By Meabh Ni Choileain | Dec 5 2010
Cé nach mór dúinn a bheith níos cúramaí ag tiomáint i rith na Nollag, b’fhéidir go bhfuil cabhair breise ar fáil i mbliana, dar le Meabh Ní ChoileainBeidh aonach ar siúl san ionad pobail áitúil agus beidh carúil le cloisteáil á chanadh i halla na scoile. Beidh crainn maisithe le feiceáil sa fuinneog i ngach teach agus, má tá an t-ádh orainn, clúdófar an talamh le brat sneachta bán geal.Cinnte, ní fada anois go mbeidh an Nollaig buailte linn agus go mbeidh áthas san aer arís. Ach cé go dtagann dea-mhéin leis an gceiliúradh seo, fós féin, is ag an am seo den bhliain a thárlaíonn go leor de na tragóidí is uafásaí sa tír. Tagann méadú suntasach ar líon na dtimpistí bóthair i rith na Nollag agus cloistear go leor droch-scéalta faoi dhaoine a ghortaíodh go dona agus a mharaíodh mar thoradh.Le daoine ag filleadh ar an mbaile, daoine eile ag tabhairt cuairt ar ghaolta agus na fir poist ag dáileadh níos mó litreacha agus beartanna ná de ghnáth, bíonn na bóithre dubh le feithiclí. Ar bharr seo, bíonn an aimsir níos measa i rith na Nollag agus bíonn sioc, flichshneachta agus báisteach ann go rialta. Sula gcuirimid fáilte roimh Nollaig 2010, ní mór dúinn an cheist a chur: An bhfuil réiteach ann chun timpistí bhóthair na Nollag a laghdú nó an bhfuil siad dosheachanta?Le coicís anuas, tá tús curtha le scéim nua na nGardaí. Tá ceamaraí luais curtha thar timpeall na tíre acu, chun laghdú luais a chur chun cinn i measc tiománaithe. Cé go bhfuil go leor tiománaithe glan i gcoinne an scéim seo, ní féidir a shéanadh ach go dtiocfaidh go leor maitheas uaidh, ach go háirithe ag an am seo den bhliain. Dár leis an tAire Ceartais, Dermot Ahern, cuireadh na ceamaraí luais i bpríomháiteanna timpistí bóthair, chun go dtosnóidh daoine ag tiomáint níos moille agus a bheith níos cúramaí.Roimh dheireadh na míosa seo, beidh na ceamaraí luais tar éis taifead a dhéanamh ar breis is 750 uair a chloig tiomáint agus roimh mí Feabhra 2011, tá súil ag an tAire Iompair, Noel Dempsey, go mbeidh, ar a laghad, 45 ceamaraí luais ar fud na tíre. Is figúirí iad seo a léiríonn cé chomh tromchúiseach is atá na Gardaí agus an rialtas faoin scéim seo agus mothaíonn siad gur fiú airgead a fhineistiú ann toisc go gcabhróidh sé le bheatha dhaoine a shábháil.Toisc go mbíonn daoine ag ól níos mó i rith na Nollag, tá géar ghá le rabhadh sa bhreis ar na bóithre. Tá an aimsir dona go leor ach le alcól i gcóras an tiománaí, d'fhéadadh timpistí seachantúil a thárlúint go héasca. Táimid níos carthanúl agus níos tuiscuiní ar dhaoine eile i rith na Nollag agus mar sin nuair a dúirt an Gharda Comisúinéir, Fachtna Murphy, go bhféadfadh leis na ceamaraí luais ball dár gclann nó comharsan linn a choimeád slán ar na bóithre, tá an seans ann anois go smaoinfaimid ar na ndaoine seo sula dtéimid taobh thiar den bhonn rotha tar éis dúinn a bheith ag ól.Tá lán-mhuinín ag na Gardaí sa scéim nua seo agus is dóigh leo go ndéanfaidh sé go leor difríocht le mheon an tiománaí a athrú. Leis an aimsir ag éirí níos fuaire, cóisir ranga na Nollag ag druidim agus trácht níos troime le feiceáil ar na bóithre, tá súil againn go bhfuil an ceart acu.Agus muid ag ceiliúradh lenár muintir an Nollaig seo, ba chóir dúinn machnamh a dhéanamh orthu agus an t-ádh atá orainn go bhfuil siad in ár saol. Muna dtosnaimid ag tabhairt aire níos fearr ar na bóithre an Nollaig seo, tá an baol ann nach mbeidh siad linn an Nollaig seo chugainn. Is ar mhaithe beatha na ndaoine atá na ceamaraí luais nua seo agus is féidir a chinntiú go mbeidh Nollaig níos ciúine againn i mbliana lena theacht.Gluais Ceamaraí luais - speed camerasTimpistí bóthair - road accidentsSioc - frostFlithshneachta - sleetDosheachanta - inevitableTiománaithe - driversCarthanúil - charitable