
Caidrimh Tachta
By G E | Mar 31 2017
Tarlaíonn a leithéid de drochíde baile laistigh de caidrimh collaí ag aois na hollscoile, ach ní labhraítear faoi, roineann Niamh O Regan a cuid tuairimí ar an ábhar.[br]TOSAÍODH feachtas le déanaí ag leagadh an béim ar an tábhacht a bhaineann leo siúd a bhíonn i láthair agus drochíde baile ar siúl, ach nach bhfuil siad bainteach leis go díreach. Leagadh an béim ar na daoine seo, de bharr go mbíonn deis agus fiú dualgas orthu rud éigin a rá le duine éigin nó eagraíocht ar leith. Is leannán pósta a bhíonn i gceist iontu ar fad, ceann dóibh cloiseann an duine atá ag tabhairt cúram do na leanaí an troid agus an drochíde ag tosú.Ní bhíonn an drochíde teoranta do leannán pósta nó leannán óg nó meán aosta, ach is cinnte go mbíonn baint aici le muintir na hollscoile agus na caidrimh sin comh maith. Tá eolas faoi na hacmhainní cúnamh ar fáil éasca a dhóthain, ní gá ach cuardach ar líne agus bíonn an eolas ar fáil, ach ní bhíonn nós an eolas a chur i mbéal an phobal, nó fiú géilleadh go dtarlaíonn a leithéid de rud i measc daoine óga agus muintir na hollscoile. De réir Suirbhé Coiriúlachta na Breataine, is iad daoine óga idir na haoiseanna 16-24, aois na hollscoile. Bíonn breis shoghontacht ann comh maith le dhaoine ag freastal ar an ollscoil agus iad siar ó bhaile. Bíonn baol ann nuair a ngach mbíonn daoine fhiosach ar cad atá i gceist le caidrimh míshláintiúil acu. Nuair a smaoiníonn daoine ar chaidrimh míshláintiúil, nó drochíde idir leannán, bíonn an tuairmíocht ann don chuid is mó go mbíonn fadhbanna móra acu, go bhfuil an íde le feiscint go rí-shoiléir. Ní gá ach an oiread go mbeadh drochíde fisiciúla i gceist, bíonn a leithéid de rud ann is drochíde tochtach comh maith le drochíde gnéis, drochíde ó bhéil agus anois, drochíde teicneolaíochta comh maith. Is féidir leis na rudaí seo ar fad tarlú i slí ciúin, agus doiléir, ní bhíonn sé i gcónaí soiléir go bhfuil rud éigin mícheart ar bun. Nuair a luaitear “drochíde baile” is minic go smaoiníonn daoine ar bhallbhrúanna agus ar shúile dhubha, ón uair gur shiúil an duine istigh i ndoras, nó cófra a fhágadh ar oscailt. Ach ní hé an drochíde fisiciúla an drochíde is minicí, is minic go dtagann drochíde fisiciúla tar éis drochíde tochtach agus drochíde meabhrach, agus is orthu seo go gcaithfimid faire orthu agus go gá dúinn eolas a leagadh. Is annamh an duine a ceapann nach bhfuil fadhb ann le duine ag tabhairt buile dá bpáirtí, agus is minic go mbíonn fianaise de le feiscint.I measc na feachtais a mbíonn ar bun faoi sláinte agus folláine an duine agus iad dírithe ar mhicléinn ollscoile, ní bhíonn mórán de bhéime ar cad is caidreamh sláintiúil ann. Bíonn feachtais dírithe ar an sláinte meabhrach, ar drugaí, ar alcól, ar toiliú agus ar itheachán sláintiúil, ach ní ar chaidrimh pearsanta. Is in san ollscoil, nó i mblianta deiridh an mheánscoil go mbíonn an chéad nó an dara caidreamh seasmhach dáiríre ag mórán daoine agus mar sin is am rí-thábhachtach é seo ó thaobh cuir le chéile an íomhá de gnáth caidrimh folláine, trí féachaint ort féin nó ar cairde. Is cinnte go féidir imeacht chuig na seirbhísí comhairleoireachta, ach tá gá do tuilleadh eolais a scaipeadh, ionas go mbeadh daoine ar an eolas ar cad is caidreamh shláintiúil ann. Níl barraíocht éad sláintiúil, níl an nós de bheith i bhfeighil ar gach atá ar siúil ag do pháirtí, sláintiúil. Níl sé sláintiúil bheith ag magadh agus ag maslú de dhíth, nó ag lorg go mbeadh a gcomhghleacaithe ina sclábhaithe orthu.Ní hé an drochíde fisiciúla an drochíde is minicí, is minic go dtagann drochíde fisiciúla tar éis drochíde tochtach agus drochíde meabhrach, agus is orthu seo go gcaithfimid faire orthu”
Nuair a lorgaítear fíricí agus cás staideár bainteach le micléinn ollscoile, is in sna Stát Aontaithe go bhfuil an cuid is mó den eolas bunaithe, ní hé sin le rá nach dtarlaíonn a leithéid de rudaí ar an dtaobh seo den Atlantaigh, déanann, ach ní labhraítear faoi, agus caithfimid an comhrá seo a thabhairt chun cinn. Nuair a lorgaítear suíomhanna cabhrach faoin ábhar, is iad mná, go háirithe mná le páistí atá an aire dírithe, ar orthu siúd atá ina gcónaí leis an té atá thíos leis an drochíde. Ní hé nach bhfuil sé seo tábhachtach, ach d’fhéadfadh go gcuireadh sé as daoine, cabhair a lorg ó na suíomhanna seo de bharr nach gcloíonn siad leis an íomhá an atá á chur amach. Ach Is féidir le drochíde tarlú in aon áit, ag aon am do aon duine ar bith. Tá sé de dhualgas orainn aire a thabhairt agus eolas a scaipeadh chun cosaint a thabhairt dúinn féin agus dár gcomhscoláirí agus ba cheart dúinn an cosaint agus an eolas seo a lorg. Gluaisdrochíde baile- domestic abuse acmmhainní cúnamh- Géilleadh- surrender soghontacht drochíde tochtach- emotional abuse caidrimh míshláintiúil- unhealthy relationships ballbhrúanna- bruises sláinte agus folláine- health and wellbeing éad- jealously maslú-insulting íobartach- victim