Níl aon dul as go bhfuil áit lárnach ag alcól i gcultúr shóisialta na tíre. Scríobhann Shane Mac Dhomhnaill faoi an ghaol a bhaineann le h-athoscailt na dtithí tabhairne.
Bhí díomá ar poibliceánaigh agus muintir na poiblí araon le roinnt míosa anuas de bharr na tithí tabhairne “fhliuch” a bheith dúnta. Tá athoscailt na tithí tabhairne curtha ar ceall trí h-uaire go dtí seo - na srianta ar tithí tabhairne in Éireann, ba iad na srianta is faide san Eoraip. Tá tithí tabhairne fós dúnta ón uair gur dúnadh iad i mí an Mhárta ach beagnach sé mhí níos déanaí tá trácht anois, faoi dheireadh, ar athoscailt na dtithí tabhairne. Tá poibleacánaigh ar mire de bharr an baol a cruthaíonn na srianta seo don earnáil céanna - tá scéalta na h-áiféise cloiste againn go léir maidir le siopaí is caiféanna atá i ndiaidh a dhúnadh de bharr an ghantannas atá á bhfulaingt acu. Tá an tréimhse sé mhí anuas i ndiaidh ceisteanna a ardú maidir le ghaol na h-Éireannaigh le tithí tabhairne agus le h-alcól go deimhin. Tá sé cloiste ag gach éinne le tamall anuas - “an chéad rud a dhéanfainn i ndiadh Covid ná pionta a bheith agam, gan trácht ar béile shubstantiúil ar a bhfuil costas €9 ar.” Ach an é an pionta atá de dhíth orainn, nó an é an chomhluadar agus an craic a bhaineann le turas spontáineach chuig an mbeár a bhraithimid uainn?
Níl aon dul as go bhfuil áit lárnach ag alcól i gcultúr shóisialta na tíre. Táimid braon de steiritíopaí a thagann ó Mheiriceá agus ón mBreatain maidir le h-Éireannaigh ólta - ach is gá aghaidh a thabhairt ar an ról faoi leith ag alcól inár sochaí. Chun tuiscint a bheith againn ar an ró-ól (binge drinking) seo, b’fhearr breathnú ar roinnt statisticí.
- Is ionann an ól a dhéanaimid agus 498 pionta beorach in aghaidh an duine thar aois cúig bliana déag, in aghaidh na bliana.
- Déantar 75% den ól seo i rith sheisiún ina mbíonn ró-ól ar siúil.
- Tá Éire mar cheann de na 6 tír is measa sa domhan ó thaobh an ró-ól de.
Ach cén fáth go dtárlaíonn an oiread seo ól alcól in Éirinn? Fáth amháin atá ann ná gur cineál deasghnáth é an ól agus muid ag fás aníos. Den chuid is mó, mhairceáltar gach cloch mhíle le sheisiúin alcól. An cuid is mó de dhaoine, go starógach, chuaidear ag ól nuair a bhfuaireadar a thorthaí den Theastas Sóisearach, mar shampla. Tosaíomar ar an nós a bheith ag ól chun na h-ócáidí seo a cheiliúradh agus muis ag dul in aois. Seans an-mhaith ann go ndéanaimid ar fad ceangailt go fo-chomhfhiosach idir ól alcól agus an cheiliúradh.
Ach cad maidir le na h-ócáidí nach bhfuil aon rud á gceiliúradh againn? Seans ann go gcruthaíomar cúiseanna bheith ag ceiliúradh i ngan fhios dúinn féin. Glacamar cibé deis atá ann dúinn rud éigin a cheiliúradh. Idir aththosnú an Premier League; aththosnú na cluichí CLG Uile-Éireannach; fiú deireadh seachtaine crua oibre a shroichint - i gcónaí bíonn fáth againn dul ag ceiliúradh.
Cé go mbíonn alcól mar páirt lárnach den cheiliúradh seo, is é suíomh na cheiliúraithe atá chomh tábhachtach, b’fhéidir, leis an alcól é féin. Cé go bhfuil deireadh leis an dianghlasáil, den chuid is mó, le tamall anuas, tá fonn fós ar na tithí tabhairne a oscailt. Tá na mbialann ar oscailt ar feadh cúpla míosa go dtí seo agus tá alcól le fáil go bhforleathan sna siopaí. Níl mórán bacanna ann chun deoch a aimsiú. Cén fáth, mar sin, a bhfuil éílimh chomh mhór sin ar athoscailt na dtithí tabhairne?
Táimid go léir deasghnách mar dhaoine. Tá sé seo le feiscint i ngach réimse den tsaol in Éireann. Ón gcreidimh go dtí an scolaireacht go dtí na cuid caitheamh aimsire atá againn, táimid dúghafa le deasghnátha an tsaol. Sa creidimh Caitliceach, is deasghnáth é an Chéad Chomaoineach a dhéantar i scoileanna Chaitliceach.
Ó thaobh na scolaireachta de, tá sé lán de deasghnátha éagsúla - ón chéad lá ar scoil, díreach thuas chuig aimsir na h-Ardteistiméarachta. Feictear an dúghabháil seo in áiteanna eile, freisin, ar nós an ócáid “Darkness Into Light” a cuireann Pieta House ar siúl chuile bhlian chun grianstad an tsamhraidh a mharcáil. Is léir go bhfuilimid tógtha le na deasghnátha seo a líonann ár saoil.
Ach cad ann a bheith ag bualadh sa teach tabhairne le grúpa cairde ach deasghnáth? Ag cur uainn smaointí maidir le h-alcól agus an ró-ól, is suíomh shóisialta iad na dtithí tabhairne ina mbuailimid lenár gcomhleacaithe is ár gcairde. Is áiteanna iad inár féidir scéalta a insint agus dath a chur ar na h-imeall dár saoil nach bhféadfaimis a dhéanamh in áiteanna eile. Ní hé an pionta beorach nó an G&T ach codáin den cúis a mhealtar na mílte daoine chuid tithí tabhairne chuile deaireadh seachtaine. An príomh-rud a tharraingítear daoine chuig na dtithí tabhairne chuile sheachtain ná an craic agus an comhluadar atá le h-aimsiú ann.
Na staitisiticí atá luaite agam thuas, déantar íomhá dhuairc a chruthú den ghaol atá againne le h-alcól. Níl aon dul as gur ceann de na tíortha is measa í Éireann i leith an ró-ól. I measc an dorchadas agus an éadóchas atá le bhraith sa tír de bharr Covid, áfach, tá deis againn athbhreithniúcháin a dhéanamh ar ár gcuid ól. Na srianta atá ar na dtithí tabhairne le tamall anuas - ar nós seirbhís boird amháin a bheith ar fáil, gan na sluaite daoine bheith bailithe mór thimpeall ar an mbeár ag caitheamh siar piontaí - tugann siad deis dúinn ár nósanna i leith an ól a mheas. Is fear beáir mé agus tá na h-athruithe atá i ndiaidh theacht ar nósanna an poiblí feicthe agam. De bharr na srianta Covid, tá an mheasarthacht ag baint le h-ól daoine. Níl sé ceadaithe a thuilleadh bheith suite ar feadh trí nó ceithre uair an chloig agus scata mhór piontaí a chuir siar. An ól alcól a dhéantar anois, den chuid is mó, bíonn an mheasarthacht agus an ghnáthchialla ag baint leis. Cibé athruithe a thagann i ndiaidh ré Covid, tá an deis ann dúinn ár ngaol le h-alcól a mheas agus a dheisiú.