Caoineadh Airt Uí Laoghaire.

Thuig sí láithreach bonn go raibh rud éigin tubaisteach tragóideach tar éis titim amach.

Caoineadh Airt Uí Laoghaire, ceann de na dánta grá is fearr atá le fáil i
nGaeilge. Cumadóir an dáin ná Eibhlín Dubh Ní Chonaill. Déanann sí cur síos ar
beatha agus bás a fear céile sa dán ar an gceathrú lá de mhí Bealtaine, 1773 i
gCarraig an Ime. Cé gur dán álainn atá ann, níl an tuairim sin ag formhór dream
óg na tíre seo de bharr go bhfuil an dán le fáil ar siollabas na hArdteiste.
Is as Ciarraí í Eibhlín Dubh Ní Chonaill. Is Aintín leis an bhFuascailteoir Domhnall
Ó Conaill í Eibhlín. Nuair a bhí Eibhlín thart ar cúig bhliana déag d’aois,
gealladh í go dtí fear darbh ainm Ó Conchubhair. Ba sheanfhear é agus fuair sé
bás sé mhí tar éis pósadh agus bhí Eibhlín fágtha ina baintreach. Bhuail Eibhlín
le fear darbh ainm Art Ó Laoghaire agus í ag tabhairt cuairt ar a deirfiúr i Maigh
Cromtha. Is ansin a thit sí i ngrá leis.
Rugadh Art é féin sa bhliain 1746. Caitliceach ab ea é. Bhí sé díreach tar éis
filleadh abhaile. Bhí post aige mar chaptaen in arm na hUngáire. Phós sé
Eibhlín sa bhliain 1767 cé nach raibh clann Eibhlín sásta leis an gcaidreamh. Tá
coimhlint ó bhéal idir Eibhlín agus deirfiúr Airt sa chaoineadh, rud a léiríonn an
choimhlint a bhí ann idir an dhá chlann. Shocraigh siad síos i gceantar darbh
ainm Ráth Luirc. Bhí beirt pháistí acu darbh ainm Conchubhar agus Fear. Bhí
Eibhlín ag iompar nuair a fuair Art bás. Bhí saibhreas ag Art agus thug sé saol

maith d’Eibhlín agus bhí teach breá mór acu i Ráth Luirc. Bhí an-ghrá ag an
mbeirt acu dá chéile.
Bhí an tír faoi riail Shasana ag an am seo agus cuireadh dlíthe i bhfeidhm ag tús
1689 a chur go leor brú agus strus ar Caitlicigh na hÉireann. Ba bhealach iad na
péindlíthe chun an lámh láidir a úsáid i gcoinne na Caitlicigh ionas go glacfaidh
siad le hEaglais na hÉireann. Bhí Art agus Caitlicigh na tíre curtha amach de
bharr na péindlíthe agus bhí Art thar a bheith crosta fúthu.
Péindlí amháin a bhí ann ná nach raibh cead ag Caitliceach ar bith capall a
choiméad a bhí níos luachmhaire ná cúig phunt. Bhí argóint mhór ag Art le
Protastúnach darbh ainm Abraham Morris a bhí ina tiarna talún chomh maith
le saighdiúir. Capaill a bhí mar chúis na hargóinte eatarthu. Chuir Morris brú ar
Art chun a chapall a dhíol dó ar chúig phunt. Nuair a dhiúltaigh Ó Laoghaire a
chapall a dhíol, bheartaigh sé Art Ó Laoghaire a mharú. Mharaigh sé Art ag
Carraig an Ime ar an gceathrú lá de mhí Bealtaine 1773. Tá Art le fáil i Mainistir
i gCill Chré.
De ghnáth, i gcaoineadh traidisiúnta tugtar moladh don té atá imithe chun na
bhflaitheas. Sin go díreadh cad atá le fáil i gCaoineadh Airt Uí Laoghaire. Mhol
Eibhlín í go hard na spéire, rud a léiríonn an grá agus gean a bhí aici dó. Thug sé
aire den scoth di sa teach breá mór sin. Mhaisigh sé an teach di agus ní raibh
uirthi obair ar bith a dhéanamh. Bhí sí den tuairim go raibh Art gan locht agus
gur thit sí i ngrá leis an chéad uair gur bhuail sí leis. Bhí scéal grá álainn acu ach
is iomaí cor a chuireann grá de.
Léiríonn an dán polaitíocht na tíre ag an am sin. An teannas a bhí idir na
Caitlicigh agus na Protastúnaigh. Bhí creideamh láidir ag Art agus bhí an ghráin
aige do na Protastúnaigh. Fear cróga a bhí ann agus ní raibh eagla air roimh na
Sasanaigh.
Is léir nár chreid Eibhlín go raibh a fear chéile chun bás a fháil. Is nóiméad
coscrach é nuair a thagann capall Airt ar ais go dtí an teach agus Art in
easnamh. Thuig sí láithreach bonn go raibh rud éigin tubaisteach tragóideach
tar éis titim amach.
Deirtear go bhfuil Caoineadh Airt Uí Laoghaire mar cheann de na caointe is
fearr i gcultúr na hEorpa. Deirtear gur dúirt sí roinnt de na línte ón gcaoineadh
agus í ag seasamh os comhair corp a fear céile. Ag deireadh an chaointe bhí
fonn mallaithe díoltais uirthi. Déanann sí cur síos ar na beirt pháistí atá fágtha
sa bhaile ag súil lena n-athair chun teacht abhaile, rud nach dtarlóidh arís.

Tá moladh tugtha don dán agus tá sé le fáil ar siollabas na hArdteiste faoi
láthair. Níl lucht na hArdteiste in ann taitneamh a bhaint as áilleacht an
chaointe toisc go bhfuil an-iomarca brú orthu chun an caoineadh a fhoghlaim
de ghlanmheabhair. Seo cad a tharla domsa leis an gcaoineadh seo. Ní raibh an
deis agam staidéar ceart a dhéanamh ar an dán toisc go raibh go leor brú orm
agus an Ardteist a bhí ar leac an dorais agam. Ach anois, agus mé tar éis
staidéar a dhéanamh ar ár dteanga dhúchais, bhí seans agam staidéar ceart a
dhéanamh ar an dán.
Molaim do dhuine ar bith atá ag iarraidh cur lena cuid Gaeilge díriú isteach ar
an gcaoineadh seo. Tá scannán le fáil atá bunaithe ar an gcaoineadh chomh
maith a fhoilsíodh sa bhliain 1975. Taispeánann an caoineadh sochaí na
hÉireann i rith an tréimhse sin, an teannas a bhí ann agus cé chomh deacair is a
bhí saolta na gCaitliceach. Faightear léirmheas ar an coimhlint a bhí idir na
Caitlicigh agus na Protastúnaigh.