas, ach is minic a bhris béal duine a shrón. Tá sé thar am dúinn mar tír dul i mbun cainte lena chéile. Tá sé feicthe againn sna Stáit Aontaithe Mheiriceá cad a thiteann amach nuair a thréigtear an caint is an plé. Ná bímis cosúil leis ár gcomharsan thrasna an Aigéin Atlantaigh. Is minic a rabhamar mar eiseamláraí a leanann tíortha eile - sa litríocht, mar shampla. Bímis mar eiseamláraí ó thaobh an sibhialtacht is an daonnacht chomh maith.