Léirigh Bolg an tSolair mórtas cine agus mórtas náisiúnta.
San ochtú agus naoú céad déag tháinig fealsúnacht chun tosaigh san Eoraip. Ba iad teanga agus náisiún eochairchoincheapa na fealsúnachta áirithe seo. Chreidtear go forleathan go raibh anam ag gach aon tír agus gurb í na coincheapa sonrach seo a chruthaigh tír neamhspleách. Is sa tréimhse seo gur tháinig cumainn athbheochana ar an bhfód in Éirinn leis an bhfealsúnacht seo a chur chun cinn acu.
Dhá chumann athbheochana a tháinig chun cinn sa tréimhse seo ná Éire Óg agus na hÉireannaigh Aontaithe. Bhunaíodh na hÉireannaigh Aontaithe sa bhliain 1791 chun feachtas a dhéanamh le haghaidh leasú parlaiminte. Bhí Tiobóid Wolfe Tone agus Thómas Ruiséil beirt bhunaitheoirí den Éireannaigh Aontaithe. Chreid an bheirt seo go raibh an teanga náisiúnta mar cheann de na tréithe is tábhachtaí a bhí ag tír ar bith. Is í seo an chreidiúint a bhí ag an bhfealsamh Gearmánach Johann Gottlieb Fichte agus is ó Johann Gottlieb Fichte gur fuaireadar na tuairimí seo.
Is ón inspioráid agus creidiúint seo gur tháining Bolg an tSolair ar an bhfód, irisleabhar Gaeilge a bhí curtha i gcló chun béim a chur ar tábhacht buntenaga na tíre. Ba é Thómas Ruiséil mar an ball is mó sa chumann a bhí spéis aige sa Ghaeilge. Bhí Tómas Ruiséil agus Pádraig Ó Loingsigh mar bheirt údair ó Bholg an tSolair. Scoláire agus scríobhaí Gaeilge ab ea Pádraig Ó Loingsigh agus bhí é féin agus Tómas Rúiséil mar bheirt údair ó Bholg an tSolair.
Bhí cur síos déanta ar áilleacht na teanga agus tábhacht bhunteanga tír mar príomhtréith a bhaineann le náisiún. Bhí an teoiric seo le fáil san iris. Bhí béim curtha ar an riachtanas don teanga chun náisiún ceart a chruthú. Bhí béim curtha ar ceol agus filíocht na tíre san iris comh maith. Léiríonn an iris seo an tábhacht a bhain le náisiún agus teanga agus chun go mbeidh náisiún ann, bhí bunteanga ag teastáil.
Ní raibh ach eagrán amháin de Bholg an tSolair ach bhí sé ríthábhachtach d’Athbheochan na Gaeilge. Bhí dhá aiste le fáil san irisleabhar. Ceann amháin ó Pádraig Ó Loinsigh agus ceann eile ó Charlotte Brooke. Beirt an-thábhachtach a bhí bainteach leis an Athbheochan.
Léirigh Bolg an tSolair mórtas cine agus mórtas náisiúnta. Rinne na hÉireannaigh Aontaithe iarracht náisiún a chruthú thar na blianta ach an toradh a tháinig ó shin ná éirí amach 1798. Theastaigh óna hÉireannaigh Aontaithe tír daonlathach, neamhspleách a chruthú ach rugadh buadh orthu.
Grúpa eile a bhí bainteach leis an Athbheochan ná an cumann Éire Óg. Theastaigh ón gcumann Athbheochan na Gaeilge a chur i gcrích. Cad a bhí i gceist leis an gcumann Éire Óg ná grúpa a theastaigh aisghairm a dhéanamh ar an tír. An sprioc a bhí acu ná chun náisiúnachas a spreagadh sa tír agus tábhacht na Gaeilge a spreagadh sa tír comh maith.
Fear a bhí mar bhall den chumann seó ná Thomas Davis. Bhí sé eolach ar theangacha agus bhí suim mór aige sa Ghaeilge. Chreid sé nach ba cheart go mbeadh neamh aird tugtha go dtí stair na hÉireann nó go mbeidh an Bhéarla mar céad teanga sa tír agus teanga na tíre, an Ghaeilge mar mhionteanga.
Bhain lucht na hÉireann Óige úsáid as an nuachtán ‘The Nation’ chun stair agus cultúr na tíre a chur chun cinn. Fiú amháin, an t-ainm den páipéar, léiríonn sé meon an cumann agus an sprioc a bhí acu. Scríobh Davis altanna sa pháipéar faoin nGaeilge agus an tábhacht a bhain leis. Bhí sé mar príomhduine an cumann a theastaigh an Ghaeilge a chur chun cinn. Shíl sé go raibh mórán tábhachta ag baint leis an nGaeilge. Chreid sé go raibh an Ghaeilge ag teastáil chun náisiún a chruthú. Níl aon amhras ina thaobh go raibh Davis cinnte nach féidir náisiún a bheith ann gan bhunteanga na tíre.
Ní raibh lucht na hÉireann Óige in ann dul chun cogaidh I gcoinne Sasana agus bhíodar ag iarraidh aontacht chultúrtha a chruthú chun tionchar Sasana a laghdú sa tír agus náisiúin neamhspleách a bhunú. Is féidireacht dealraitheach í go raibh inspioráid faighte ag Davis maidir leis an mbunteanga agus náisiún ó bhfoinsí ón Ghearmáin mar shampla Johann Gottfried Herder, Wilheim Von Humboldt agus Johann Gottlieb Fichte. Bhí tuiscint ag an nGearmáin go raibh anam ag gach náisiún.
B’ionann teanga agus cultúr agus b’ionann cultúr agus teanga. Seo an meon a chreid von Humboldt. Mar Fichte, chuaigh Wilheim von Humboldt I bhfeidhm ar Davis. Bhí Davis ag iarraidh an meon seo a roinnt le pobal na tíre agus is tríd ‘The Nation’ a rinne sé iarracht a grá don theanga a roinnt. Chun go mbeadh stádas náisiúin neamhspleách ag an tír seo ní féidir a shéanadh go bhfuil bunteanga ag teastáil ag an tír.
Bhain an-rath ar an gcumann Éire Óg agus an páipéar a foilsíodh darbh ainm The Nation. Bhí thart ar 250,000 léitheoir acu agus bhí níos mó rath ag an bpáipéar seo ná aon pháipéar lonnaithe i mBaile Átha Cliath ag an am seo. Is fíor le rá gur chuadar i mbéim ar go leor daoine maidir leis an teoiric a bhí acu maidir le náisiún. Cé gur chuir Davis béim ar an nGaeilge, chreid sé nach raibh athrú chun teacht ar an stádas a bhí ag an mbunteanga.
Cé gur bhain na dhá chumainn athbheochana seo éacht mhór amach leis an méid tacaíocht a bhfuair siad agus an t-eolas a chur siad ar fáil don phobal, níor éirigh leo stádas an Ghaeilge a chur in ardú mar a theastaigh uathu. Scaip meon an náisiúin thar timpeall na tíre agus chuaigh sé i bhfeidhm ar chuid maith daoine ach faoi dheiridh bhí ró-thionchar ag an mBéarla sa tír agus bhí an Ghaeilge mar an dara teanga. Cé go bhfuil sin fíor, bhí níos mó béim curtha ar an nGaeilge sa tír mar gheall ar obair na gcumann seo.