By Síofra Ní Shluaghadháin | Oct 3 2016
An cheart go gcloistear Fáilte an Aingil fós ar RTÉ1? Smaoiníonn Síófra Ní Shluagadáin faoi.[br]Tá an iomaí rud inár saol atá traidisiúnta; an ceol Gaelach, síscéalta, agus dár ndoigh, an Caitliceachas. Tá gaol fad-bhunaithe idir an reiligiún agus an saol ina mairimid, a théann ar ais ar a laghad go athscríobh na bunreachta sa bhliain 1937, nuair a thug Eamon de Valera stádas ar leith don Eaglais Chaitliceach in Éirinn.Inniu, tá bród ar leith orainn cé go bhfuil muid inár gcónaí i dtír atá il-gcultúrtha, agus a chuireann fáilte roimh chách. In ainneoin seo, tarlaíonn rud ar leith gach uile lá, ar an teilifís agus ar an raidió. Ag mean-lae, agus ag a sé a chlog, glacann RTÉ nóiméad chun ómós a thabhairt do chloig na n-Aingil, nó “The Angelus”, mar a thugtar air. Agus cé go bhfuil conspóid ann faoi láthair maidir le ról na hEaglaise inár saol, go háirithe maidir leis an oideachas, is fiú é le rá nach mbíonn an mór chuid le rá ag daoine faoi na cloig seo, maith na holc.Ar chóir dúinn siombail mar seo a thréigean, ar mhaithe shochaí níos saolta a cruthú? Tá an uile thuairim maidir lena leithéid a cur uainn, ach, i mo thuairimse, is iad na hargóintí is suimiúla ná iad siúd i bhfabhar iad a chaomhnú. Ina measc tá an reiligiún agus an páirt a imríonn sé inár gcultúr, maith ná olc. Tá argóintí eile ann áfách. Dár le roinnt daoine, tá maith airithe ag baint le nóiméad a glacadh i gciúnas agus muid ag dul i mbun an saol. Is áit gnóthach, gasta é an saol inniu, go háirithe do dhaoine óga. B’fhéidir gur cheart suaimhneas, nó “mindfulness” mar a thugtar uirthi i mBéarla, a cur chun cinn inár saol, fiú mura bhfuil sé ach ar feadh dhá nóiméad achan lá.Ag deireadh an lae, níl ann ach dhá nóiméad; céad soicind is fiche, i lár ceithre uair is fiche an lae. Fiú má tá olc-fhuath agat ar na cloigíní sin, an bhfuil gá cur as do dhaoine eile ar son an méid ama sin? B’fhéidir gur cheart an dian-cheangal leis an Eaglais Chaitliceach a bhriseadh, ach, é sin a bheith ráite, is ait an saol a mbeadh an dá dtosódh an nuacht ar RTÉ go díreach ag a sé a chlog um thráthnóna.[br]GluaisBomaite - minute bunreacht - constitution ómós - homage suaimhneas- peace/tranquility