Tuairiscíonn Shane MacDomhnaill faoin ardú phraghas a chuir COBÁC ar lóistín ar an gcampas i mbliana.
Den bhlian acaidiúil 2021/22, d’ardaigh Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath costasaí lóistín ar an gcampas. Is é costas an rogha is saoire ar an gcampas ná €8,059, le roghanna chomh costasach le €14,465 i gcomhair dhá sheimeastar. Is ardú é seo ón bhliain seo chaite, áit ina bhí an rogha is saoire €6,796 i gceantar cónaithe Merville. Ba é annuraidh an chéad uair le blianta anuas gur tháining laghdú ar costasaí, a tháining de bharr na pandéime. I mbliana, áfach, rinneadh an cinne praghasanna a ardú arís - ardú de beagnach 20% ar an lóistín is saoire, agus ardú de 36% ar an lóistín is costasaí. Chomh maith le sin, tá méadú de 118% tagtha ar costas lóistín i COBÁC ón bhiain 2007/2008.
Ag labhairt le The University Observer, dúirt Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn Choláiste na hOllscoile, Ruairí Power:
“Níl aon muinín ar bith againn go ndéanfaidh an stratéis lóistín atá an Ollscoil ag leanúint aon rud chun spásanna inacmhainne a chruthú. Tá COBÁC sásta an ualach a chur ar mic léinn idirnáisiúnta atá níos saibhre chun táillí airde a íoc. Mar gheall ar sin, tá siad ag leanúint ar aghaidh ag forbairt foirgnimh galánta dóibh.
Úsáideann an Foireann Bainistíocht na hOllscoile mic léinn as tíortha eile mar fhoinse ioncaim neamhtheoranta i slí leithleasach. Léiríonn sé sin droch-mheas bunúsach ar mic léinn nach bhfuil saibhir. Bréagnaíonn an ndroch-cheannaireacht sin an obair sárthábhachtach atá le déanamh ag an foireann ALL agus baill foirne timpeall na háite chun baccanna chostais a laighdiú. Déanann na polasaithe sin idirdhealú idir mic léinn, agus i mo thuairim déanann sé dochar ollmhór do íomhá poiblí na hollscoile.
Mar thoradh ar na polaisaithe sin, bíonn ar an iomarca mic léinn turas fada a thaisteal gach lá. Caithfidh an rialtas idirghabháil a dhéanamh, agus lóistín inacmhainne amháin a mhaoiniú. Niór chóir go thabharfaí pingin rua go COBÁC chun leanúint ar aghaidh le baoth-thoghraí mar seo. Níl aon chall do aon duine a chreideann gur chóir ollscoil a rith cosúil le gnó a bheith mar chuid de cheannasaíocht na hollscoile."
Más fíor é an méid atá á mhaíomh ag Ruairí Power, is polasaithe ciniciúil, leithleasach atá in áit ag an Ollscoil - polasaithe nach ndeánann ardoideachas a bhfuil teacht ar a chur chun cinn. Is ceist í an chesit seo maidir le eiticí agus le mhóráilteacht. Ar chóir institiúd oideachais a rith chosúil le fiontar? Cuireann an cuir chuige seo mí-eagar iomlán ar comharsaí ollscoile toisc nach iad na daltaí is oiriúnaí de ghach cúrsa a bhéas ag teacht go COBÁC, ach na daltaí go bhfuil sé de chumas acu íoc as lóistín ar phraghas teannta, ar bharr na táillí clárúcháin.
Le costasaí árda lóistín, tá bac eile curtha os comhair mic léinn ó chúlra ioncaim íseal agus mic léínn ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath atá i gceist acu freastal ar COBÁC. Cuireann na bacanna seo leis an argóint gur don scothaicme amháin é an oideachas triú leibhéal.
Tagann sé seo in anneoin suaitheadh na mhic léinn a bhí greamaithe ag íoc as lóistín an bhlian seo chaite, cé nach raibh aon ranganna aghaidh ar aghaidh ar siúl. Le linn an tSamhraidh, chuir caibinéid Rialtas na hÉireann rialúcháin i bhfeidhm maidir le cearta tionóntaí. I mbliana, ní bheidh ach éarlais agus cíos i gcomhair mí amháin ag teastáil sula mbogann mic léinn chuig a lóistín. Chomh maith le sin, beidh sé de cheart ag tionóntaithe deireadh a chuir lena gconradh tionóntais le réamhfhógra 28 lá, i gcás drochárdú de chásanna Covid-19. Tá an cuma ar an scéal go bhfuil bainistíocht COBÁC ag tapú an deis chun brabús sa bhreis a chairneadh chomh luath is gur féidir, ar an mbaol go gcaillfidh siad roinnt cíos níos déanaí sa bhliain i gcás dianghlasáil eile. Tá sé deacair éalú ón gconclúid sin nuair atá ardú chomh géar seo tagtha ar chostais lóistín i mbliana.
Is iad na mic léinn nach féidir leo fanacht sa bhaile i dteach a dtuistí a bhéas curtha amach ag an ardú seo, a bhéas orthu breis is €1,000 sa bhreis a aimsiú chun an cíos seo a íoc. Is mór an méid é sin d’éinne atá orthu post páirt-aimseartha a choimead in éineacht lena chuid staidéar. Is cosúil nach bhfuil aird tugtha de na mic léinn a dtiteann isteach sa déimeagrafach seo - ní bheag an ghrúpa atá ann.
Tá Comhaltas na Mac Léinn COBÁC ag labhairt amach i gcoinne an ardú chostais seo le roinnt míosa anuas. Go dtí seo, níl aon fhreagra tugtha ag bainistíocht COBÁC maidir le cén fáth gur chuireadar an ardú chostas seo i gcrích, agus má tá sé ar intinn acu breis lóistín inachmhainne a chur ar fáil amach seo.
Chuaigh The University Observer i dteagmháil le COBÁC chun trácht a thabhairt gan fhreagra faighte go fóill.