D’fhág an domhan slán le Pápa Proinsias an tseachtain seo caite agus tá brón le brath ar fud an domhain faoi.
Tháinig ceannairí ó gach cearn den domhan go dtí an searmanas sochraide ar an 26ú Aibreán, in Basilica Naomh Máire Mhór sa Róimh. Anois tá cinneadh stairiúil le déanamh ag na Cairdinéil.
Fuair an Pápa bás ag 88 d’aois tar éis tinneas fada. D’fhreastail daoine ar nós an Uachtaráin Donald Trump, Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron, agus Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, ar a shochraid. Bhí cuimhneachán brónach ach ceiliúrtha ann ar a shaol agus ar an obair a rinne sé. Ach bhí scéal dearfach i lár an dorchadais, tháinig Trump agus Zelensky le chéile ag sochraid an Phápa chun síocháin a phlé.
Bhí Piazza Naomh Peadar dubh le daoine, agus go háirithe le lucht na meán cumarsáide. Bhí siad ann leis an tsochraid a chur ós comhair an lucht féachana domhanda. Anois, beidh caibidil nua i stair na hEaglaise. Gan dabht, d’fhág an Pápa Proinsias a lorg ar an Eaglais, mar, b’fhear lán le cráifeacht, comhbhá, agus tuiscint é. D’úsáid sé a ghuth cumhachtach ar son na mbocht agus na n-imirceach agus chothaigh sé comhráite idirchreidmheacha agus comhráite eile le síocháin dhomhanda a chur chun cinn.
Beidh súile an domhain ar an Vatacáin go luath mar beidh na cairdinéil ag bualadh le chéile ag an gcomhthionól cairdinéal nó ‘Conclave’ go luath chun Pápa nua a thoghadh. Ní fios fós cén treo a rachaidh cúrsaí ach beidh le feiceáil go deimhin.