Cultúr na Gaeilge agus Tionchar na n-Óg thar na blianta

Ó Pádraig Mac Piarais go dtí INNTI, b’fhéidir gurb é tionchar na n-óg an tionchar is mó atá le feiceáil sa Ghaeilge sa lá atá inniu ann. Is féidir leatsa cur leis!

Tugann cultúr saibhir Gaelach na nÓg léirgeas agus tuiscint dúinn ar shaol síorathraitheach sóisialta agus cultúrtha na tíre seo thar na blianta. Ó seanscéalta ar nós Macghníomartha Chú Chulainn go saothair INNTI agus obair an ghrúpa AerachAiteach Gaelach, déanann cultúr Gaelach na nÓg frithchaith ar fhéiniúlacht agus stair na hÉireann. Idir bhunú an tsaorstáit agus leasú Acht an phósta, bhí, agus tá, gnéithe de chultúr na hÉireann ag athrú le eachtraí an lae.

Tháinig forbairt ollmhór ar chultúr na hÓige Gaelaí agus ar an shaol in Éirinn san fhichiú haois, feictear gur tháinig fás ollmhór ar suim na ndaoine ina gcuid cultúrtha; teanga na Gaeilge, spóirt Ghaelach, ceol traidisiúnta na hÉireann, agus béaloideas na tíre. Ag tús an fhichiú aois bhí Éire fós faoi riail na Breataine ach bhí an Ghaeilge mar ábhar bunscoile. Bhí fadhb le seo, ní raibh Gaeilge ag na múinteoirí, is de bharr seo a bhunaíodh na coláistí samhraidh, dar le McCafferty (2022) is in 1904 a chuireadh an chéad choláiste samhraidh Gaeilge, Coláiste na Mumhan, ar bun. Is léir ó seo go raibh an Gaeilge ag teacht chun cinn lámh ar lámh leis an náisiúnachas. 

Thuig Conradh na Gaeilge go raibh todhchaí teanga na Gaeilge ag brath ar óige na tíre agus ‘Thuig lucht an náisiúnachais go bhféadfaidís an t-aos óg a mhealladh agus go dtreiseodh na daoine óge céanna gluaiseacht an náisiúnachais sa todhchaí. Tháinig Conradh na Gaeilge ar an tuiscint chéanna agus shamlaigh [siad] go mbeadh todhchaí na teanga ag brath ar an óige’ (I. xxv, Nic Congail, 2022). Ag an am a bhunaíodh Saorstáit na hÉireann, bhí easpa litríocht na n-óg ach de bharr obair Chonradh na Gaeilge, bhí an-suim ag muintir na tíre sna Gaeltachtaí agus naisiúnachas. Thosaigh an suim seo ag lonrach sa litríocht a fhoilsíodh i mblianta úra an tsaorstáit. 

Thuig Conradh na Gaeilge go raibh todhchaí teanga na Gaeilge ag brath ar óige na tíre.

Féach Eoghainín an Éan agus Íosagán, dhá scéal de chuid Pádraig Mac Piarais, dhá scéalta a oireann do seánra litríocht na nÓg, atá bunaithe ar shaol buachaillí óga Gaeltachta. Sa dhá scéal seo tugann Pádraig Mac Piarais dearcadh rómánsach ar an Ghaeltacht agus an saol a mbíonn ag daoine inti. Is ó seo a feictear fás an náisiúnachas agus iarsmaí Éirí Amach na Cásca 1916. 

Tá éifeacht an tsaorstáit nua agus rialtas dhúchais na hÉireann le feiceáil go soléir i bhfeachtas Choimisiúin Béaloideasa Éireann; Bailiúchán na scoil. B’aidhm an tionscadal seo ná gnéithe cultúrtha na hÉireann a bhailiú. I measc na hábhair a bhailíodh, feictear; dánta, amhráin, scéalta, agus cleachtaí a feictear ag bainis, sochraid, agus pósadh. Tá nasc láidir idir suim na ndaoine ina gcuid oidhreachta agus cultúrtha féin agus bunú an tsaorstáir, taispeánann an feachtas seo agus a ráth tionchar an tAcht Freastal Scoile, 1926, freisin. Sa ré seo bhí an-iarracht á dhéanamh ag na hÓige Gaelaí chun faigh réidh le iarsmaí rialach na Breataine.

Sa ré seo bhí an-iarracht á dhéanamh ag na hÓige Gaelaí chun faigh réidh le iarsmaí rialach na Breataine

Thar na blianta, bhí an-thionchar ag muintir na hOllscoile ar chultúr na nGael. Tugann cultúr Gaelach na hollscoileanna agus an t-aos óg léirgeas agus tuiscint dúinn ar stair na linne seo agus ar thionchar seanstair na hÉireann ar an lá atá inniu ann. Tá sé seo le fáil i dtaithí mac léinn Ollscoil na Banríona, Béal Féirste agus iad ag iarraidh scéim chónaithe lán-Ghaeilge a bhain amach, ag fáil réidh le iarsmaí na plandálacha agus an dhrochthuairim a fágadh fá dtaobh de teanga na Gaeilge.

Feictear gur bhunaidh Ciara Ní É agus Eoin McEvoy, beirt bhall foirne de chuid UCD, an grúpa ‘AerachAiteachGaelach’ sa bhliain 2020, is grúpa é seo a tacaíonn le pobal LADTA+ na Gaeilge. Is grúpa ealaíne iad a chuireann imeachtaí ar fáil do scríbhneoirí, cheoltóirí, drámadóirí, griangrafadóírí, agus taibheoirí draig (aerachaiteachgaelach.net). Is ó ráth an ghrúpa seo a tagann tuiscint ar tábhacht leasúcháin Acht an Phósta 2015, inar gceadaíoch pósadh aeraigh. Chuireann an grúpa imeachtaí mar shampla; Damhsa seite, drámaíochta, óiche scéálaíochta, agus ceardlanna scríbhneoireachta & filíochta ar siúl timpeall na tíre. Is tríd ráth an ghrúpa seo a bhfaightear tuiscint soléir ar an Athbheochan Gaeilge nua a bhfuil faoi lán seoil faoi láthair.

Níos luaithe sa saol chomhaimseartha a fheictear INNTI, grúpa cumhachtach a dhearna frithchaith ar agóidí an ama agus ar aithruithe móra cultúrtha na tíre. Scríobh an grúpa filí óga seo faoi Roc-cheol, cearta sibhialta agus an feimnicheas. Bhí na hathruithe suntasacha seo léirithe ina gcuid filíochta sa tslí gurb ag an am a foilsíodh an chéad eagrán de Innti “B’ionann, ag an am sin, bheith ag déanamh staidéár ar litríócht, i dteanga ar bith, agus a bheith ag tabhairt cuairt ar thigh sean-aintín eda-mhéineach nach raibh tuiscint dá laghad aici ar an saol comhaimseartha” (Drogan, 2011). Deir Nuala Ní Dhomhnaill ‘Theastaigh uainne dánta a scríobh a mbíodh baint acu le sex, drugs and rock n’ roll’. Feictear réabhlóidí an domhain i fhilíocht INNTI. 

Tá cultúr na nGael athruithe go mór ag muintir na haoise thar na blianta. Níor ghrúpa sean iad na fir a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca 1916, agus níor sheanbhean í Nuala Ní Dhomhnaill nuair a thug sí faoin fhilíocht.

Is féidir tionchar a bheith agat ar chultúr na Gaeilge anois!

Is féidir tionchar a bheith agat ar chultúr na Gaeilge anois! Tá géarchéim le feiscint sna Gaeltachtaí, tá easpa tithíochta ann, bánú atá i gceist, easpa achmhainní. Feictear nach bhfuil aon maoiniú ar fáil don teanga, nach bhfuil aon airgead á chaitheamh ar an Ghaeloideachas nó chun feabhas a chur ar múineadh na Gaeilge sa chóras meánscoile. Tá géarghá le cur i bhfeidhm ár gcearta teanga. 

Tá muintir na Gaeilge ag dul chun sráide ar 20 Meán Fómhair don chéad agóid náisiúnta ‘CEARTA’ le breis is deich mbliana. Chun do smior a fhágáil ar chultúr na Gaeilge mar chuid den aos óg, bí ann. Is féidir d’ainm a chur le INNTI, muintir Ollscoil na Banríona agus laochanna eile na teanga!