Bua mór ag Foireann Díospóireacht UCD ag Oireachtas na Samhna!

Image Credit: Pixabay

Corn ag teacht ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath.

Bhí an bua ag foireann díospóireachta Chumann Gaelach UCD ag Craobh Díospóireachta Gael Linn, an comórtas 3ú leibhéal díospóireachta trí mheán na Gaeilge, ag Oireachtas na Samhna ag tús na míosa.

Is ceiliúradh den Ghaeilge é Oireachtas na Samhna, le comórtais sean-nós agus rince steipe, plé ar stádás na Gaeilge. Is deis den scoth é do na mílte duine chun an Ghaeilge a chur chun cinn. I mbliana bhí tuairim is 10,000 daoine i láithir, i mBéal Feirste mic léinn as UCD ina measc. 

Ceann de na buaicphointí do UCD ná an díospóireacht.

Bhí Aoife Ní Leocháin agus Eimear Nic Donnchadha mar bhaill den fhoireann, le Rónán O’hÍcí mar ionad. Tháining an Cumann Gaelach le chéile chun tacaíocht a thart dóibh, le rúnaí Aoibhínn Ní Eoichaidh, reachtaire Liam Aubin agus oifigeach díospóireacta Matthew Ó Domhnaill ag tabhairt lámh chúnta dóibh leis an tréanáil agus le roghnúcháin an fhoireann.

Is é an chéad bhua le deich mbliana do UCD sa chomórtas seo. Tháining an fhoireann sa dara háit an bhliain seo caite anuraidh agus tá dul chun cinn ollmhór feicthe ó thaobh caighdéan de.

Rinne an fhoireann plé ar an rún “Tá níos mó sochair ná dochar ag baint leis an intleacht shaorga!”. Bhí UCD agus Ollscoil na Gaillimhe i bhfabhar ar an rún le Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Coláiste na Tríonóide i gcoinne an rún. Bhí díospóireacht an-teasaí ann faoin Gceist.

Rinne gach foireann plé ar an athrú aeráide, an timpeallacht agus na healaíona. Ag deireadh an lae, d’éirigh le hargóintí UCD an lámh in uachtar a fháil ar na foirne eile. Labhair Aoife faoi na buntásití a bhainnean leis an IS san earnáil leighis, an méid ama a sháibháileann sé don gcóras leighis agus na mílte daoine a bhfuil chun sochar a bhaint as an IS ina shaol, go háirithe san Aifric. 

Rinne Eimear saor n-obair agus í ag déanamh bréagnú ar na foirne eile. Rinne sí cinnte go dtí na moltóirí go raibh dochar bainte leis an IS ach bhí rialtaisí, ollscoilleanna agus eagraíochtaí ag dul i ngleic leis an ndochar.

Dúirt sí nach maith le duine ar bith athrú, ach tá iomarca sochar ag baint leis, go háirthe sa slí ina gcabhraóinn sé sa Ghaeilge. Chuir sí in áirimh go n-úsaideann Údárás na Gaeilge an IS chun cabhrú le slánú na Gaeilge. Rinne Coláiste na Trionóide argóintí maith faoin easpa príomháideachas agus nach bhfuil a fhios againn cad é atá á dhéanamh ag comhlachtaí teicneolaíochta leis an IS.

 Ach, tar éis an chuid machnamh tháining Coláiste na Trionóide sa dara háit agus bhain UCD an bua amach.

Dúirt Aoife “Bhain mé an-taitneamh as an Oireachtas I mbliana agus gan dabht bhí bua díospoireacht Ghael Linn mar bhuachphointe na deireadh seachtaine!”.

Tugann an bua seo fuinneamh don nGaeilge agus díospóireacht in UCD. Tá súil ag an gCumann Gaelach go mbeidh feabhsú ar an méid daoine ag comhsháraitheach ag Maidens na Gaeilge tar éis an amach anseo.