Cumhacht san Tuaisceart
By G E | Apr 24 2017
Conas mar a riallaítear tuaisceart na hÉireann agus an gá dúinn a bheith buartha faoin staid ina bhfuil an córas polaitíochta faoi láthair.[br]Nuair a shíníodh Comhaontas Sunningdale i 1972, cuireadh tús le iarracht cumhachtroinnte a bhunú i dTuaisceart na hÉireann. Le linn bliana bhí teip ar. Ansin bhí comhaontas Aoine Chéasta fiche bliain i ndiadh, agus bhí ag éirí go míshocair leis, cuireadh an Tionól ar cheal ar feadh cúig bliana ó 2002 go 2007, bhí comhaontas St. Andrews ann agus ó shin tá an Tionól tar éis feidhmiú mar is ceart, ach anois, tá sé i mbaol arís.Feidhmíonn córas polaitíochta Tuaisceart na hÉireann ar chumhachtroinnt, daonlathas comhshochaíochtúil. Córas ab ea é a dhearaigh Arend Lijphart, teoiricí polaitíochta, do phobail a bhí ag teacht ó coimhlint. De réir a theoirice, tá nasc ann idir an struchtúr sóisialta agus an cultúr polaitíochta ó thaobh buanseasmhacht polaitíochta de. Tá mórán coimhlint i dTuaisceart na hÉireann óna bhunaíodh é agus tá an córas cumhachtroinnte tar éis roinnt síochán a thabhairt do áit. Éagsúil ón gcuid eile den Riocht Aontaithe bíonn ionadaíocht chionmhar i gceist le toghcháin an Tuaiscirt agus mar aidhm na cumhachtroinnte, bíonn ionadaíocht ón dhá thaobh ann. Níor oibrigh an córas i dtús báire, toisc nach raibh an dhá thaobh ag cloí le rialacha an tí, ach ó 2007, cé go mbíodh coimhlint eatarthu ó am go chéile, d’oibrigh an córas mar is ceart.Bhí toghchán ag Tuaisceart na hÉireann ar an tar éis a d’éirigh Martin McGuinness as a phost mar an Leas- Chéad Aire an rialtais, in agóid ar an scannal a tharla faoin Dreasacht Athnuachan Teasa. De bharr gur éirigh sé as a phost, chaill Arlene Foster a post mar Chéad Aire, de réir rialacha an chumhacht roinnt. De réir na rialacha, caithfidh dream aontachtóirí agus dream náisiúnaithe oibriú as lámh a chéile chun rialtas a bhunú. Tar éis na toghchána an uair seo, níor éirigh leis na páirtithe teacht ar chomh réiteach agus ag an am a cuireadh an alt seo i scríbhinn, ní raibh aon réiteach fós ann ar an rialtas. Mura dtagann siad ar réiteach, tá cosúlacht ann go nglaofar toghchán eile. Tá seans ann comh maith, go mbeadh an parlaimint curtha ar ceal arís, agus go mbeadh an tír á rialú ó Westminister, in ionad Stormont. Is ar James Brokenshire, Rúnaí Stáit Tuaisceart na hÉireann, ar a bhfuil an dualgas. Is eisean a rinne an chinneadh gan toghchán eile a glaoch agus atriail a bhaint as an idirbheartaíocht. B’fhearr le gach éinne é go bhfanfadh an rialtas i Stormont i bhfeidhil, ach braitheann sé ar comhoibriú na páirtithe polaitíochta.Is rud ríthábhachtach é go bhfanann an cumhacht ar rialú i dTuaisceart na hÉireann, fiú má’s gá toghchán eile a bheith ann. Ar an gcéad dul síos, tá an rialtas i Westminister fíor gnóthach i láthair na huaire, agus bheifí buartha nach mbeadh a ndóthain aire tugtha don Tuaisceart ach amháin ar na coda is tábhachtaí. Tá a ndóthain de oibre le déanamh ag Stormont lena aire ar fad dírithe ar Tuaisceart na hÉireann, ní hamháin ó thaobh eacnamaíochta de, ach go sóisialta de. Cuid mhór den dílárú cumhachta ná an deis a thabhairt do dhá pobail éagsúil teacht le chéile agus rialú le chéile, i slite a mbeadh cothrom ar an ndá taobh. Tá roinnt fadhbanna idir na páirtithe is mó (Sinn Féin agus an DUP) ó thaobh polasaithe de. Tá aighneas agus achrann eatarthu faoi láthair bainte le Acht Teanga. De réir an córas cumhachtroinnte, tá sé de cheart ag an dhá príomh chultúr ann (Éireannach agus Ultais), a bheith ar comhchéim ann. Go dtí go bhfuil acht ann a dtugann aitheantas don Ghaeilge, braitheann daoine áirithe nach mbeadh cothromaíocht eatarthu. Is cosúil go mbeadh ábhar mar seo fágtha ar leataobh dá mbainfeadh an cumhacht uathu.Dar le roinnt daoine, mura bhféidir leis an dhá thaobh teacht ar Chéad Aire agus Leas-Chéad Aire a ainmniú, nach bhfuil sé de cheart acu a bheith i bhfeighil orthu féin; ba cheart dóibh iarracht ar leith a dhéanamh chun teacht ar comh réiteach comh luath agus is féidir.Tá argóintí ann go mbíonn dainginiú ar an deighilt idir an dhá pobal de thoradh ar an córas cumhachtroinnte. Tá argóint ann comh maith go mb’fhéídir go bhfuil an córas cumhacht roinnte tar éis moill a chur ar na deiseanna a bheadh ag páirtithe eile fás agus forbairt. Is soiléir go bhfuil deacrachtaí agus fadhbanna ag baint leis an córas anois nuair a nach féidir leo teacht ar réiteach. B’fhiú machnamh ar triail a bhaint as córas eile b’fhéidir, ach pé rud gur cheart a dhéanamh ní féidir é a dhéanamh mura bhfannann an gcumhacht i Stormont. Mura dtagann siad ar réiteach, tá cosúlacht ann go nglaofar toghchán eile. Tá seans ann comh maith, go mbeadh an parlaimint curtha ar ceal arís, agus go mbeadh an tír á rialú ó Westminister.”