Deonú orgáin in Éirinn; ar cheart an córas a athrú?
By G E | Apr 28 2017
Tugann Niamh O Regan a tuairim ar an córas de deonú orgáin atá againn in Éirinn.[br]LE déanaí bhí Seachtain Feasachta Deonú Órgán ann chun eolas a scaipeadh ar an gá atá ann do trasphlandú orgán agus chun daoine a mhealladh a n-orgáin a dheonú ar uair a bháis.Bíonn gá le deonú órgán i gcónaí; na duáin, na scamhóga, an ae, an stéig bheag, an paincréas agus fiú an croí. Uaireannta bíonn gá le roinnt aistriú orgáin ag an am céanna, ach tá ganntanas deontóirí sa tír. Don chuid is mó den am, tarlaíonn trasphlandú orgáin tar éis bás duine éigin, agus go bhfuil a n-orgáin folláin a dhóthain, agus den fhuilghrúpa oiriúnach.Is é an córas atá againn in Éirinn faoi láthair ná go gcaithfidh an duine a rá roimh a mbáis go bhfuil fonn orthu a n-orgáin a thabhairt don leigheas nuair a bhfaigheann siad bás. Ag deireadh an lae áfach, tá dualgas an chinnidh ar chlann an duine. Fiú má’s rud é go bhfuil ar dhuine a n-orgáin a thabhairt, caithfidh an neasghaol a gcead a thabhairt. Is féidir le daoine cárta a iompar leo a léiríonn na horgáin go bhfuil fonn orthu a thabhairt. Tá mórán deiseanna ann le chur in iúl go bhfuil fonn ar dhuine é a thabhairt. Ní hamháin go bhfuil an cárta féin ann ach is féidir é a luadh ar ceadúnas tiomána agus tá aip ghutháin fiú. Níl aon clár náisiúnta ann áfach, ina gceanglaítear na rudaí seo ar fad le chéile. Is féidir le daoine clárú ar líne don Irish Donor Network, ach arís is eagraíocht amháin é sin as mórán. Fiú san aip a bhíonn ar an nguthán, bíonn na sonraí ar an ngutháin amháin, ní cláraítear iad ar córas náisiúnta. Tá córas éagsúil ann i roinnt tíortha eile. An córas atá ann sa Spáinn ná go glactar leis go bhfuil fonn ar dhaoine a n-orgáin a thabhairt, agus caithfear a chur in iúil má’s rud é nach bhfuil fonn ar dhaoine a n-orgáin a thabhairt. Ag tús na bliana seo, tugadh an riail isteach sa Fhrainc, agus in ionad clár deontóra, is clár diúltaithe a mbeidh ann. Is féidir le daoine clárú a rá nach bhfuil fonn orthu a n-orgáin a dheonú.Tá roinnt argóintí i gcoinne a córas seo. Bíonn daoine amhrasach faoi toil a mhuintir agus sa gcás nach bhfuil a fhios acu cad a mb’fhearr leo, is minic go gcloíonn siad le gan na horgáin a thabhairt. Bíonn daoine buartha go mbeadh brú á chuir ar dhaoine deonú le teann chiontachta, nó go ligfí do dhaoine bás a fháil níos tapúla ar mhaithe na n-orgáin a fháil. Ar an gcéad dul síos, tá an dhá buairt deireanach seo go hiomlán mí-eiticiúil agus cé go bhfuil sé de cheart ag gach éinne a bheith buartha faoi sláinte a gclann, is cinnte go mbeadh an córas iomlán airdeallach ó thaobh eitice de. In Éirinn faoi láthair, glactar orgáin ó dhuine éigin atá tar éis bás a fháil, agus iad ar aerálaí. Meastar go bhfuil a inchinn tar éis bás ar fháil trí dhá scrúd a dhéanamh, agus ní hiad na dochtúirí a thugann faoi obráid an trasphlandú a dhéannan é seo a mheas. Anuas ar seo arís, ní glactar aon orgán ach amháin má tá duine ann a mbainfidh leas as. I gcás go dtugtar córas nua isteach, ionas go mbeadh toil an duine á leanúint caithfear cinntiú go bhfuil an eolas ag gach éinne. An chéad pháirt de ná go bhféidir leo diúltú, agus iad féin a bhaint ón gclár agus ansin conas mar go ndéantar é.Ar cheart do Éireann an córas “opt out” a thabhairt isteach? Déarfainn gur cheart. Bíonn gá i gcónaí le trasphlandú orgáin, ach ní i gcónaí go mbíonn a ndóthain orgán á sholáthar. De réir an Irish Donor Network, bíonn thart ar 80 deonuithe gach aon bhliain sin 20 deonú as gach milliúin don daonra. Deir siad go bhfuil fonn orthu é seo a ardú go 24 deonú as gach milliún, agus mar thoradh bheadh laghdú mór ar líon na ndaoine atá ar scagdhealú. Tá daoine ann, go háirithe páistí óga a fhéidir a slánú le trasphlandú, má tá orgán ann dóibh. Ní chuireann trasphlandú orgán moill ar an córas sochraide, nó ní bhíonn damáiste déanta don chorp. Chun go mbeidh rath ar trasphlandú, caithfidh roinnt coinníoll a líonadh. Ní úsáidtear ach orgáin atá iomlán sláintiúil agus déantar imscrúdú ar na horgáin roimh an trasphlandú, le cinntiú go bhfuil siad oiriúnach. Tá rialacha docht ann ó thaobh sábháilteacht agus glaineacht de agus caitear taifead iomláine a choimeád de gach aon gné den trasphlandú. Má’s féidir níos mó daoine a slánú, tríd an córas deonú a aistriú, measaim go bhfuil sé de dhualgas orainn é a dhéanamh.