Cloistear go leor faoin athrú aeráide i láthair na huaire toisc gurb é ceann de na clocha is mó ar phaidrín tromlach na tíortha ar domhan.
Is minic gur droch scéalta gruama a chloistear faoin aeráid agus mar sin bíonn drogall ar dhaoine cur agus cúiteamh a dhéanamh maidir leis na fadhbanna seo. Cé go bhfuil obair na gcapall amach romhainn chun tionchar na hathraithe aeráide a laghdú, is cinnte go bhfuil roinnt deá scéalta amuigh ansin maidir le hathrú aeráide in Éirinn i 2023.
Tá an “Tionól Saoránach ar Meathlú na mBithéagsúlachta” tar éis na míonta a chaitheamh ag déanamh imscrúdú agus taighde ar fadhbanna aeráide in Éirinn. Taistíonn uathu béim a chur ar na fadhbanna aeráide is práinní agus is tábhachtaí in Éirinn agus na fadhbanna seo chomh maith leis na moltaí atá scríofa acu, a léiriú don rialtas.
Déanfar na moltaí seo a fhoilsiú agus a chuir os comhar an rialtas taobh istigh de chúpla mí eile. Moladh amháin atá acu agus atá an-shuimiúil ná an moladh chun reifrean aeráide a bheith again sa tír. D’fhéadfaí go dtugfadh sé seo an ceart chéanna don bhithéagsúlacht agus atá ag an duine daonna. Ní fios cén tuaraim a bheadh ag an Rialtas maidir leis an reifrean seo, nó conas mar a chaitheamh pobal na hÉireann a gcuid vótaí, ach is seans iontach a bheadh ann d’Éireann a bheith mar cheannródaí ó thaobh na háeráide de.
Is scéal dóchais eile iad cathracha na hÉireann agus muid ag caint faoin taisteal. Tá an rialtas ag obair go dian dícheallach ar iompar poiblí. Tá athruithe móra á dhéanamh sna cathracha móra, ag athrú bóithre agus cosáin ionas go mbeidh na cathracha níos oirúnaí do rothaithe agus coisithe. Agus formhór na tíre ag cónaí i gcathracha, bheadh deis mhaith againn ‘15 minute city’ a bhunú fud fad na tíre. Is é sin go bhfuil na rudaí laethúla ar fad atá ag teastáil ó dhuine ar fail laistigh de chúig nóiméad déag ag rothaíocht nó siúl. Chabhróidh raon rothair nua, iompar poiblí níos éifeachtaí agus scaipeadh leathan d’áiseanna agus seirbhísí leis an aidhm seo a bhaint amach, pleananna ar fad atá ar na bireáin ag an rialtas. Cinnte ní féidir neamhaird a dhéanamh ar an bplean atá ann atá ann meitro a thógaint amach chuig aerfort BÁC. Buntáiste ollmhór a bheadh anseo do phobal na hÉireann, ach go háirithe BÁC agus é chomh áisiúil taisteal amach chun na haerfort.
Ó chathracha go ceantair tuaithe, tá dul chun cinn ag tarlú. Tá forbairt mhór tar éis teacht ar an tuiscint atá againn ar an mbithéagsúlacht sa tír seo. Tá na comharlaí cathracha ag caitheamh níos mó ama chun ceantair ‘fhiáin’ bhunú. Ní húsáidtear ceimiceáin díobhálacha mar shampla fiailnimh anseo agus tugann sé seo seans do na plandaí, feithidí agus ainmhithe beaga áit cónaithe agus bia a bheith acu nach bhfuil scriosta le nimh. Tá obair mhór á déanamh i gceantair tuaithe chomh maith, chun crainn dhúchasacha a chur seachas crainn shíorghlas. Cruthaíonn na crainn dhúchasacha ceantair tuaithe atá oiriúnach do fhlóra agus fána na tíre seo agus tugann sé deis dóibh fás agus atáirgeadh mar is ceart a dhéanamh. Spreagann na pleananna seo an bhithéagsúlacht in Éirinn agus tá go leor buntáistí aeráide eile bainteach leo freisin.
Bí cinnte nach bhfuil mé ag rá go bhfuil tír na hÉireann ana-mhaith ó thaobh na haeráide de, d’fhéadfaí a rá gur a mhalairt de scéal atá ann i ndáiríre. Tá Éire i bhfad taobh i gcomparáid le formhór na hEorpa maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide agus is minic nach dtugtar an t-am nó na haiseanna cearta do chúrsaí aeráide. Anois agus muid ag cur tús leis an mbliain 2023, tá deis againn ár mbotúin a réitiú. Cinnte, táimid i bhfad siar ach mar sin féin, tá deis iontach againn feabhas ollmhór a chur ar cúrsaí aeráide. Titeann an chuid is mó den dualgas sin ar an rialtas agus ar comhlachtaí móra agus iad ag déanamh cinntí faoi na cruacheisteanna tábhachtacha. Is buntáiste é gach gníomh a dhéantar ar son na haeráide áfach agus mar sin roimh, dom críoch a chur leis an alt seo, roinnfidh mé cúpla moladh beag libh.
- Cupán In-Athúsáidte - tabhair cupán in-athúsáidte timpeall leat agus déanfaidh tú airgead a shábháil agus d’úsáid phlaisteach a laghdú
- Rothar - is infheistíocht iontach é rothar. Beidh tú in ann airgead a shábháil go fad téarmach agus do chuid aistíochtaí laethúla a laghdú
- Nósanna Laethúla - déan iarracht tosnú le nós aeráide nó dhó gach lá mar shampla soilse a mhúchadh, uisce te a chaomhnú nó athchúrsáil ceart a dhéanamh.
Bailíonn brobh bart agus is cabhair é gach gníomh ar son na haeráide.